LÁITHREACH BONN: An ghéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta le plé ag seimineár ar líne Tuairisc

Cathal Mac Coille, an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta, a bheidh mar chathaoirleach tráthnóna ag an seimineár atá á eagrú mar chuid den tsraith Láithreach Bonn

LÁITHREACH BONN: An ghéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta le plé ag seimineár ar líne Tuairisc

Pléifear an ghéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta ag seimineár ar líne atá á reáchtáil ag Tuairisc tráthnóna.

Cathal Mac Coille, an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta, a bheidh mar chathaoirleach ar an bplé a thosóidh ag 3pm tráthnóna ar Zoom.

Beidh an seimineár ar siúl tráth ar gheall an Taoiseach, Micheál Martin, go gcuirfeadh sé moladh go mbunófaí comhthionól saoránach faoin mbithéagsúlacht faoi bhráid an rialtais go luath.

Dúirt sé go gcaithfí tabhairt faoi bhunú an chomhthionóil gan mhoill mar gheall ar líon na speiceas in Éirinn atá i mbaol.

Beidh bunú an chomhthionóil nua ar cheann de na hábhair a phléifear le linn seimineár Tuairisc atá á chraoladh tráthnóna mar chuid den tsraith Láithreach Bonn a dhéanann plé ar ghéarchéimeanna ár linne.

‘Anois atá sé seo ag tarlú́’ – sraith nua ar Tuairisc.ie le díriú ar ghéarchéimeanna ár linne

Dúirt Cathal Mac Coille,  gur vótáil an Dáil d’aon ghuth dhá bhliain ó shin i bhfabhar rúin a d’fhógair géarchéim aeráide agus bithéagsúlachta, ach gur “de réir a chéile” atá na beartais chun dul i ngleic leis an ngéarchéim á mbreithniú ó shin.

“Is léir ó ráiteas an Taoisigh inné gur léir dó go gcaithfear an fhadhb a phlé ach cén t-athrú ar chur chuige an rialtais agus an phobail a theastaíonn, agus cé chomh luath a chuirfear i bhfeidhm é? Beidh an phráinn agus na hathruithe praiticiúla sin á bplé againn,” arsa Cathal Mac Coille.

Páirteach sa chomhrá inniu, beidh Sinéad Mercier, léachtóir le dlí agus comhshaol i UCD, Daire Ó hUallacháin taighdeoir le Teagasc agus Avril Ní Shearcaigh, bainisteoir Chomharchumann Fuinnimh ÁRANN.

Is féidir clárú saor in aisce chun freastal ar an seimineár anseo.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: An ghéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta le plé ag seimineár ar líne Tuairisc'