An Ghaeilge le baint de bhusanna nua i mBéal Feirste a luaithe is a bhaineann siad oirthear na cathrach amach

Deir an gníomhaí aitheanta Gaeilge Linda Ervine gur cinneadh ‘fíor-aisteach’ a bhí ann an Ghaeilge ar sheirbhís ‘Glider’ a cheilt ar mhuintir oirthear na cathrach

An Ghaeilge le baint de bhusanna nua i mBéal Feirste a luaithe is a bhaineann siad oirthear na cathrach amach

Gheofar réidh leis an nGaeilge ar na comharthaí ar mhearsheirbhís bus nua i mBéal Feirste nuair a bhainfidh na busanna oirthear na cathrach amach.

Tuairiscítear go múchfar na comharthaí dátheangacha ar an tseirbhís thraschathrach nua, a dtugtar an ‘Glider’ uirthi, nuair a fhágann na busanna iarthar Bhéal Feirste agus gur Béarla amháin a bheidh le léamh orthu as sin soir.

Dúirt urlabhraí de chuid Translink, a chuireann an tseirbhís nua ar fáil, go bhfuil bogearra á fhorbairt acu le go ndéanfar comharthaí aonteangacha Béarla de na comharthaí bus dátheangacha ag brath ar cá mbíonn na busanna.

Dúirt an gníomhaí Gaeilge aitheanta Linda Ervine arb as oirthear Bhéal Feirste di gur cinneadh “fíor-aisteach” a bhí ann an Ghaeilge a cheilt ar mhuintir oirthear na cathrach.

“Táim i mbun ionad Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste, atá anois ar na cinn is mó sa chathair, agus is cinnte go bhfuil suim sa teanga anseo timpeall.

“Is bocht an scéal é mar tá suim ag an phobal aontachtach sa teanga, ní hiad ar fad, agus seo ceann eile de na rudaí sin a deir gur le pobal amháin an teanga, agus ní chreidim sin. Níl aon ghá leis. Má tá duine ar bith nár mhaith leo amharc ar an Ghaeilge, ní fadhb ar bith é sin, amharcaidís ar an Bhéarla,” a dúirt Linda Ervine leis an Belfast Telegraph.

Dúirt an comhairleoir de chuid an DUP as oirthear Bhéal Feirste Tom Haire nach raibh gá ar bith le comharthaíocht dhátheangach sa cheantar toisc, dar leis, nach bhfuil “an oiread suime ag daoine ar an bhealach sin sa Ghaeilge agus a bheadh ag fear na Gealaí”.

Dúirt Haire go bhféadfadh gur Translink a bheadh thíos le comharthaíocht dhátheangach mar go mb’fhéidir gurbh amhlaidh a rachadh daoine i muinín córas iompair eile chun dul trasna na cathrach.

Dúirt urlabhraí de chuid Trasnlink go raibh an bogearra nua á fhorbairt mar chuid den uasdátú atá á dhéanamh ar chomharthaí agus mapaí na seirbhíse, comharthaí scáileáin na mbusanna san áireamh.

“Mar chuid den obair ar chlár feidhmithe Glider tá uasdátú á dhéanamh ar chomharthaí agus ar mhapaí. In iarthar Bhéal Feirste tá na comharthaí ag stadanna Glider dátheangach, i mBéarla agus i nGaeilge, cheana féin agus tá sé i gceist é sin a chur ar fáil ar na seirbhísí friothála Metro ar fad amach anseo.

“Sna míonna beaga seo romhainn, beidh na comharthaí scáileáin ceann scríbe ar fáil i nGaeilge sa chuid de bhealach G1 atá in iarthar Bhéal Feirste.”

Fág freagra ar 'An Ghaeilge le baint de bhusanna nua i mBéal Feirste a luaithe is a bhaineann siad oirthear na cathrach amach'

  • Tomás

    Bheadh spéis ag lucht busanna na Beilge sa gcóras sin. Nuair a théann busanna thar theorainn na Bruiséile (áit a mbíonn fógraí dátheangacha), bíonn orthu an dara teanga a bhaint agus fógraí aonteangacha a chur ag imeacht (san Ollainnis amháin). Ní dóigh liom go bhfuil córas uathoibríoch acu go fóill. Cuireadh fíneáil ar thiománaí bus roinnt blianta ó shin mar go ndearna sé dearmad an Fhraincis a bhaint anuas nuair a d’fhág sé an chathair.