An fear as Gaoth Dobhair a mharaigh an brathadóir James Carey

Is gearr go mbeidh leabhar agus scannán ar fáil faoi scéal spéisiúil Phádraig Ó Domhnaill

Cothrom na míosa seo, ar an 17 Nollaig 1883, a crochadh i Londain Pádraig Ó Domhnaill as paróiste Ghaoth Dobhair. Eisean a mharaigh an brathadóir James Carey.

Is gearr go mbeidh leabhar agus scannán ar fáil faoin gcaoi ar tharla sé. An t-iarChoimisinéir Teanga  Seán Ó Cuirreáin, a scríobh an leabhar agus tá sé féin agus Ciarán Ó Cofaigh ag obair ar an scannán. Tá Tomás Seoighe páirteach leo mar stiúrthóir.

Má bhíonn an leabhar agus an scannán sin chomh maith leis an leabhar agus a scannán a réitigh Seán agus Ciarán faoi mharú Mhám Trasna is fiú fanacht leo.

I mBealtaine na bliana 1882 mharaigh buíon as eagraíocht rúnda ar a dtugtaí na ‘Invincibles’ Thomas Henry Burke agus an Tiarna Frederick Cavendish i bPáirc an Fhionnuisce. Ba é an Búrcach an státseirbhíseach ba shinsearaí  a bhí ag na Sasanaigh in Éirinn. Ba é Cavendish Príomh-Rúnaí Shasana in Éirinn.

Iníon deirfíre le bean Phríomh-Aire na Breataine, William Edward Gladstone,  a bhí pósta ag Cavendish.

Bhain an marú croitheadh uafásach as réimeas na Breataine sa tír seo. Chuaigh an RIC ag obair faoi cheannas an Cheannfoirt John Mallon.

Níorbh fhada gur ghabh siad daoine. Ina measc bhí James Carey.

Dúradh gurbh é Carey a phleanáil marú Pháirc an Fhionnuisce agus bhí an chroch i ndán dó. Is éard a rinne sé an t-eolas ar fad a roinnt leis na húdaráis.

De bharr na fianaise a thug sé nuair a tugadh fir os comhair na cúirte crochadh cúigear acu idir Bealtaine agus Meitheamh 1883.

Eoghan Mac Giolla Bhríde i bpáirt Patrick O’Donnell (Padaí Mhicheáil Airt)

Ní bheadh saol fata i mbéal muice i ndán do James Carey in Éirinn tar éis  dó an feall sin a dhéanamh.

Ba mhaith a thuig Rialtas na Breataine nach mbeadh. Rinne siad an rud a dhéanaidís i gcónaí i gcás mar é; chuir siad ó aithne é le cáipéisí bréige  agus bhaist siad ainm eile air, ‘James Power’.  Chuir siad é féin, a bhean agus a gcúigear clainne ar bord na loinge an ‘Kinfauns Castle’ ansin lena dtabhairt go dtí Coilíneacht na Rinne (in Afraic Theas an lae inniu) a bhí faoi cheannas na Breataine freisin ag an am.

Aistríodh go dtí long eile iad ina dhiaidh sin, an ‘Melrose’ leis an turas a chríochnú.

Bhí Pádraig Ó Domhnaill ar an ‘Melrose’ é féin ar a bhealach  as Meiriceá agus é tagtha trí Thír Chonaill agus trí Londain.

Fuair sé amach gurbh é James Carey ‘James Power’.

Le linn don bheirt acu a bheith ag ól i gcábán na loinge scaoileadh piléir. Maraíodh Carey.

Ceapadh go forleathan ina dhiaidh sin gur amhlaidh a chuir na hInvincibles Ó Domhnaill i ndiaidh an bhrathadóra le díoltas a bhaint amach. Tá amhras ar chuid de na staraithe faoi sin: déarfadh siadsan gur ar an ‘Melrose’ is túisce a fuair sé amach gurbh é Carey a bhí ann agus gur aighneas de chineál eile a tharla eatarthu.

Tá sé ráite go bhfuil cuid mhaith eolais nua ag Seán Ó Cuirreáin ina leabhar. Ní chuirfeadh sé sin iontas ar bith orm mar níl mórán fear taighde in Éirinn chomh maith le Seán.

Laoch ba ea Pádraig Ó Domhnaill chomh fada agus a bhain sé le Clanna Gael. Thaithnigh an gháir a chuir sé as agus an rópa ag dul faoina mhuineál leo: “Three cheers for Old Ireland! Goodbye, America! To hell with the British and the British Crown!”

Nuair a tháinig an scéala gur crochadh é lasadh ocht gcinn de thinte móra cnámh timpeall ar theach James Carey i mBaile Átha Cliath. Lasadh samhlacha  den bhrathadóir agus mháirseáil slua trí na sráideanna. Bhí bannaí ceoil ar a gceann agus amhráin thírghrácha á gcasadh acu.

Fiú amháin go dtí ár linn féin rinneadh comóradh ar ghníomh Phádraig Uí Dhomhnaill. Tá crois i Reilig Ghlas Naíon i gcuimhne air agus ceann eile i nGaoth Dobhair. Seo é atá scríofa ar chrois Ghaoth Dobhair:

I ndíl chuimhne ar Phádraig Ó Domhnaill as paróiste Ghaoth Dobhair a cuireadh chun báis i bpríosún Newgate i Londain ar an 17 Nollaig 1883 de thairbhe a ard dhílseachta d’Éirinn.

21 cumann as Fianna Fáil a bhailigh an t-airgead leis an gcrois sin a chur ina seasamh. Teachta Dála as Fianna Fáil, Cormac Breslin, a nocht go hoifigiúil í sa mbliain 1954.

Sa lá atá inniu ann bheadh sé chomh dócha lena athrach gur ag fáil faoi réir le leithscéal a ghabháil faoi luíochán Chill Mhichíl a bheadh Fianna Fáil.

Fág freagra ar 'An fear as Gaoth Dobhair a mharaigh an brathadóir James Carey'

  • S. Mac Muirí

    Is maith liom an ghoineog faoi na ‘gentle Black 7 Tans’ sa bhfocal scoir a Sheosaimh. Is fíor duit. An-mhaith uilig.

  • Eoin Ó Murchú

    Nuair a bhí mise óg, ag fás aníos i Londain, dá sceithfeadh éinne demo chuid deartháireacha ar éinne eile, thabharfaí Jimmy Carey air. Ní bhfuair mé amach scéal Carey ach nuair a bhí mé sna fichidí. an raibh an nós sin coitianta aon ait eile? Fíníní ar ndoigh a bhí i muintir mo thuismitheóirí.