An GPA v O’ Rourke – gliogaireacht agus giolcaireacht

Ainneoin na maitheasaí go léir atá déanta ag an GPA, tá an-dhíobháil déanta acu dóibh féin leis an bhfeachtas Twitter in aghaidh Choilm Uí Ruairc.

Colm O'Rourke 9/3/2013
Colm O’ Rourke. Pictiúr: Inpho

 

Má tá aon ní le foghlaim ós na speacha atá á gcaitheamh ag Cumann na nImreoirí, an GPA, agus Colm O’ Rourke ar a chéile le breis is seachtain anois, is é sin go bhfuil deighilt agus idirdhealú an-mhór le déanamh anois idir luachanna na hiriseoireachta spóirt traidisiúnta agus an díospóireacht a chruthaítear ar na meáin shóisialta faoi chluichí na nGael.

Daoibhse atá beag beann ar an aighneas idir  O’ Rourke agus an GPA, scríobh O’ Rourke a ghnáthcholún seachtainiúil i nuachtán an Sunday Independent seachtain is an Domhnach seo caite, an 19ú Deireadh Fomhair.

Dhírigh an t-alt ar an treo atá á thógaint le tamall anois ag an GPA agus bhí O’ Rourke ag maíomh go raibh Cumann na nImreoirí ar chuma an Pháirtí Dhaonlathaigh nó na PDs tráth, agus an ról a taibhsíodh do dhaoine a bheith acu i.e. bheith ag suathadh nó bheith suaimhneach.

Mheas O’ Rourke go raibh an GPA gníomhach go leor i mbun feachtais fhónta ach, dar leis, go raibh an eagraíocht slogtha isteach ag an móreagraíocht (Cumann Lúthchleas Gael féin) agus nárbh fhéidir leo bheith dílis níos mó dá mbunéirim.

Seachas bheith ag suathadh, bhíodar suaimhnithe le milseáin agus purties beaga a bhí caite ina dtreo ag CLG.

Anuas air sin, dúirt iarimreoir na Mí go mbraith sé go raibh éirí in airde de shórt ar an GPA agus gur bheag acu anois tabhairt faoi na dúshláin atá ag déanamh tinnis don ngnáthimreoir nach mbainfidh an leibhéal eadarchontae amach go deo.

Alt neafaiseach go maith, a déarfá, a nocht tuairimí a bheadh coitianta i measc scata iarimreoirí agus daoine nach iad.

B’fhéidir go raibh ábhar cainte agus coganta ann ag tráth den mbliain nach mbeadh aon iontaisí móra ag titim amach ar pháirceanna imeartha na tíre ach b’shin a raibh ann.

Ins an bhfreagra a thug an GPA a bhí an chúis iontais ba mhó, áfach.

Ní túisce alt Uí Ruairc foilsithe ná gur léir go raibh feachtas an-eagraithe ar bun ag an GPA ag caitheamh anuas ar a chuid thuairimí agus ag déanamh beag is fiú de chaighdeán a chuid iriseoireachta.

Baineadh leas as an gcóras giolcaireachta, Twitter, chun teachtaireacht an GPA a chur in iúl i dteanga chogaíoch, chealgánta, shuarach.

B’iad cuid des na himreoirí is mó le rá ba ghlóraí a bhí lena dteachtaireacht agus b’fhuirist a aithint ná luífeadh a gcuid pastaireachta go róbhog le          O’ Rourke.

Tugadh cead cainte don GPA ar leathanaigh spóirt an Sunday Independent Dé Domhnaigh seo caite ach cliathánach leis, bhí alt eile de chuid Uí Ruairc ag seasamh agus ag treisiú lena chuid tuairimíochta ón Domhnach roimhe sin.

Seachas faillí nó dul amú áirithe anseo agus ansiúd (ní dúirt an GPA riamh, mar shampla, gur chás leo na dúshláin a bhíonn ag fochumainn i gcomparáid le himreoirí eadarchontae), ba dheacair gan teacht le tuairimí Uí Ruairc.

Is léir ó bheith ag scagadh tuairimí ar fhóraim éagsúla idirlín le roinnt laethanta anuas go bhfuil cosmhuintir Chumann Lúthchleas Gael ag teacht lena chuid tuairimí chomh maith.

Dhein an GPA botún gearr-radharcach agus iad ag cosaint a gclú sa tslí inar deineadh ach ba mhó ná san an botún a deineadh ag baint leasa as piardaí móra na meán sóisialta ar nós Joe Canning, Darran O Sullivan agus scata eile a mbeadh lucht leanúna mór acu ar Twitter, chun a dteachtaireacht a sheoladh amach sa tsaol mór agus teachtaireacht Uí Ruairc a mhúchadh.

Ní gá ach súil a chaitheamh ar chuntas Twitter Joe Brolly (@JoeBrolly1993) na laethanta seo chun an sórt gliogaireachta a chothaíonn an córas giolcaireachta a fheiscint.

Ní túisce corn nó craobh buaite ag foirne fuaid faid na tíre anois ná go mbíonn féinphic den bhfoireann seolta chuig Joe agus iad ag éileamh freagra ar cheist shíoraí Kieran Donaghy-“well Joe Brolly, what d’you think of that?!”

Cúis gháire ar an gcéad léamh ach cúis áiféise ar an 500ú ceann.

Ainneoin na maitheasaí go léir atá déanta ag an GPA le blianta beaga anuas (agus tá cuid mhaith acu ann), tá an-dhíobháil déanta acu dóibh féin leis an bhfeachtas Twitter in aghaidh Choilm Uí Ruairc.

Nuair ba bhinbí a bhí na teachtaireachtaí Twitter in aghaidh imreoirí peile Chorcaí níos luaithe i mbliana, labhair stiúrthóir cumarsáide an GPA, Seán Potts, go cumasach agus go húdarásach faoin bhfreagracht atá ar dhaoine agus iad ag dul i muinín na meán sóisialta.

Mór an trua nár ghlac an GPA lena gcomhairle féin sa chás seo.

Fág freagra ar 'An GPA v O’ Rourke – gliogaireacht agus giolcaireacht'

  • Cormac B

    Sár-alt eile ag an gCinnéideach. Páistiúil ón GPA.