An Ghaeilge sa chóras oideachais – ‘Seachnaíonn siad na fadhbanna in ionad iad a aithint’

Léirigh anailís a rinne Tuairisc nach ndearna 22% de dhaltaí na hArdteiste aon scrúdú Gaeilge i mbliana. Caithfear athruithe a dhéanamh a deir lucht na teanga agus an ghaeloideachais

An Ghaeilge sa chóras oideachais – ‘Seachnaíonn siad na fadhbanna in ionad iad a aithint’

Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Léiríonn an fhíric nach ndéanann 22% de dhaltaí aon scrúdú Gaeilge go bhfuil práinn faoi leith ann maidir le polasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, a chur le chéile. Is gá dúinn tabhairt faoi na fadhbanna ar fad go comhtháite agus le cur chuige nua, ar nós úsáid a bhaint as an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach. Tá an fhianaise ag méadú go bhfuil ag teip ar an Roinn Oideachais na fadhbanna a réiteach agus, go minic, seachnaíonn siad na fadhbanna in ionad iad a aithint.

An cheist a bheadh againn ná céard is brí le toradh scrúdaithe na hArdteiste. Tá an líon daoine atá ag déanamh go maith san ábhar tar éis méadú go suntasach ó 2019, ach an bhfuil cumas breise sa Ghaeilge ag daoine mar thoradh air seo? Tá sé in am an Ardteist agus an córas oideachais trí chéile a bhunú ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach chun go mbeadh tuiscint againn ar an gcaighdeán atá sa chóras agus leis na deiseanna a chuirfeadh an bhfráma ar fáil a thapú. Ba chóir seo a dhéanamh mar chuid d’fhorbairt polasaí don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal mar a gheall Fianna Fáil dúinn san olltoghchán in 2020 agus mar atá luaite sa Chlár Rialtais. Bheadh seo ag teacht go mór le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasú) chomh maith mar go mbeidh an sprioc earcaíochta san Acht, go mbeidh 20% de na daoine a earcófar faoi dheireadh 2030 san earnáil phoiblí inniúil sa Ghaeilge, ag baint úsáid as an bhFráma céanna.

 

Réamonn Ó Ciaráin, Phríomhfheidhmeannach Gael Linn

Tréaslaíonn Gael Linn a ndea-thorthaí sa Ghaeilge leis na daltaí ar fad atá i ndiaidh torthaí na hArdteiste a fháil.

Léiríonn na torthaí arís i mbliana go bhfuail dáimh speisialta ag an chuid is mó de dhaltaí na tíre leis an Ghaeilge. Is ábhar dóchais é cinnte do Ghael Linn go bhfuil ardú eile arís, 10% i mbliana, tagtha ar líon na n-iarrthóirí a rinne an Ghaeilge ag an ardleibhéal san Ardteist. Is comhartha é seo ar an díograis a léirigh daltaí agus a múinteoirí le dhá bhliain anuas nuair a bhí cúinsí níos dúshlánaí ná mar a bhíonn de ghnáth.

Ba chóir don Roinn Oideachais agus do na dreamanna a bhíonn ag plé le curaclaim agus le measúnú na Gaeilge éisteacht mhaith a thabhairt do na saineolaithe oideachais agus teangeolaíochta atá d’aon ghuth ag iarraidh go mbeidh córas cothrom agus oiriúnach ann do theagasc, d’fhoghlaim agus do mheasúnú na Gaeilge ag gach leibhéal.

Is ábhar imní arís dúinn nach ndearna 20% de dá na daltaí an Ghaeilge ar chor ar bith. Beidh athbhreithniú cuimsitheach de dhíth má tá an stát lena n-aidhmeanna dúshlánacha féin a bhaint amach maidir leis an Ghaeilge.

Is cóir dúinn mar shochaí tógáil ar na láidreachtaí a léiríonn torthaí na hArdteiste i mbliana agus aghaidh a thabhairt ar na laigí atá fadaitheanta.

 

 

Bláthnaid Ní Ghreácháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas

Díol suntais is ea an t-ardú ó 6.1% in 2019 go dtí 12.7% in 2022 ar líon na ndaltaí a fuair H1 sa nGaeilge san Ardteist. Tréaslaíonn Gaeloideachas toradh a gcuid oibre leis na daltaí seo. Beidh na torthaí seo agus an anailís ar na treochtaí uile an-fhiúntach i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Ghaeilge na hArdteiste agus i gcomhthéacs an chinnidh Páipéar 1 sa Ghaeilge a chur ar siúl ag deireadh Bliain 5, cinneadh a bhfuil Gaeloideachas ag iarraidh go rachfaí siar air.

Ní mór áfach a thógáil san áireamh nach ndearna 22% de na daltaí a rinne an Ardteist i mbliana scrúdú Gaeilge, céatadán níos airde ná mar a bhí aon uair le 20 bliain anuas.  Is í sin an cheist is mó atá le freagairt. Chuirfeadh an céatadán ard seo agus an fás leanúnach ar an gcéatadán seo an-imní ort agus in áit imní a mhaolú trí athbhreithniú ceart a dhéanamh ar chóras na ndíolúintí, tá an scéal éirithe níos measa leis an gcóras nua a leag an Roinn amach.  Bhíomar ag súil le hathbhreithniú ceart ar chóras na ndíolúintí, ach níor tharla sé. Tá an deis caillte ag an Roinn córas feiliúnach a chur ar bun a osclaíonn an doras do gach dalta, ag gach leibhéal cumais sa teanga. Ach faraor, tugann an córas nua le fios gur fearr, agus gur féidir, díolúine a fháil mar nach bhfeileann an córas reatha do riachtanais gach páiste.

 

Shane Ó Coinn, Cathaoirleach An Gréasán 

Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le daltaí agus le múinteoirí na tíre maidir le torthaí na hArdteiste. Tugann na torthaí seo aitheantas don obair chrua ar fad a chuir daltaí agus múinteoirí isteach thar thréimhse thar a bheith dúshlánach le linn na paindéime, agus tréaslaímid a dtorthaí leis na daltaí.

Gan amhras, ní mór don Roinn Oideachais agus do Choimisiún na Scrúduithe Stáit pleanáil chuí a dhéanamh le córas ceart a chur i bhfeidhm le go bhfillfeadh caighdeán na dtorthaí go dtí an sean-chaighdeán thar thréimhse roinnt blianta, le cinntiú nach mbeidh aon ghrúpa scoláirí go mór faoi mhíbhuntáiste amach anseo. Tá sé tábhachtach freisin ar ndóigh go léireoidh torthaí na hArdteiste fíorchumas leibhéal Gaeilge na ndaltaí.

Ábhar imní é go bhfuil ardú tagtha i líon na ndaltaí a fuair díolúine ón Ghaeilge, agus ba cheart athbhreithniú ceart a dhéanamh ar an gcóras nua maidir le díolúintí.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge sa chóras oideachais – ‘Seachnaíonn siad na fadhbanna in ionad iad a aithint’'

  • Sorcha

    Cá bhfuil na saineolaithe teangeolaíochta? An bhfuil cur amach acu ar na cúiseanna go mbronntar díolúine ar scoláirí? An bhfuil aon duine acu le cur amach ar oideachas Gaeltachta?