An Ghaeilge le bheith i lár an aonaigh le linn chuairt agus Aifreann an Phápa

Dúirt lucht eagair chuairt an Phápa le Tuairisc.ie go leagfar béim ar leith ar an nGaeilge le linn chuairt an Phápa Proinsias

An Ghaeilge le bheith i lár an aonaigh le linn chuairt agus Aifreann an Phápa

Beidh an Ghaeilge ina cuid “lárnach” de na hócáidí a bheidh ar siúl do chuairt an Phápa Proinsias ar Éirinn mí Lúnasa agus beidh an teanga sa treis ag Aifreann an Phápa i bPáirc an Fhionnuisce.

Thug urlabhraí ó Chruinniú Domhanda na dTeaghlach, lucht eagair na féile cúig lá a bheas ar siúl le linn chuairt an Phápa, le fios do Tuairisc.ie go mbeidh “cuid mhaith” d’Aifreann an Phápa i nGaeilge agus go mbeadh an Ghaeilge agus cultúr na nGael lárnach in imeachtaí na féile.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Brenda Drumm ó Chruinniú Domhanda na dTeaghlach go raibh “iarracht speisialta” á déanamh ag lucht na féile i mbliana deis a thabhairt don 12,000 cuairteoir idirnáisiúnta “eolas a chur ar an nGaeilge”.

Dúirt sí go mbeidh An Chéad Léacht agus ceann de phaidreacha Ghuí an Phobail i nGaeilge ag an Aifreann mór. Ceolfar chomh maith na paidreacha Gaeilge ‘A Thiarna déan trócaire’,  ‘A Uain Dé’ agus leagan Sheáin Uí Riada den ‘Ár nAthair’. Beidh dhá iomann eile i nGaeilge ag Aifreann an Phápa freisin a bheas ar siúl Dé Domhnaigh 26 Lúnasa.

Dúirt Brenda Drumm go raibh sé “an-tábhachtach” do lucht eagair na féile go mbeadh “áilleacht na Gaeilge” i lár an aonaigh sna himeachtaí a bheas ar siúl mar chuid den fhéile.

“Nuair a chloistear an Ghaeilge i gcomhthéacs idirnáisiúnta, buaileann taom mórtais tú,” a dúirt sí.

Cé nach fios go fóill cibé a labhróidh an Pápa Proinsias féin aon fhocal Gaeilge le linn a chuairte, dúirt Drumm go raibh sí “dóchasach” go ndéanfadh sé amhlaidh, mar a rinne an Pápa Eoin Pól II i 1979.

Thug Drumm le fios go mbeidh imeachtaí Gaeilge mar chuid den tionól trí lá a bheas ar siúl san RDS idir an 22 agus 24 Lúnasa agus go mbeidh imeachtaí Gaeilge ann freisin le linn Fhéile na dTeaghlach a bheas ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath ar an 25 Lúnasa.

Tá an Ghaeilge ar cheann de chúig theanga oifigiúil Chruinniú Domhanda na dTeaghlach i mbliana. Is iad an Béarla, an Iodáilis, an Fhraincis agus an Spáinnis teangacha oifigiúla eile na féile.

Tá leagan Gaeilge dá suíomh idirlín curtha ar fáil ag Cruinniú Domhanda na dTeaghlach agus bileoga eolais i nGaeilge scaipthe chomh maith acu.

Dhá lá a bheidh an Pápa Proinsias sa tír seo, an Satharn agus an Domhnach, an 25 agus an 26 Lúnasa.

Tabharfaidh sé caint ag Cruinniú Domhanda na dTeaghlach i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn agus maidin lá arna mhárach, tabharfaidh sé cuairt ar Chnoc Mhuire i gContae Mhaigh Eo sula bhfreastalóidh sé ar Aifreann i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Moltar d’aon duine atá ag iarraidh freastal ar aon cheann d’imeachtaí an Phápa ticéad a chur in áirithe sula bhfágfaidh siad an baile.

Maidin Dé Sathairn, an 25 Lúnasa, a thiocfaidh an Pápa go hAerfort Bhaile Átha Cliath áit a gcuirfear fáilte oifigiúil roimhe sula rachaidh sé go dtí Áras an Uachtaráin. Labhróidh sé le lucht riaracháin agus rialtais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin sula rachaidh sé go dtí an Leas-Ardeaglais.

An tráthnóna sin tabharfaidh sé cuairt phríobháideach ar Ionad Lae na gCaipisíneach a dhéanann freastal ar dhaoine atá gan dídean. I bPáirc an Chrócaigh a chríochnóidh sé obair an lae nuair a thabharfaidh sé óráid ag Féile na dTeaghlach.

Beidh sé i gCnoc Mhuire maidin Dé Domhnaigh sula bhfillfidh sé ar Bhaile Átha Cliath le bheith i bPáirc an Fhionnuisce ag 2.30in mar a bhfuil rún aige an tseanmóir a thabhairt ag an Aifreann ansin. Tá leathmhilliún ticéad á gcur ar fáil d’Aifreann an Phápa agus 45,000 ticéad atá á gcur ar fáil don ócáid i gCnoc Mhuire. Tabharfaidh an Pápa Proinsias aghaidh ar na Róimh arís ag 6.30in tráthnóna Dé Domhnaigh.

Meastar go gcosnóidh cuairt an Phápa €20 milliún agus go gcosnóidh an tslándáil trí mhilliún euro ar an Rialtas agus beidh socruithe slándála agus tráchta i bhfeidhm le linn na cuairte.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge le bheith i lár an aonaigh le linn chuairt agus Aifreann an Phápa'

  • wtf

    Go hiontach! Gliondar agus mórtas orm an méid sin a chlos faoi “áilleacht na Gaeilge” srl. Cosnóidh cúrsaí slándála an oiread sin, is dócha, (€20 milliún ++) toisc a liacht sin ‘cultural terrorists’ a bheidh i láthair agus na hiomainn ghlórmhara sin á gcanadh acu!!!