An Intleacht Shaorga – is í badhbh badhbh cheardchumainn na múinteoirí í

Tabharfaidh an intleacht shaorga cothrom na Féinne do chuile shéitéir feasta

An Intleacht Shaorga – is í badhbh badhbh cheardchumainn na múinteoirí í

Is iontach go deo an scaoll atá á chothú ag ChatGPT agus an bhail a chuirfidh an intleacht shaorga ar an duine agus ar an saol. Is í badhbh badhbh cheardchumainn na múinteoirí í agus iad tar éis imní a léiriú go mbeadh tascanna ranga na ndaltaí á ndéanamh le cuidiú na teicneolaíochta seo agus measúnú á ndéanamh orthu do scrúduithe stáit. An gcuimhníonn aon duine anois ar an scéin a bhíodh roimh an áireamhán faoi cheilt ag an scrúdú Matamaitice?

Ochón, ochón!

Bhéarfá an leabhar go raibh comhionannas agus cothrom na Féinne ag gasúir sna scrúduithe stáit riamh anall agus nár shaothraigh aon bhall dá gcuid íocaíocht riamh ar ranganna breise.

Agus mise ag gabháil ar scoil bhíodh nós ag múinteoirí bunscoile go leor ranganna iarscoile a chur ar fáil dá gclann féin agus clann na mboicíní le go bhfaighidís na scoláireachtaí Comhairle Contae agus scoile a bhíodh ann an t-am sin. Ní mé an raibh aon mheabhair chinn níos géire ag an dream sin thar chlann na sclábhaithe nach bhfuair an druileáil sin. Cé acu dream a sheachain an bád bán agus cé atá ag rith na tíre agus na ngairmeacha ó shin? An míniú a bhforás saorga ar chuid den phraiseach a rinneadh ó shin?

Ní fada an t-achar ó ghlaoigh bean aitheantais orm, iarmhúinteoir, ag cuartú cóip de leabhar Gaeilge. “Taitneoidh sí leat, is mór an spórt í,” arsa mise. “Níl a fhios agam faoi sin,” a dúirt sí. “Tá brú aisteach orm, aiste atá mé a dhéanamh do m’iníon atá ag déanamh na céime agus ganntan ama uirthi!” Go bhfóire Dia ar na créatúir ina rang nach raibh Mama sásta a gcuid aistí a scríobh!

Ní chreideann go leor agaibh mé ach scaitheamh blianta ó shin ghlaoigh fear orm agus ceist ghramadaí ag déanamh buartha dó.

“Diabhal ar shíl mé gur fear thú a bhí róthógtha leis an gCaighdeán,” arsa mise mar mhagadh. “Bloody aiste atá mé a scríobh do dhuine de na gasúir agus tá’s agat an lucht ollscoile sin, bíonn tóir an diabhail acu ar rialacha!” a fhreagra. Déarfainn go bhfuair clann na beirte sin céad onóracha mar sin a bhí tuillte ag a muintir.

Ní haon rud nua an intleacht shaorga ag lucht an airgid. Na daoine ar fad a bhíonn in acmhainn ranganna breise agus cúrsaí samhraidh agus sealanna thar sáile a sholáthar dá gclann nach bhfuil buntáiste iontach á thabhairt acu dóibh thar chlann na sans-culottes? An fianaise a gcuid grádanna sin sna scrúduithe stáit agus a n-áit ar dhréimire an CAO ar a stuaim agus a meabhair chinn? Ar nós chuile cheird déarfainn gur cleachtadh is druileáil a dhéanann máistreacht.

Diabhal aithne ar dhaoine nár thit an spéir nuair a chuir an intleacht shaorga agus gleacaí an dallamullóg ar an Irish Times. Déarfainn nach é sin an dallamullóg is measa atá á cur orthu – shílfeá gur meallta go maith atá siad ag tionscal na n-arm agus na cogaíochta le tamall.

Tabharfaidh an intleacht shaorga cothrom na Féinne do chuile shéitéir feasta agus cá bhfios nach dtaispeánfadh an intleacht sin bealach níos fearr dúinn le cumas is éirim daoine a mheas seachas scrúduithe pinn is páir. Dá dtabharfadh Dia di!

Fág freagra ar 'An Intleacht Shaorga – is í badhbh badhbh cheardchumainn na múinteoirí í'