‘An é go bhfuil plean ag an Roinn agus an Rialtas an t-oileán seo a scriosadh?’ – muintir Thoraí ag dul i mbun agóide

Ag labhairt dó inniu faoin aighneas maidir leis an tseirbhís farantóireachta atá beartaithe do Thoraigh, dúirt Pádraig Ó Dúgáin ó Chomharchumann Thoraí go bhfuil “an mothú” atá i measc mhuintir Thoraí “cosúil leis an aimsir – dubh dorcha”

‘An é go bhfuil plean ag an Roinn agus an Rialtas an t-oileán seo a scriosadh?’ – muintir Thoraí ag dul i mbun agóide

Tá muintir Thoraí chun dul i mbun agóide lasmuigh de Dháil Éireann an tseachtain seo chugainn agus gan aon fhuascailt go fóill ar an easaontas faoin tseirbhís farantóireachta atá beartaithe don oileán.

Dúirt Pádraig Ó Dúgáin ó Chomharchumann Thoraí inniu go bhfuil pobal an oileáin ag iarraidh go dtacódh muintir na Gaeltachta agus daoine eile leis an agóid atá beartaithe don Dáil acu agus iad ag súil go seasfar “le hoileán a bhfuil an Rialtas agus an Roinn ag iarraidh é a scriosadh”.

Ag labhairt dó ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin inniu, dúirt Ó Dúgáin nach nglacfadh muintir Thoraí le “seanbhád a tógadh sna seachtóidí” agus “a bhí caite ar leataobh thíos i nGaillimh”.

“Sé an cheist atá againne ar an Údarás, ar an Roinn agus ar an Rialtas, an bhfuil plean acu an t-oileán seo a scriosadh?” a dúirt Ó Dúgáin.

Dúirt sé go raibh an “uile rud bunoscionn” ar an oileán Gaeltachta de bharr an aighnis agus go bhfuil “an mothú” atá i measc mhuintir Thoraí “cosúil leis an aimsir – dubh dorcha”.

Maíonn lucht Chomharchumann Thoraí gur deineadh neamhaird iomlán ar mhianta na n-oileánach nuair a bhí an conradh farantóireachta don oileán le bronnadh.

Is ar an gcomhlacht Réalt na Maidne Teoranta, as Oileán Árainn Mhór, a bronnadh an conradh cúig bliana sin agus is ar an chéad lá de mhí Aibreáin a thiocfaidh an conradh úr i bhfeidhm.

Táthar ag iarraidh an conradh a bronnadh ar Réalt na Maidne a chur ar ceal toisc, a mhaítear, go bhfuil ‘The Queen of Aran’, an bád a bheidh i mbun na seirbhíse, “róshean” agus “róchaite” agus nach bhfuil sí “sábháilte le dhul chun na farraige go Toraigh”.

Dúirt Pádraig Ó Dúgáin inniu go raibh muintir an oileáin “tinn tuirseach” de chruinnithe faoin gconspóid agus de Roinn na Gaeltachta a bheith “ag teacht ar ais” chucu leis an “seanscéal céanna arís agus arís agus arís”.

Dúirt sé go raibh ráite ag trí theaghlach ar Thoraigh go bhfágfaidh siad an t-oileán mura mbíonn réiteach ar an easaontas faoin tseirbhís farantóireachta. Thug lucht an chomharchumainn le fios cheana go bhfuil sé i gceist ag muintir Thoraí bac a chur ar ché an oileáin ar an 1 Aibreán má dhéanann an bád úr farantóireachta iarracht teacht go dtí an t-oileán.

Dúirt Pádraig Ó Dúgáin ar Barrscéalta inniu nach raibh aon rogha á thabhairt ag an Aire Stáit Joe McHugh do mhuintir an oileáin seachas an ‘Queen of Aran’ agus mhaígh sé go raibh an tAire McHugh mar a bheadh “madadh” agus a “ruball a chroitheadh” ag oifigigh a Roinne.

“Coinníollacha agus ní rogha atá siad ag tabhairt dúinn,” a dúirt Pádraig Ó Dúgáin.

Tá an agóid faoin tseirbhís farantóireachta go dtí oileán Thoraí le bheith ar siúl lasmuigh de Dháil Éireann seachtain ón lá inniu, Lá Fhéile Vailintín.

“Níl a fhios agam an mbeidh mórán bláthanna againn nó nach mbeidh,” a dúirt Pádraig Ó Dúgáin.

Fág freagra ar '‘An é go bhfuil plean ag an Roinn agus an Rialtas an t-oileán seo a scriosadh?’ – muintir Thoraí ag dul i mbun agóide'

  • leitheoir

    Teigi i dteagbhail le muintir Chois Fharraige agus ceantair Ghaeltachta eile a sheasaionn an fod. Ni neart go cur le cheile. Ni thiocfaidh a dhath anuas on speir biodh si geal no dorcha agaibh!