An gcuirfear fáilte roimh an strainséir thar tír isteach tar éis ráig an víris?

Anois agus seal caite ag ár bhformhór scoite amach ónár gcuid gaolta agus cairde, an fearr a thuigimid cás an strainséara?

An gcuirfear fáilte roimh an strainséir thar tír isteach tar éis ráig an víris?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Cúis díomá na ráitis a rinneadh aimsir an toghcháin maidir leo siúd a bhí tagtha thar tír isteach ag lorg dídine.

Nílimse saor, ach oiread le duine, ach ba thrua liom nár ceartaíodh polaiteoirí a dúirt go mbeadh feachtas ‘ar son na Críostaíochta agus in aghaidh na hinimirce’ á reáchtáil acu, amhail is go raibh leanúnachas ag baint leis an seasamh sin.

‘An méid a dhéanann tú ar an gcuid is lú de mo chuid bráithre, déanann tú orm féin é’, a dúirt an té a chuir tús leis an gCríostaíocht.

Is léir, i bhfianaise an ráitis sin, nach bhfuil aon chliarlathas creidimh, daonnachta ná tábhachta ann ina shúile seisean.

Is é a rith le roinnt daoine nuair a dúirt iarrthóir amháin roimh an toghchán nár cheart dream daoine a ligean isteach sa tír ar an ábhar nach Críostaithe iad.

Imeaglú, bualadh, ciapadh, díbirt agus deoraíocht atá fulaingthe ag an dream céanna, gan trácht ar aistear achrannach thar farraigí fiáine cáite go tír aineoil, áit nach labhraítear a dteanga ná nach léirítear meas ar a gcultúr.

Fiú mura mbeifí i dtaobh le scríbhinní Mhatha, fágann an méid thuas gurb iad an chuid is mó de bhráithre an té a d’ordaigh cabhair dúinn iad, más ceadmhach dom casadh beag a chur i gcaint mhuintir Chorca Dhuibhne.

Maidir leis an argóint a dhéantar gur cheart tús áite a thabhairt d’Éireannaigh bhochta seachas do dhaoine bochta ó thíortha eile, déantar talamh slán de agus an argóint sin á déanamh nach féidir an dá thrá a fhreastal, ach is féidir, ach pleanáil cheart a bheith déanta.

Mar theanga náisiúnta atá faoi bhagairt, tá áit faoi leith tuillte ag an nGaeilge ó thaobh seirbhísí a chinntiú do lucht a labhartha, ach ní fhágann sin gur cheart dearmad a dhéanamh ar lucht labhartha teangacha eile, ná gur cheart a bheith doicheallach rompu.

Tuigeann lucht labhartha na Gaeilge go rímhaith an dochar síceolaíoch agus mothálach a dhéanann easpa aitheantais teanga agus cultúir, agus tá an méid céanna fíor i dtaobh cúrsaí cultúir agus creidimh trí chéile.

Lena chois sin, bhí muintir na hÉireann siúlach iad féin agus ba cheart dóibh fáilte isteach a chur roimh an uile dhuine dá réir.

Anois agus seal caite ag ár bhformhór scoite amach ónár gcuid gaolta agus cairde, an fearr a thuigimid cás an strainséara atá ar leataobh ón gcomhluadar agus nach bhfuil fáilte roimhe a bheith i ngar dúinn?

Bhíodh an fhéile ar cheann de na tréithe a luaití le muintir na hÉireann – ba bhocht an scéal é mura mbeadh sé le rá fúinn feasta go bhfuil an fhéile sin fós ag roinnt linn.

Nuair a taispeánadh torthaí toghcháin Ghaillimh Thiar cúpla mí ó shin – i mBéarla ar dtús, ar TG4 – chuimhníos ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus d’fhiafraíos díom féin cad a cheapfadh pláistéir ón Spidéal nó siúinéir ón nGailíl faoin méid a bhí ag titim amach – ach, ar ndóigh, bhí freagra na ceiste cheana agam.

Tá dínit tuillte ag gach duine, agus tá de shaoirse ag an uile dhuine dídean agus obair a lorg sa tír seo d’fhonn a chuid a shaothrú agus cuidiú lena dhaoine muinteartha, beag beann ar chine, ar chreideamh, ná ar chultúr.

Dá dhonacht dá bhfuil cúrsaí le cúpla mí, is é an ceangal coiteann atá eadrainn mar dhaoine is mó atá tagtha chun solais sa tréimhse chéanna.

Pé cruth a bheidh ar an ngeilleagar amach anseo, más ea, agus pé cuma a bheidh ar an rialtas nua tar éis bhaint na srianta taistil, beidh deis againn sa bhfómhar, le cúnamh Dé, dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí cúngaigeanta agus droim láimhe a thabhairt le hargóintí aineolacha a dhéantar chun imní agus eagla a chothú, agus sinn a chur in aghaidh ár gcomhdhuine.

Fág freagra ar 'An gcuirfear fáilte roimh an strainséir thar tír isteach tar éis ráig an víris?'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Kevin Hickey, ‘An gcuirfear fáilte roimh an strainséir thar tír isteach tar éis ráig an víris?, http://www.tuairisc.ie, Dé Máirt, Meitheamh 23, 2020.

    Níor éirigh le Peter Casey ná le Gemma O’Doherty i dtoghchán ar bith de na toghcháin a raibh siad ag rith iontu le blianta gearra déanacha. Ní mórán éilimh atá ar a gcuid polasaithe siúd. Ar a shon sin is uile, sean–Éireannaigh go leor, nár thug vóta do cheachtar acu siúd, agus nach dtabharfaidh, fiafraíonn siad díobh féin, ó uair go chéile, cad chuige a dtugann teifigh ón Meánoirthear beart leathan do na tíortha in aice lena dtír féin sa Mheánoirthear, agus na teifigh úd ag lorg dídine, ach a gcuireann siad na mílte ciliméadar de thuras díobh féin d’fhonn Poblacht na hÉireann a bhaint amach?
    Tá raic ar siúl i Ráth Chairn i láthair na huaire mar gur tugadh cead do thógálaí áitiúil tithe a thógáil ann. 30% de na daoine a ndíolfar na tithe i Ráth Chairn leo, ní chaithfidh Gaeilge ar bith a bheith acu. Is é an eagla atá ar lucht na hagóide i Ráth Chairn go gcuirfidh tógáil na dtithe sin deireadh le Ráth Chairn mar Ghaeltacht. An biogóideacht é an méid sin ag lucht na hagóide? Is cuimhin liom féin argóint a bheith agam le cara dom, timpeall le 10 mbliana ó shin, i dtaobh ligean do shlua mór ón Meánoirthear cur fúthu i nDún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Bhí mise ar an tuairim go gcuirfeadh lonnú den saghas sin deireadh le Dún Chaoin mar phobal Gaeltachta. 18 mbliana ó shin, dhá mhí sula bhfuair sé bás, thug Pádraig Ua Maoileoin, trócaire air, a thuairim domsa, Tigh Chatháin ar an mBuailtín oíche, go raibh deireadh leis an nGaeilge i bParóistí Dhún Chaoin agus Dhún Urlann. Deir cuid de mhuintir Dhún Chaoin liom go bhfuil an–fheabhas tagtha ar Dhún Chaoin ó thaobh na Gaeilge de, ó dúirt Pádraig an méid sin. Tabhair faoi deara nach ar Charraig an tSionnaigh, ná i Mullach Íde, i mBaile Átha Cliath, a cheadaítear do shlua mór daoine ón Meánoirthear lonnú, nuair a cheadaítear a leithéid. Bheadh réabhlóid ann dá gceadófaí, agus chuirfeadh sé deireadh le Páirtí Fhine Gael, agus le Páirtí Fhianna Fáil chomh maith, b’fhéidir.
    B’fhéidir nach bhfuil aon cheal airgid ar Kevin, ach deirtear liom nach bhfuil comhaoiseanna Kevin ag pósadh, mar nach acmhainn dóibh teach ná árasán a cheannach dóibh féin ar morgáiste. Má ligimid dá thuilleadh daoine teacht isteach don tír, ní laghdóidh sé sin ar fhadhb na tithíochta.
    Nuair a ligtear líon mór strainséirí isteach i dtír in Iarthar na hEorpa, cuireann sé sin athrú buan ar an tír sin. Tá líon mór ón gCianoirthear ag cur fúthu san Iorua i láthair na huaire. Béarla an–bhunúsach an t–aon teanga amháin iasachta atá acu siúd, agus níl aon rún faoin spéir acu an Ioruais a fhoghlaim go deo. Formhór na leanaí i gCathair Amstardam san Ollainn, ní ón Ollainn a muintir rompu. Is cuimhin liomsa a bheith i mo sheasamh 12 bhliain ó shin lasmuigh d’Acadamh Ríoga na Staire ar an gCalle de León i gceartlár Mhaidrid, agus mé ag fanacht le cara dom ón Spáinn, staraí, ball den Acadamh sin. Is amhlaidh a bhí i gceist ag fear na Spáinne mise a chur in aithne do lucht riartha an Acadaimh i dtreo is go ligfidís-sean domsa tamall a thabhairt ann ag déanamh taighde. Agus mé ag fanacht le mo chara, ghabh scata gearrchailí thart liom, leanaí scoile, agus bheannaigh gearrchaile acu domsa. Hola ar sise [Is é sin ‘Dia duit’]. Ar mise liom féin: ‘ní féidir gur domsa atá an gearrchaile sin ag beannú; níor leag sise súil ormsa go dtí anois.’ Níor thug mise aon fhreagra ar an ngearrchaile i dtosach. Ach bheannaigh sí dom an dara babhta, agus dúirt mé liom féin gur dhoicheallach an mhaise dom gan beannú ar ais di, agus bheannaigh mise dise. Gach uile ghearrchaile riamh den scata gearrchailí sin, is dúchraicneach nó donnchraicneach a bhí siad. Níl tíortha Iarthar Eorpa ag pósadh ná ag síolrú. Bhí tráth ann a gcuireadh strainséirí iad féin in oiriúint don tír in Iarthar Eorpa a mbeidís ag cur fúthu inti, agus gan ach beirt leanaí, ar a mhéad, a bheith ag gach uile lánúin acu. Ach ní mar sin do Mhuslamaigh na Breataine sa lá atá inniu ann. Tá an roth casta. Is ‘muirear mór Caitliceach’ a bhíonn ag an ngnáthlánúin Mhuslamach sa Bhreatain inniu. Mar a deir lucht an Chrannchuir, ‘mura mbíonn duine páirteach ann, ní féidir dó/di buachan.’ Fonn báis atá ar chuid mhór den Domhan i láthair na huaire.
    Níl an ceart ag Kevin go bhfuil sé mí–Chríostaí gan fearadh na fáilte a chur roimh gach uile strainséir, gan aon cheist. Mar seo a ghabhann an mhír de Chaiticiosma na hEaglaise Caitlicí a thráchtann ar chúrsaí na ndídeanaithe: ‘§2241 Tá ceangal ar na náisiúin is fearr as, sa mhéid is féidir leo, an t–eachtrannach a ghlacadh isteach atá ar lorg na slándála agus na n–acmhainní bithriachtanacha nach bhfuil teacht aige orthu ina thír dhúchais. Tugadh na húdaráis phoiblí dá n–aire an modh atá dlite don dlí nádúrtha, rud a fhágann aoi faoi choimirce an dreama a ghlacann chucu é. Is féidir leis na húdaráis phoiblí, ar mhaithe leis an leas coiteann atá ar a gcúram, ceart na hinimirce a chur faoi réir coinníollacha dlíthiúla, go háirithe i dtaca le dualgais na n–imirceoirí i leith a dtíre nua. Tá ceangal ar an inimirceoir modh a thabhairt mar admháil chomaoine d’oidhreacht ábhartha agus spioradálta na tíre a ghlacann leis, a dlíthe a choimeád agus a sciar féin den chaiteachas náisiúnta a íoc.’ An Dr Athanasius Schneider, Easpag Cúnta ar Astana i bPoblacht na Casacstáine, agus Raymond Cairdinéal Burke, saineolaí ar an Dlí Canónta, deir an bheirt acu gur cuid is ea an inimirce gan srian d’fheachtas idirnáisiúnta ag lucht an domhandaithe, agus an ollsmachtachais, an ruaig a chur ar a bhfuil fanta den Chríostaíocht in Iarthar Eorpa, agus réimeas ollsmachtach a chur i gcion ar an Domhan ar fad. Is léir nach é gach uile ard–eaglaiseach atá ag aontú leis an bPápa Proinsias, a thug ordú do na Caitlicigh, ní fada ó shin, comhairle Eagraíocht na Náisiún Aontaithe a dhéanamh, maidir le cúrsaí den saghas sin de.
    Timpeall na bliana 1770, ní raibh ach dhá dtrian d’áitritheoirí na hÉireann ina gCaitlicigh. Bhí an–laghdú curtha ag an gcinedhíothú, ag na plandálacha, agus ag na gortaí difriúla ar líon na seandúchasach, ar Chaitlicigh ba ea a bhformhór mór. Ó thimpeall na bliana 1751, bhí an Béarla dulta chun cinn ar an nGaeilge, ó tháinig na daoine chucu féin ón Sioc Mór in 1740, agus ón nGorta Mór a lean é in 1741. Dá n–ainneoin sin ar fad, tháinig an Ghaeilge chuici féin arís an–mhór idir sin agus 1841. Tá a fhios againn go léir cad a thit amach ansin. Sa lá atá inniu ann, 17% d’áitritheoirí na Poblachta, ní de sheandúchas na hÉireann is ea iad. Nach bhfuil breis agus ár ndóthain déanta ar son na ndídeanaithe againne pobal dúchais na Poblachta? Faoi mar a dúirt Tomás Ó Criomhthain le mac iníne dó, Pádraig Ua Maoileoin: ‘an té ná fuil an stair aige, níl faic aige.’ Cuirimis eolas ar stair na hÉireann, agus diúltaímis don fhonn báis, dá fhaiseanta é, sa lá atá inniu ann.