Manchán Magan
Dráma ceardlainne an-suimiúil é Arán agus Im le Manchán Magan. Go bunúsach caitheann Magan thart ar uair an chloig ag caint ar arán agus ar im agus é ag fuineadh agus ag maistreadh leis. Tugann sé an lucht féachana ar thuras spéisiúil bia, staire agus fealsúnachta. Castar focail shuimiúla Ghaeilge linn fan bhealaigh a nochtann cosáin nua eolais dúinn. Tá roinnt mhaith Gaeilge sa seó ach is ar lucht an Bhéarla atá sé dírithe.
Ar nós go leor píosaí amharclannaíochta agus scríbhneoireachta le Magan baineann sé le focail spéisiúla Ghaeilge agus le scéal na tíre seo. Tá áit lárnach ann freisin do tháirgí de bhunús na hÉireann. Tá dúil mhór ag Magan sna focail, dúil a chonaiceamar cheana sa léiriú Gaeilge Tamagotchi agus sna leabhair Thirty-Two Worlds for Field agus Sea Tamagotchi.
Sa léiriú seo cloisimid faoin ngiosta agus faoin gcaoi gurb iad na boilgíní gáis istigh san arán a fhágann blas air. Murach iad ní bheadh againn ach taos trom. Míníonn sé cad as do na comhábhair éagsúla. Tugann sé cuntas ar a chuid éadaí ar de dhéantús na hÉireann iad, go fiú bróga úrleathair Árann (pampooties).
Tugann sé cuntas ar an mbó a thug an bainne dó agus tugann sin muid ar chosán eile chomh fada leis an mBó Fhionn (bunús ‘an Bhóinn’). As sin téimid go Bealach na Bó Finne agus ar aghaidh linn arís go ‘buaircíní’ agus na bacáin éagsúla le bó bhradach nó bó dhodach a choinneáil sa ghort.
Ansin tugann sé dúinn a lán focal spéisiúil ar ghoirt. ‘Geamhar’ agus ‘tuar’ agus ‘réileán’ agus ar aghaidh leis go heireaball timpeall. Mar sin féin ba dhóigh leis an duine a bhfuil an Ghaeilge aige gur ar thóir na sainmhínithe is mistiúla a bhíonn sé i gcónaí. Bíonn trácht aige ar phúcaí agus ar shióga ó thús deireadh cé nach bhfuil i gceist go minic ach fochiall theoranta.
Is cinnte go bhféadfaí an rud céanna a dhéanamh leis an mBéarla. Dul ag póirseáil sna foclóirí agus teacht ar mhínithe aduaine aite osnádúrtha ar fhocail a bhaineann leis an saol tuaithe, ansin a rá go dtugann siad seo léargas eile ar fad ar an saol don Bhéarlóir (cé go mb’fhéidir nach eol don Bhéarlóir bocht na focail chéanna a bheith ann beag ná mór).
Luaigh sé cialla éagsúla leis an bhfocal ‘badhbh’, ach seans go mbeifeá dall ar fad fós ar na cialla is coitianta a bhíonn leis sa Ghaeilge. Thug sé cialla iomadúla ‘púicín’, cé nár luaigh sé go mbíonn sé in úsáid d’aghaidhbheart ar leith atá measartha coitianta sa lá atá inniu ann.
Níl sa Ghaeilge mar sin ach seoidíní beaga d’fhocail gur féidir iad a cheapadh i bpríosún cearnógach Instagramúil, gona gcúlraí dea-dheartha agus a mínithe Béarla i gclófhoireann tharraingteach.
Níor dheacair a dhearmad gur teanga í an Ghaeilge, gur meán cumarsáide í a úsáideann daoine le feidhmiú sa saol, seachas í a bheith ina tobar draíochta don duine aonraithe i sochaí an lae inniu, duine atá ar thóir rud éigin a líonfaidh an bhearna ina shaol i ré an chaipitleachais dhéanaigh.
Ina ainneoin sin tá scéalaíocht Mhancháin mealltach go maith, agus an bunchoincheap láidir go leor leis an méid sin a mhaitheamh, cuid mhór. Bhí bosca beag aráin agus ime faoinár suíocháin againn ar theacht isteach dúinn. Ghlac daoine éagsúla páirt i maistreadh an ime.
Bhí léargais thábhachtacha ann ar ár gcaidreamh leis an dúlra. Faightear oideas ag an deireadh le tabhairt leat, agus písín den dúisire (an rud úd a chruthaíonn an gás a chúisíonn na boilgíní). Mar sin bhí lón machnaimh agus bídh in éineacht ag an lucht féachana.
B’fhéidir go dtarraingeodh Manchán go caol ar na sióga an chéad uair eile áfach…
Fág freagra ar 'An Ghaeilge ina seoidíní beaga ar féidir iad a cheapadh i bpríosún cearnógach Instagramúil'