‘An grá a spreag sí don Ghaeilge agus don chultúr a hoidhreacht’ – Úna Uí Rócháin ar shlí na fírinne

Tá duine de na Gaeil ab aitheanta i gContae an Chláir ar shlí na fírinne agus Úna Uí Rócháin tar éis bháis

‘An grá a spreag sí don Ghaeilge agus don chultúr a hoidhreacht’ – Úna Uí Rócháin ar shlí na fírinne

Tá Úna Uí Rócháin, duine de na Gaeil ab aitheanta i gContae an Chláir, ar shlí na fírinne.

Fuair an t-oideachasóir agus léachtóir as Sráid na Cathrach bás suaimhneach go moch maidin inné.

Bhí Úna Uí Rócháin pósta le Muiris Ó Rócháin duine de bhunaitheoirí Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus dúirt stiúrthóir na scoile sin, Harry Hughes, inné gurb é an rud is mó atá fágtha le hoidhreacht aici ná an “grá” a spreag sí “don Ghaeilge, do chultúr agus do cheol na hÉireann”.

“Tá na céadta daoine ar fud an domhain, níos mó ná sin fiú, a bhfuil grá acu don Ghaeilge agus do stair agus cultúr na hÉireann mar gheall ar Úna. Bhunaigh sí Gaelscoil i Maigh nuair a thosaigh sí ag obair ansin i dtús na seachtóidí agus ní hamháin gur bhunaigh sí an Ghaelscoil ansin ach chuir sí drámaí, ceadail agus ceolchoirmeacha ar siúl agus béim i gcónaí iontu ar an nGaeilge agus ar stair agus ar oidhreacht na hÉireann…

“Is dóigh liom gur chuir na glúnta leanaí óga eolas ar an nGaeilge mar gheall uirthi agus bhí meas acu ar an nGaeilge mar gheall uirthi.”

Ag labhairt dó le Clare FM go raibh “ról lárnach” ag Úna i Scoil Samhraidh Willie Clancy agus gur múinteoir den scoth í a mbíodh fáilte i gcónaí aici roimh ‘smaointe nua’.

Ba í a scríobh an leabhar teagaisc idirghníomhach do pháistí bunscoile Ar Scáth a Chéile.

Cháiligh Úna mar mhúinteoir bunscoile i gColáiste Mhuire gan Smál agus bhí sí ina múinteoir i Scoil Iósaf Naofa, Maigh, ar feadh tríocha bliain. Bhí sí ina príomhoide ar an scoil sin idir 1989 agus 1999, nuair a d’éirigh sí as an múinteoireacht.

Chaith sí roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin ag múineadh Gaeilge sa Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta i nDámh an Oideachais i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach, mar a raibh ardmheas uirthi mar theagascóir.

 

Fág freagra ar '‘An grá a spreag sí don Ghaeilge agus don chultúr a hoidhreacht’ – Úna Uí Rócháin ar shlí na fírinne'

  • Seán

    Tá mo chroí trom, beannacht Dé le ‘Lady’

  • Íte

    Cailliúint mhór. uaimhneas síorraí di.