An fód seasta ag Áth Cliath nuair ba ghá chun Ciarraí a chloí i gcluiche ceannais na hÉireann

Níorbh é an taispeántas is fearr a thug fir na príomhchathrach riamh i gcluiche ceannais ach beidh an bua seo chomh milis le nach mór aon cheann eile

An fód seasta ag Áth Cliath nuair ba ghá chun Ciarraí a chloí i gcluiche ceannais na hÉireann

Corn Mhig Uidhir ardaithe ag captaen Átha Cliath, James McCarthy. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Áth Cliath 1-15 Ciarraí 1-13

Tá Áth Cliath ina ríthe ar Chraobh Shinsir Peile na hÉireann arís agus iad tagtha slán ó choimhlint ghéar, chrua in aghaidh Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Níorbh é an taispeántas ab fhearr riamh ag fir na príomhchathrach i gcluiche ceannais ach beidh an bua seo chomh milis le nach mór aon cheann a tháinig roimhe seo. Ba cheann stairiúil é so do thriúr fathach agus a naoú bonn sinsir uile-Éireann, níos mó ná aon pheileadóir eile, buaite ag James McCarthy, Stephen Cluxton agus Michael Fitzsimons.

Ba é McCarthy a chroch Corn Mhig Uidhir théis sárbhliana agus labhrófar sna laethanta amach romhainn faoin tionchar a bhí ag filleadh Cluxton ar chúrsaí, ach ba é Fitzsimons ba mhó acu a chinntigh go mbeadh an bua ag Áth Cliath agus taispeántas iontach tugtha aige sa líne lánchúil. Ní raibh sé in ann David Clifford a choinneáil go hiomlán faoi chois – ní fhéadfadh aon imreoir  sin a dhéanamh – ach rinne Fitzsimons a dhóthain chun draoi Chiarraí a chur dá bhuille agus ba leor sin sa deireadh,

Beidh Clifford díomách lena thaispeántas féin, áfach. Trí phointe a d’aimsigh fear Fhosadh, péire ón imirt, agus chruthaigh sé cúl Paul Geaney sa chéad leath le pas gleoite ach nuair a bhí an crú ar an tairne, ní raibh sé in ann Ciarraí a tharraingt ar ais sa chluiche. Cúig cinn d’iarrachtaí a bhí aige sa 20 nóiméad deireanach ach níor chríochnaigh ceann ar bith acu le scór.

Is beag cabhair a fuair sé, áfach. Faoi dhó sa dara leath, tháinig Ciarraí le trí phointe as a chéile agus tháinig ceann de na tréimhsí ceannais sin díreach théis do Paddy Small cúl a fháil d’Áth Cliath. Bhí Paudie Clifford lárnach san obair mhaith sin ach cé gur chuir sé Ciarraí 1-11 in aghaidh 1-8 chun tosaigh théis 48 nóiméad, níor aimsigh fir na Ríochta ach dhá phointe eile sa bhreis is 25 nóiméad a bhí fágtha. Seacht gcinn a d’aimsigh Áth Cliath san achar céanna.

Duine eile a d’fhill ar phainéal Átha Cliath i mbliana, Paul Mannion, a d’aimsigh trí cinn acu agus sheas sé an fód nuair ba ghá. D’aimsigh Paddy Small agus Colm Basquel scórannna tábhachtacha freisin nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá.

Léirigh Basquel, go háirithe, teacht aniar iontach sa dara leath. Bhí an t-ádh leis teacht amach don dara leath tar éis dó cúpla iarracht a chur amú agus cárta buí a fháil sa chéad 35 nóiméad ach choinnigh Dessie Farrell  istigh é agus rinne Basquel an cinneadh sin a chúiteamh lena bhainisteoir.

D’aimsigh sé scór breá théis 42 nóiméad chun stop a chur le rúid ó Chiarraí agus ba é a ghearr amach pas Gavin White chun cúl Small a chruthú trí nóiméad ina dhiaidh sin.  Scóráil Basquel pointe eile ina dhiaidh sin agus is é a chruthaigh an dá scór deireanach d’Áth Cliath, le pas do Mannion agus le cic saor a bronnadh air a shlánaigh Dean Rock. Ar lá nuair a d’fhág an bháisteach agus an dlúthchosaint go raibh sé an-deacair teacht ar scóranna, bhí tionchar Basquel cinniúnach.

Bhí an slua i bPáirc an Chrócaigh níos ciúine ná mar a bheadh tú ag súil leis roimh an gcluiche agus thóg sé tamall fada ar an dá thaobh socrú isteach sa chluiche.

Stephen Cluxton a chuir tús leis an scóráil, le cic ‘45  théis trí nóiméad agus cé go bhfuair David Clifford  scór deas mar fhreagra, ba í sin an t-aon uair go bhfuair sé greim ar an liathróid sa chéad 20 nóiméad. Fuair Paul Mannion, Brian Fenton agus Cormac Costello pointí eile d’Áth Cliath sa chéad cheathrú uaire ach choinnigh Ciarraí leo le ciceanna saora ó Sheán O’Shea.

Cé go raibh an chuid is fearr den imirt ag Áth Cliath sa chéad leath, d’fhág cosaint mhaith ó Chiarraí, go háirithe ó Jason Foley a bhí ar fheabhas inniu, nach raibh Áth Cliath ach 0-6 in aghaidh 0-4 chun tosaigh ag druidim i dtreo leath ama.

Ní raibh cuma ná caoi ar thosaithe Chiarraí go dtí sin i ndáiríre ach dhúisigh siad le preab dhá nóiméad isteach san am cúitimh le cúl a chur cruth iomlán difriúil ar an gcéad leath.

Níor bhreathnaigh sé go raibh aon deis ann seans a chruthú nuair a rug David Clifford greim ar phas ó Dara Moynihan díreach i gcúinne na páirce idir Cnoc 16 agus Ardán Uí Chíosóg. Ba léir gur cheap imreoirí Átha Cliath an rud céanna agus iad ag ceapadh go gcuirfeadh Clifford pas siar ach rinne Paul Geaney ruathar cliste chun éalú taobh istigh de David Byrne agus chuir Clifford pas álainn chuige lena chos dheas.

Phreab Geaney an liathróid uair amháin agus é ag iarraidh dul timpeall ar Stephen Cluxton ach is beag nár bhuail fear an Daingin bob air fhéin nuair a phreab sé í den dara huair. Bhí an gliceas ag Geaney gan breith uirthi agus an liathróid a ardú arís lena chois agus í a bhá san eangach.

Ba é an t-aon phíosa draíochta a rinne tosaithe Chiarraí an tráthnóna uile, áfach, agus teip eile in aghaidh Átha Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann a bhí i ndán dóibh.

Fág freagra ar 'An fód seasta ag Áth Cliath nuair ba ghá chun Ciarraí a chloí i gcluiche ceannais na hÉireann'