An féidir polasaí a chur i bhfeidhm chun teacht as an ngéarchéim thithíochta roimh 2040?

Tharraing admháil na Roinne Airgeadais gur dócha go mairfidh an ghéarchéim thithíochta ar feadh 15 bliain eile ar a laghad go leor airde

An féidir polasaí a chur i bhfeidhm chun teacht as an ngéarchéim thithíochta roimh 2040?

Rinne eagarthóir ar oibrigh an scríbhneoir seo ina theannta tráth cur síos macánta ar an leigheas a theastaíonn uaireanta ar chruachás a chuireann as do gach seirbhís nuachta.

Bheadh leigheas dá leithéid de dhíth dá mbeadh clár raidió a raibh sé i gceannas air ar tí dul ar an aer gan scéal a bheith aimsithe ag an bhfoireann a thuill an focal ‘príomhscéal’ mar chur síos air.

Níor tharla a leithéid go minic (uair nó dhó sa bhliain ar an meán) ach nuair a tharla b’fhollasach an bhearna a chaithfí a thógáil gan mhoill.

Is éard a theastaigh dáiríre cainteoir a bheadh toilteanach labhairt ar an gclár faoi scéal fiúntach nuachta ar dhóigh a tharraingeodh aird agus spéis na n-éisteoirí. Ní faisnéis ná fíricí nua a theastaigh ach caint. Go háirithe dá ndúiseodh an chaint sin tuairimíocht, gearáin agus achainí ar an rialtas nó ar eagraíocht eile déileáil leis an ábhar.

Agallamh “Ní foláir rud éigin a dhéanamh” an cur síos teicniúil a bhíodh ag an eagarthóir seo ar agallamh ina mbíodh ábhar dá leithéid á phlé. Bheadh sé ionann agus cinnte (a) nach mbeadh mórán eolais sa bhreis ag daoine a d’éist leis agus (b) go n-aontódh a bhformhór go gcaithfí rud éigin a dhéanamh faoin ábhar a pléadh.

D’fhéadfaí teacht i gcónaí ar Theachta Dála nó ar chomhairleoir áitiúil nó ar ionadaí ó eagraíocht éigin a bheadh sásta a rá gur cúis imní an scéal nuachta a roghnaíodh chun teacht as an gcruachás. Bheidís ar bís go deimhin chun gníomh rialtais a éileamh, fiú mura mbeadh an fhadhb ná an leigheas a bhí riachtanach soiléir go hiomlán.

Moltar seift dá leithéid i seomra nuachta ó am go ham, ach ní chloistear go minic cur síos chomh macánta air. Go deimhin scéalta “ní foláir rud éigin a dhéanamh faoi” is ea an chuid is mó de na scéalta a fhoilsíonn Tuairisc.ie agus gach meán fiúntach nuachta. Mura mbeadh fiúntas leo, ní fhoilseofaí iad.

Tháinig an tseift iriseoireachta thuas chun cuimhne agus tuairisc na Roinne Airgeadais ar an léargas fadtéarmach eacnamaíochta agus sóisialta á plé sa Dáil Dé Céadaoin.

Ní ródhomhain ná rófhada a bhí an plé. Ní raibh ann ach ceist a chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik ar an aire Jack Chambers a bhí ag labhairt thar ceann an Taoisigh a bhí ag seanmóireacht ag an gcruinniú mullaigh aeráide in Belém. (Ní róghéar seanmóireacht mar chur síos ar bheartais a moladh thall agus atá á gcur i bhfeidhm go mall abhus.)

Ba leor a ndúirt an bheirt, mar shampla eile, den phlé ginearálta a chloistear rómhinic sa Dáil agus, faraor, lasmuigh di, ar an ngéarchéim thithíochta. Is léir do chách nach féidir an fhadhb a réiteach in imeacht cúpla bliain. Is léir go gcaithfear rud éigin a dhéanamh nach bhfuil á dhéanamh faoi láthair. Ní léir faraor cén uair ná conas a réiteoidh na polasaithe atá i bhfeidhm nó iadsan atá molta an fhadhb.

Is í an admháil i dtuairisc na Roinne Airgeadais gur dócha go mairfidh an ghéarchéim thithíochta ar feadh 15 bliain eile ar a laghad is mó a tharraing aird. Is léir sa tuairisc go bhfuil an tairngreacht choinníollach sin bunaithe ar bharúil go mbeidh 60,000 teach nó árasán á dtógáil in aghaidh na bliana faoi 2030 agus á dtógáil gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2040.

Ní beag an chúis amhrais faoi sin, faraor. Níor tógadh ach 30,300 ionad cónaithe anuraidh ainneoin mhaíomh réamhthoghcháin Fhianna Fáil agus Fhine Gael go mbeadh suas le 40,000 tógtha faoi dheireadh na bliana.

Dúirt Ivana Bacik go raibh sé áiféiseach” agus “mífhreagrach” go mbeadh an rialtas ag caint ar ghéarchéim a bheith dosheachanta agus a mhairfeadh ar feadh deich mbliana nó níos mó. Ba léir, a dúirt sí, go raibh géarghá le bunathrú ar pholasaí tithíochta an rialtais.

Dúirt an t-aire léi nach tairngreacht a bhí i dtuairisc na roinne ach léargais éagsúla ar an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar pholasaithe an rialtais amach anseo mura n-athrófaí iad san idirlinn. Bhí athruithe curtha i bhfeidhm agus plean nua tithíochta le foilsiú go luath.

Níor aontaigh Jack Chambers leis an ráiteas gur dócha nach mbeidh deireadh leis an ngéarchéim thithíochta go ceann 15 bliain ach níor easaontaigh sé leis ach oiread.

Ar bhealach, is tábhachtaí ráiteas eile sa tuairisc a scríobh príomheacnamaí na roinne John McCarthy. Dar leis, má ghlactar leis an lár-ráta nó leis an ardráta fáis daonra atá á thuar ag an roinn, go mb’fhearr aghaidh a thabhairt go luath ar riachtanais infreastruchtúir, tithíochta, iompair, sláinte agus oideachais chun fadhbanna móra a sheachaint ar ball.

Is tábhachtaí fiú ná an ráiteas sin an brú – nach gcuirtear san áireamh sa tuairisc – a chuirfidh easpa tithe ar dhaoine idir seo agus 2040.

Ní theastaíonn saineolaí chun smaoineamh ar chuid mhór den dochar: eisimirce ar thóir tithíochta; éagóir ar an nglúin atá faoi 40 bliain d’aois go háirithe; éagóir eile agus ‘banc na dtuismitheoirí’ ag teacht i gcabhair ar scata ceannaitheoirí tithe ar dhóigh nach acmhainn do thuismitheoirí eile; ceilt neamhspleáchais saoil ar dhaoine óga nach mbeidh aon dul as acu ach cónaí lena dtuismitheoirí:  strus síceolaíoch; éadóchas forleathan agus cailliúint muiníne as cumas an chórais pholaitiúil an phráinn a leigheas.

Léireoidh plean tithíochta an rialtais, a deir foinsí rialtais a fhoilseofar faoi cheann coicíse, cé acu an bhfuil athrú bunúsach beartaithe ag an rialtas nó nach bhfuil.

Ní féidir ceist chrua a sheachaint, áfach. Dá n-eiseodh rialtas ar bith nó páirtí ar bith plean fiúntach nua tithíochta (‘dá’ nach beag) an mbeadh vótálaithe toilteanach tacaíocht a thabhairt don chostas agus don athrú ar pholasaí an stáit a bheadh riachtanach lena chur i bhfeidhm?

Níl duine ciallmhar sa tír a shéanfadh an riachtanas. Ní foláir rud éigin a dhéanamh. Gan dabht, agus gan mhoill. Ach céard é?

Fág freagra ar 'An féidir polasaí a chur i bhfeidhm chun teacht as an ngéarchéim thithíochta roimh 2040?'

  • Michael O Maille

    An féidir polasaí a chur i bhfeidhm chun teacht as an ngéarchéim thithíochta roimh 2040?
    Is féidir.
    Sóisialachas.