An Ghaeltacht ag dul chun cogaidh leis na tionchairí, trua do Belichick bocht

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

An Ghaeltacht ag dul chun cogaidh leis na tionchairí, trua do Belichick bocht

An Ghaeltacht ag dul chun cogaidh leis na tionchairí

Bhí Cumann Caide na Gaeltachta go mór i mbéal an phobail an mhí seo caite i ndiaidh a ngaisce i gCraobh Idirmheánach Peile na hÉireann cúpla seachtain ó shin. Rinneadh an-chuid cainte faoin spiorad agus faoin gcultúr i gCorca Dhuibhne agus bhí cleas na Galltachta beagán faoi dhraíocht ag cleas na Gaeltachta.

Ní bhíonn easpa cuairteoirí ag cur as dóibh i gCorca Dhuibhne ach is cinnte go ndéanfaidh tuilleadh daoine a mbealach siar ar ‘oilithireacht’ chuig páirc álainn Ghallarois chun cúpla ceacht a fhoghlaim.

Cé go raibh an geimhreadh ba ghnóthaí riamh ag gaiscígh na Gaeltachta, is beag den pháirc álainn sin a chonaic siad. Dúnadh páirc Ghallarois i lár mí Mheán Fómhair, cúpla lá sular thug an fhoireann idirmheánach aghaidh ar an bhFosadh i gcluiche ceannais an chontae. Tá €100,000 le caitheamh ar fhód nua agus obair athchóirithe.

Ba i dTrá Lí agus i gCill Airne a bhí an Ghaeltacht ag traenáil i rith na Nollag agus níl cos leagtha ag imreoirí an chumainn ar a bpáirc féin ó shin, ach tá an chéad phointe ar an bpáirc nua scóráilte cheana féin, cé nach ndéanfar mórán ceiliúrtha go háitiúil ar an té a fuair é.

Cuireadh físeán in airde ar na meáin shóisialta le coicís anuas d’fhear óg amuigh ar an bpáirc agus é ag moladh “an pháirc is breátha in Éirinn” go hard na spéire agus é ag tabhairt faoi iarrachtaí ar na postaí óna lámha agus ón talamh.

Tháinig na postaí slán den chuid is mó ach ní fhéadfá an rud céanna a rá faoi na soip fhéir a bhí ag déanamh a ndíchill fás.

Aisteach go leor, cé gur tugadh faoi deara nach raibh an eangach taobh thiar den chúl tarraingthe agus nach raibh aon línte péinteáilte ar an bpáirc, níor tugadh aird ar gheataí dúnta ná ar an bhfód lom. Faoi gheasa ag an radharc ar Chuan Ard na Caithne a bhí an tionchaire, b’fhéidir.

B’éigean don Ghaeltacht ráiteas a chur amach ar na meáin shóisialta go raibh an pháirc dúnta go fóill agus go mbeadh ar feadh scaithimh eile.

“Is trua linn go raibh tionchaire tik-tok ag bradaíocht ann le déanaí,” a dúradh.

Trua do Belichick bocht

An Domhnach beag seo a bheidh an Super Bowl á imirt idir na New England Patriots agus na Seattle Seahawks, ach tá scéal mór eile tagtha chun cinn thall a bhfuil a lán cur agus cúiteamh faoi.

Thuairiscigh ESPN an tseachtain seo caite nach bhfuil Bill Belichick, a chaith breis is scór bliain mar phríomhchóitseálaí ar na Patriots, ar na daoine atá roghnaithe i mbliana chun a n-áit a thógáil sa Pro Football Hall of Fame.

‘Nach leor sé Super Bowl’ an freagra a thug Belichick nuair a tugadh an scéal dó, de réir tuairiscí. Tá go leor ag cur na ceiste céanna.

Meastar Belichick ar dhuine de na cóitseálaithe is fearr riamh in aon spórt agus bhain sé féin agus a cheathrúchúlaí Tom Brady cáil mhór amach le linn ré órga na Patriots. Ba in Eanáir 2002 a bhuaigh an bheirt a gcéad Super Bowl agus thug siad leo an séú ceann in 2019 sular scar siad.

Ní hé Brady an t-aon duine riamh a thit amach le Belichick, a bhfuil cáil an chantail air, agus is léir nach raibh lucht na meán agus na hiar-imreoirí a roghnaigh cé a bheadh ag dul isteach sa Hall of Fame i mbliana in ann cuid dá pheacaí a mhaitheamh do Belichick.

In 2007, gearradh fíneáil $500,000 ar Belichick as an mbaint a bhí aige le heachtra ina raibh na Patriots ag spiaireacht ar fhoirne eile. Bhí conspóid aisteach eile ann in 2016 nuair a d’úsáid Tom Brady liathróidí nach raibh a ndóthain aeir iontu, cé gur dúradh i bhfiosrúchán nach raibh aon eolas ag Belichick faoin scéal sin.

Bhí an ghráin i gcónaí ar Belichick agus na Patriots toisc gur bhuaigh siad an oiread sin ach an rud is iontaí faoin scéal seo ná go bhfuil bá ag go leor daoine anois leis agus éagóir déanta air, cé nach mairfidh an bá sin i bhfad eile.

Beidh deis arís ag Belichick a bheith roghnaithe don Hall of Fame agus is cinnte go dtabharfar an t-aitheantas dó an chéad uair eile ach bhraithfeá gur suarach an cinneadh é gan é a roghnú ar an gcéad iarracht. Ní haon naomh é Belichick ach is beag iad a pheacaí I gcomparáid le cuid de na fir eile atá roghnaithe ina laochra, ina measc OJ Simpson agus daoine eile a bhfuil dúnmharuithe agus ionsaithe gnéis curtha ina leith.

Is amhlaidh atá riail dhocht ag lucht an Hall of Fame nach féidir eachtraí a tharla sa saol mór lasmuigh de pháirc na himeartha a chur san áireamh agus roghanna á ndéanamh. Is léir gur peaca níos mó é a bheith calaoiseach ná contúirteach ina súile siúd.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht ag dul chun cogaidh leis na tionchairí, trua do Belichick bocht'