An Klondike ag na IFTAS – ní bhlifear aon bhó i Muiceanach Idir Dhá Sháile go ceann seachtaine!

Fear uasal, geanúil, fear atá teann as a dhúchas agus aisteoir den scoth é Dara Devaney a chroch leis duais IFTA don dráma 'An Klondike'

maxresdefault

Ní bhlifear aon bhó i Muiceanach Idir Dhá Sháile go ceann seachtaine! Oíche Dé Sathairn chroch aisteoir ón mbaile sin i gConamara duais IFTA leis dá thaispeántas sa tsraith drámaíochta An Klondike (searmanas IFTA ar an Satharn a craoladh ar TV3 aréir). Aon duine a choimeádann súil ar dhrámaíocht na Gaolainne (stáitse agus teilifís) beidh a fhios acu go bhfuil an t-aitheantas seo tuillte go maith ag Dara Devaney. Le blianta beaga anuas bhí sé le feiscint i gcuid mhaith de tháirgí Gaolainne agus taispeántais chuidsúlacha á dtabhairt uaidh aige i gcónaí.

Breis agus deich mbliana ó shin, i saol eile ar fad, bhí sé de phribhléid agam a bheith ar aon stáitse le Dara Devaney agus níor ghá a bheith id shaineolaí lena chumas a aithint láithreach. Tá fisiciúlacht, cumas grinn agus aithriseoireachta iontach ann, tréithe nár baineadh lán-úsáid astu go dtí seo, dar liom.

Fear uasal, geanúil é Dara Devaney, fear atá teann as a dhúchas agus nach bhfuil aon rian den éirí in airde ann in ainneoin a chumais agus a ghaiscí.

Tréaslaím a bhua leis.

Ba dheas leis gur taispeántas as Gaolainn a thuill an gradam sin dó. N’fheadar cad deir an gníomhaire aisteoireachta úd a chuir an cheist ‘Can you act in English as well?’ air tráth.

Ambaiste, b’fhéidir go mb’fhearrde an cheist chéanna, droim ar ais, a chur ar lucht an Bhéarla óir go ndein scannán buachaillí bó Chonamara slad ar a chéilí comhraic i saol an Bhéarla, ina measc Rebellion, clár gustalach RTÉ le halumnus Love/Hate.

D’éirigh le Klondike ceithre ghradam a chrochadh leis as naoi n-ainmniúchán, ceann don saothar drámaíochta is fearr ina measc.  Gaisce dochreidte a chuirfidh corc iontu siúd a bhfuil dearcadh uasal le híseal acu i leith shaothair drámaíochta na Gaolainne.

Ba chóir a rá, áfach, gur dráma dátheangach a bhí in An Klondike, agus tá súil againn nach rachaidh an dátheangachas agus na hIFTAs ar fad go dtí an ceann ag lucht coimisiúnaithe agus bainistíochta TG4.

Maidir le lucht IFTA iad féin, bhíodar maolchluasach go maith dhá bhliain ó shin nuair ba dhóbair gur cuireadh an fiontar ar fad go tóin poill nuair a deineadh cluais mhuice den searmanas. Chaith RTÉ an fiontar i dtraipisí, chuaigh TV3 ar an stiúir agus cuireadh an deimheas ag obair.

Séard atá anois againn ná clár níos tathagaí agus é á chraoladh i ndiaidh na hócáide. Ba é gradam saoil Liam Neeson buaicphointe na hócáide, fear a bhfuil a cháil imithe i méid go mór le blianta beag anuas de bharr an ‘particular skill set’ a bhí á léiriú aige sa tsraith Taken.

Go deimhin dhein an tUachtarán féin tagairt dó seo ina óráid dheisbhéalach. Is liosta le háireamh é, áfach, na saothair stuifiúla a raibh Neeson páirteach iontu; ó Schindler’s List (1993) go Kinsey (2004) agus Seraphim Falls (2006) go Nell (1994). Go deimhin b’éagóir chríochnaithe é nár bronnadh duais Oscar air dá thasipeántas mar Oskar Schindler. Ba dheas, ba mhacánta agus ba mholtach  mar a labhair Steven Spielberg, Martin Scorsese, Harrison Ford agus Ralph Fiennes faoi agus bhí an píosa réamhthaifeadta sin snasta agus cuí. Ghlac Liam leis an duais go humhal agus scéal grinn á insint aige faoi Clint Eastwood.

Thagair sé go bródúil don dul chun cinn atá déanta ag Éireannaigh in Hollywood.

Cá bhfios ná go mbeadh fear Mhuiceanach ina measc go luath?

Fág freagra ar 'An Klondike ag na IFTAS – ní bhlifear aon bhó i Muiceanach Idir Dhá Sháile go ceann seachtaine!'

  • Concubhar

    Nach oíche Dé Sathairn, arú aréir agus mé á scríobh seo déanach Dé Luain, seachas oíche aréir Dé Domhnaigh, a bronnadh an IFTA ar An Klondike – tuillte go maith?

  • Breandán M. Mac Gearailt

    Bhí an searmanas ar an Satharn.
    Craoladh iarbheo ar an Domhnach.
    Tá seo luaite i gcló trom i dtosach an ailt.