Níor tugadh oiread is litir amháin eile i nGaeilge don togra Letters of 1916 ó iarradh ar an bpobal aon litir Ghaeilge a bhí acu ón tréimhse réabhlóide a uaslódáil ar shuíomh an togra an mhí seo caite.
Tá 2,600 litir ar fad cnuasaithe ag an togra go dtí seo ach níl ach 14 acu sin i nGaeilge. D’óstáil an cuntas @Letters1916 comhrá beo i nGaeilge an mhí seo caite a dhírigh ar litreacha i nGaeilge.
Bhíothas ag súil go spreagfaí an pobal chun litreacha Gaeilge a scríobhadh ó mhí na Samhna 1915 go mí na Samhna 1916 a aimsiú agus a uaslódáil ar an suíomh ach dar le stiúrthóir an togra, Emma Clarke, níor uaslódáladh oiread is litir amháin i nGaeilge ó shin.
“Tá sé fós deacair orainn litreacha a scríobhadh i nGaeilge a aimsiú – ní bhfuair muid oiread is ceann amháin breise ó d’iarr muid ar an bpobal litreacha Gaeilge a aimsiú. Tá an-iontas ar gach duine atá ag obair ar an togra nach bhfuil ach na ceithre litir déag ann agus níl a fhios againn go baileach cén fáth nach bhfuil níos mó faighte againn.
“B’fhéidir gurbh é an chaoi go rabhthas ag labhairt Gaeilge ach nach rabhthas ag scríobh inti nó nach raibh scríobh na Gaeilge ag daoine áirithe. Tá cúpla teoiric againn ach níl machnamh cheart déanta againn orthu,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.
Tabharfar an togra anois go dtí an chéad chéim eile. Tá rannóg nua á déanamh ar an suíomh i láthair na huaire ar a mbeidh an pobal in ann na litreacha a uaslódáladh agus a trascríobhadh a chuardach de réir áite, údair agus príomhfhocal. Go dtí seo, ní raibh teacht ach amháin ag foireann an togra ar chuardach dá leithéid.
Beidh an rannóg uaslódála fós oscailte ar an suíomh freisin agus beidh an pobal in ann íomhá dhigiteach de litir a scríobhadh le linn na tréimhse réabhlóide a uaslódáil ar an suíomh.
“Teastaíonn buneolas uainn faoi na litreacha a uaslódáiltear freisin, ach is iondúil go mbíonn sé sin ag an duine a thugann dúinn í. Ainm an údair, an dáta ar scríobhadh í, cé chuige ar seoladh í, cén contae as ar tháinig sí agus araile, ach is minic a bhíonn na litreacha ag duine de mhuintir an té a sheol í nó a fuair í agus bíonn an t-eolas sin ar láimh,” a mhínigh Clarke do Tuairisc.ie.
Is féidir na litreacha Gaeilge atá cnuasaithe go dtí seo a léamh ar shuíomh Letters of 1916’. Tá litreacha ó pheann an Phiarsaigh, Chathail Bhrugha agus Éamoinn Cheannt ina measc sin, chomh maith le comhfhreagras idir Piaras Béaslaí a bhí ina Leas-Cheannaire ar an gCéad Chath sna hÓglaigh i 1916.
Ba í Emma Ní Chearúil, Forbróir Ardán Ilmheán le Conradh na Gaeilge a stiúir an comhrá beo ar Twitter i mí Iúil. Dúirt sí le Tuairisc.ie go bhféadfadh sé go bhfuil “litreacha ag daoine sa mbaile nach dtuigeann siad toisc go bhfuil siad i nGaeilge nó nach dtuigeann siad an luach staire atá acu”.
Reáchtálfar ócáid eolais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i lár mhí Dheireadh Fómhair ag a mbeidh deis ag muintir na háite páirt a ghlacadh i gceardlanna faoi na litreacha, freastal ar léachtaí staire agus litreacha atá acu sa bhaile a thabhairt isteach chuig lucht stiúrtha an togra.
Reáchtáladh a leithéid d’ócáid i mBéal Feirste agus Baile Átha Cliath cheana féin agus tá ceann eile beartaithe do Chathair Chorcaí go luath freisin.
Idir an dá linn, is féidir teagmháil a dhéanamh le stiúrthóirí Letters of 1916 ar Twitter, Facebook nó trí ríomhphost a chur chucu ag letters1916@gmail.com.
Fág freagra ar '‘An-iontas’ ar lucht Litreacha 1916 faoina laghad litreacha Gaeilge atá faighte go dtí seo'