Bean agus a beirt pháiste maraithe sa bhaile i nDroichead Mhig Uidhir i gcontae Fhear Manach. Maidin bhreá samhraidh a bhí ann nuair a lámhachadh Vanessa Whyte 45, a mac James Rutledge 14 agus a hiníon Sara 13. Tugadh athair na bpáistí, an t-amhrastach sna trí dúnmharaithe, Ian Rutledge chun ospidéil, iarracht déanta aige é féin a mharú. Níor théarnaigh sé ó na créachta lámhaigh agus fuair sé bás cúig lá níos deireanaí.
Ní raibh mí féin caite ó maraíodh bean eile, Sarah Montgomery agus an leanbh ina broinn i gContae an Dúin. Sa bhaile a maraíodh ise freisin mar a tharlaíonn an-mhinic i dTuaisceart Éireann áit a bhfuil foréigean in aghaidh na mban agus páistí chomh h-olc nach bhfuil aon fhocal sách láidir chun cur síos air.
Tréidlia ab ea Vanessa Whyte a raibh ardmheas uirthi ina gairm agus ina ról imeasc an phobail i gContae Fhear Manach. Nochtadh ómós di féin agus na páistí roimh an gcluiche ceannais idir an Ríocht agus Tír Chonaill i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach. Bhí siad triúr sáite i gCumann Lúthchleas Gael gníomhach i gcumainn iománaíochta agus peile. B’as Gort Lomán i gcontae an Chláir Vanessa ó dhúchas, a muintir ina gcónaí ansin fós. Bhí bhigilí i bhFear Manach agus i gContae an Chláir i gcuimhne an triúir agus mar chomhbhrón lena muintir.
Liosta le háireamh iad na feachtais, na straitéisí agus na hagóidí a ritheadh abhus i gcoinne an fhoréigin in aghaidh na mban. Is léir nach leor iad ó ba í Vanessa an 28ú bean a maraíodh le cúig bliana anuas. Tá an-chuid ceisteanna le freagairt faoin uafás a bhain do Vanessa, Sara agus James, ach tá sé soiléir go bhfuil fadhb ollmhór sa tsochaí seo.
Is minic cheana na figiúirí scanrúla a bhaineann le foréigean baile – sin foréigean in aghaidh na mban de ghnáth – tugtha sa cholún seo, tuairisc curtha chuig an PSNI gach 16 nóiméad, cuir i gcás. Údar mór imní é sin as féin ach faraor tá a fhios nach dtuairiscítear gach eachtra ná fiú a leath. Tá bulaíocht, imeaglú, smachtú comhéigneach agus batráil coitianta agus an iomarca daoine toilteanach leithscéal a dhéanamh nó a bheith díchreidmheach más duine muinteartha leo atá ag déanamh leatroim.
Seans nach brúidiúlacht neamh-mharfach amháin a cheiltear dar le hionadaí ó iontaobhas Katie Simpson a seoladh le déanaí. Maraíodh an seómharcach Katie Simpson in 2020 ach i dtosach chreid na póilíní bréag a hionsaitheora gur chuir sí lámh ina bás féin. Brú ó ghaolta agus cairde a chuir faoi ndear dóibh fiosrú ceart a dhéanamh agus aithint gur dúnmharaíodh í. Dúirt James Brannigan, iarphóilín a bhunaigh an t-iontaobhas le gaolta Katie go raibh daoine i dteagmháil leis cheana féin ag iarraidh go scrúdódh sé bás amhrasach beirte a bhfuil seans gur dúnmharaithe cheilte iad. Dhá chás éagsúla a bhí i gceist, ar sé, i dtaca le mná ar cinneadh gur cailleadh i dtimpistí iad.
Mór is fiú obair dá leithéid a bheith ar siúl. Ach tá go leor eile riachtanach. Ba é an mana ag feachtas oifigiúil a sheol an PSNI agus an Feidhmeannas ag tús na bliana seo, dúshlán d’fhir agus do bhuachaillí. “Tá sé agatsa. Tá sé acusan. Tá sé againn go léir. Cumas athruithe.”
Déanaimis é. Gan gníomh ní fiú tráithnín na briathra.
Fág freagra ar 'An foréigean teaghlaigh – gan gníomh ní fiú tráithnín na briathra'