An ealaín i measc na brúidiúlachta i saothar coscrach ealaíonta ar leith

Tá Adrien Brody i ngach radharc de ‘The Brutalist’ nach mór agus téann sé go feirc ina charachtar

An ealaín i measc na brúidiúlachta i saothar coscrach ealaíonta ar leith

The Brutalist
Stiúrthóir: Bardy Corbet
Cliar: Adrien Brody, Felicity Jones, Guy Pearce, Joe Alwyn, Raffey Cassidy, Stary Martin, Alessandro Nivola, Emma Laird

Saothar é seo faoin lorg a d’fhág an tUileloscadh orthu siúd a tháinig beo as. Is saothar é seo faoi shaol an inimircigh i Meiriceá tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus an ciníochas a d’fhulaing siad. Chomh maith leis sin ar fad is saothar é seo faoi ealaín, cruthaitheacht agus dúshláin na hailtireachta is na tógála. Ní haon ionadh go bhfuil an scannán eipiciúil seo tuairim is trí huaire an chloig go leith ar fhad – bhí gá le fad reatha dá leithéid leis na téamaí sin a chíoradh is a chniotáil le chéile. Go deimhin seo an chéad uair gur cuimhin liom go raibh sos i lár scannáin. Ní éiríonn tú corrthónach, áfach mar is scannán ar leith atá anseo. D’éirigh leis deich n-ainmniúchán Oscar a ghnóthú le déanaí agus sí tuairim na coitiantachta go mbeidh sé ar thosach cadhnaíochta oíche na ngradam.

Ag tosach an tsaothair címid an Giúdach Ungárach László Tóth (Brody) ag éirí amach as bolg na loinge imirce. Ceol tuarúil, callánach á thionlacan agus radharc bunoscionn á fháil againn ar Dhealbh na Saoirse. Tá an ceol tuarúil céanna ina rabharta tríd an saothar agus ag tionlacan buaicphointí na drámaíochta agus radharcanna cuidsúlacha. Ailtire é László a bhain cáil amach dó féin ar an bhfód dúchais ach gur thit an tóin as a shaol le teacht an Dara Cogadh Domhanda. Chaith sé tréimhse i gcampa géibhinn Buchenwald agus ní fios dó an bhfuil a bhean beo nó marbh.

Tugann fear gaoil, Attila (Nivola) cúnamh de shaghas dó; ach tosnaíonn an ciníochas ag teacht go barr uisce ar an bpointe. A chúl tugtha aige siúd lena shloinne agus lena chreideamh agus tá col ag a bhean le László ar an bpointe. Tagann cor cinniúnach ina shaol nuair a bhuaileann sé leis an bhfear gnó rathúil Harrison Lee Van Buren (Pearce); fear cumasach, bagrach, fealsúnach, leithleach. Imríonn sé tionchar mór ar shaol László ar feadh na mblianta. Is trí siúd, agus a mhac, a dhéantar cíoradh ar an dearcadh ciníoch atá acu ar inimircigh agus Giúdaigh. An mac ag rá linn ag pointe amháin “gur ar éigean go gcuireann siad suas” le leithéidí László.

Déanann Van Buren an t-ailtire a choimisiúnú le hionad pobail a dhearadh is a thógaint in ómós dá mháthair féin. Déanann an togra seo a shaol is a mheabhair a shlogadh. Címid a shamhlaíocht is a cheardaíocht is é ag dearadh foirgneamh sa tsíl nua-aoiseach. Foirgneamh taibhseach, bagrach coincréite. É á chur abhaile orainn i rith an ama go bhfuil sé fós ciaptha ag an méid a ghabh sé tríd. É ina andúileach hearóine agus lán le fearg. Tagann a bhean Erzsébh (Jones) isteach sa scéal; í siúd i gcathaoir rothaí de bharr cruatan an Dara Cogadh Domhanda. Bean uasal, mhaorga, dhiongbháilte a dhéanann iarracht a fear a tharrtháil.

Cé go bhfuil an chríoch ábhairín tútach (agus in ainneoin an ama, ábhairín obann) ní bhaineann sin ón gceardaíocht a tháinig roimhe.

Tugann Jones, Pearce agus Brody taispeántais den chéad scoth uathu. Tá Brody i ngach radharc nach mór agus téann sé go feirc ina charachtar. Tá fiche a cúig bliain ann ó chroch sé leis Oscar dá thaispeántas in The Pianist (2002). Seans maith go mbeidh deilbhín eile aige i gceann scaithimh.

Fág freagra ar 'An ealaín i measc na brúidiúlachta i saothar coscrach ealaíonta ar leith'

  • WTF

    Theastódh bolg láidir ó dhuine chun féachaint ar chodanna den scannán seo, radharc na ‘tiarpaireachta’ idir beirt fhear, ach go háirithe.