An Ghaeilge – an eilifint sa seomra ranga i ngach bunscoil in Éirinn

Táthar ar chúrsa tréigin maidir le dáiríreacht i leith athréimniú na teanga le fada an lá

An Ghaeilge – an eilifint sa seomra ranga i ngach bunscoil in Éirinn

Rinne mé iarracht sa bhliain 2017 chun a mhíniú cad ina thaobh, dar liom, nach raibh ‘gnáthléitheoirí’ ar fáil do ghearrscéalaí mar mé féin. Níor athraigh an scéal puinn idir 2017 agus an lá atá inniu ann.

In aiste atá mar bhrollach le Bhuel, Scéalta Eile!, rinne mé iarracht léargas réadúil a thabhairt ar staid ghinearálta phrós na linne seo i nGaeilge agus spléachadh a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an staid sin a bheith amhlaidh.

Déanaim amach, ó 1939 i leith, nuair a baineadh anuas an chéad tranche de threalamh oifigiúil ullmhúcháin Stáit na múinteoirí bunscoile sa Ghaeilge, go bhfuil an phroifisiúntacht á tréigean ag de Valera agus ag páirtí de Valera, mar go raibh Fianna Fáil curtha ar chúrsa tréigin maidir le dáiríreacht i leith athréimniú na teanga, rud a fíoraíodh nuair a chuir Bartley, Hillery agus Lemass deireadh leis an gcuid eile de na coláistí ullmhúchain sin gan díospóireacht Dála sa bhliain 1960. (Féach Risteárd Ó Glaisne, Coláiste Móibhi, Coiscéim, 2001).

Sa bhliain 1946, le linn stailc na múinteoirí bunscoile i mBaile Átha Cliath, dhein de Valera naimhdeas a neadú sna bunmhúinteoirí, a mbeifí ag brath ar a ndea-thoil i leith na Gaeilge, nuair a dhiúltaigh sé, fiú amháin le foréigean na nGardaí i bPáirc an Chrócaigh, a mbochtanas a mhaolú, nuair a thug sé ardú costas beatha suntasach do státseirbhísigh sa bhliain 1944 gan aon ardú ná breis a thabhairt do na bunmhúinteoirí. (Féach Agallamh Áine Ní Chonghaile le Seán Ó Lúing, an Leabharlann Náisiúnta.).

Bhí dí-urramú na Gaeilge laistigh de Fhianna Fáil imithe chomh mór chun cinn go raibh Hillery in ann a tábhacht a shéanadh ina chuid idirbheartaíochta don Chomhphobal Eorpach sa bhliain 1972.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin arís, sa bhliain 1974, tugadh an tréigean céim thubaisteach eile chun cinn nuair a dúnadh na Coláistí Oiliúna do mhúinteoirí bunscoile na tíre agus nuair nár leagadh síos san idirbheartaíocht Rialtais leis na hOllscoileanna go gcaithfeadh gach ábhar múinteora an Ghaeilge a bheith mar ábhar riachtanach aige/aici sa B.Ed.

Ón mbliain sin, 1974, i leith, tá eilifint sa seomra ranga bunscoile i ngach bunscoil in Éirinn maidir le proifisiúntacht chomh fada agus a bhaineann le múineadh teanga nua-aimseartha na Gaeilge.

Ón mbliain 1974 i leith, roghnaíonn an t-ábhar bunmhúinteora féin na hábhair is rogha leis nó léi féin don bhunchéim atá ar siúl acu—gan barántas ar bith a bheith ann go mbeidh líofacht an mhúinteora chomhaimseartha teanga acu sa teanga a bheidh siad a mhúineadh, is é sin, sa Ghaeilge.

D’aon bhuille amháin d’fhéadfadh aon Rialtas a cheangal ar mhac léinn le haghaidh céim bunmhúinteora an Ghaeilge a roghnú mar chuid den bhunchéim B.Ed. sin. Réiteofaí formhór na faidhbe sa tslí sin. Cén fáth nár dhein aon Rialtas é sin an chéad lá ná ó shin? Is doiligh domsa gan an focal ‘comhcheilg’ a lua! Le fírinne, rogha idir comhcheilg Rialtais agus neamhinniúlacht Rialtais atá ann.

Deirtí linne sna Nótaí d’Oidí (bunscoile) fadó gurbh í an Ghaeilge labhartha a bhíomar ceaptha a mhúineadh sa bhunscoil.

Nemo dat quod non habet.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge – an eilifint sa seomra ranga i ngach bunscoil in Éirinn'

  • Gearóid de Grás

    Grmma, a Liam, as na pointí eolais sin ó stair na tíre. Braithim go bhfuil FG níos diúltaí in aghaidh na Gaeilge ná FF – níl mórán de dhifir eadarthu i ndáiríre. An cheist ná an ndéanfadh Sinn Féin aon mhaitheas don teanga dá mbeadh siad i gcumhacht? Tá amhras orm, faraoir.

    Murar féidir gluaiseacht ón mbonn aníos, ón gcosmhuintir, a fhorbairt, tá deireadh leis an teanga, braithimse. In ainneoin na leasuithe ar an Acht lochtach (a chruthaigh FF ar an gcéad dul síos ar ndóigh, chomh maith leis an bPlean 20 bliain, há há há) srl, creidim nach féidir brath ar pholaiteoirí ná ar an státseirbhís le haon bheart raidiciúil, fiúntach a dhéanamh ar a son.

  • Eimear

    Cúrsaí fónaice tar éis an teanga a scrios ag leibhéal na bunscoile & gan ar chumas na bpáistí oiread is abairt iomlán Ghaeilge chruinn a scríobh faoi rang 6. Cá bhfaighimid scríbhneoirí Gaeilge sa todhchaí & gan an óige ach in ann na focail a fhuaimniú!? Níl cur chuige fónaice feiliúnach do pháistí le Gaeilge líofa agus atá á dtógáil le Gaeilge.

  • Seán ÓM

    Seachtain nó dó ó shin bhí alt anseo faoi na deacrachtaí atá ann chun múinteoirí dara-leibhéil le deaGhaeilge agus eolas ar a n-ábhar féin a aimsiú i scoileanna Gaeltachta (agus Gaelcholáistí is dócha).

    Anois tuigim go bhfuil an fhadhb níos bunúsaí ná “cumas teanga + saineolas ar ábhair speisialta”.

    Níl aon uisce ag sruth chuig an tobar fiú. Is dócha go bhfuil an dhá fhadhb seo fite fuaite lena chéile.

    Níl fhios agam cad atá le déanamh seachas scríobh chuig an urlabhraí oideachas nó Gaeilge SF chun ráiteas a fháil faoin gceist seo. Ar an seans go mbeidh siad sa chéad rialtas eile.

  • Pól

    Ní dhéanfaidh Sinn Féin faic na fríde don teanga ní mó ná FF nó FG… ní gá ach breathnú ar an suíomh idirlín atá acu…