An é comhrialtas Fhine Gael buille maraithe na muice d’Fhianna Fáil?

Ní hamháin nach léir cén difear atá idir Fianna Fáil agus Fine Gael, ach ní léir ach oiread cé hiad Fianna Fáil ná céard le haghaidh iad sa saol polaitiúil

An é comhrialtas Fhine Gael buille maraithe na muice d’Fhianna Fáil?

Níl sé ina mhargadh ceart go fóill, ach tá Éamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, ag déanamh a dhíchill chun a pháirtí a mhealladh isteach sa rialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael agus eochracha oifig an Taoisigh a bhronnadh ar Mhicheál Martin.

Ach an dtiocfaidh Fianna Fáil slán as comhrialtas lena sean-naimhde, na Léinte Gorma?

Ar ndóigh níor thug na meáin mórán aird air ach ón tús bhí cur i gcoinne láidir ann i bhFianna Fáil i gcoinne comhrialtas le Fine Gael. Ní hé go raibh baill an pháirtí ag seasamh le Sinn Féin, ach bhí slua mór ann arbh fhearr leo Sinn Féin ná Fine Gael, agus níos mó daoine fós a bheadh i bhfabhar rialtas náisiúnta ilpháirtí.

Tá na daoine seo ag rá go bhfuil Micheál Martin i ndiaidh an doras a dhúnadh ródhocht ar Shinn Féin, is go bhfuil sé anois ag cur a mhian féin a bheith ina Thaoiseach roimh leas an pháirtí.

Tá roinnt Teachtaí Dála i ndiaidh a rá go poiblí nach bhfuil siad ar aon tuairim le Martin faoin scéal, ina measc Éamon Ó Cuív, John McGuinness, Robert Troy, John Lahart, Seán Haughey agus fiú Willie O’Dea féin, agus daoine eile nach iad.

Tá comhairleoirí contae ar fud na tíre ag léiriú a míshástachta freisin, agus cuireadh cruinnithe idir comhairleoirí Chathair Bhaile Átha Cliath le Martin ar ceal nuair a bhí sé ar intinn acu iarraidh air éirí as. Tá comhairleoirí contae eile ar fud na tíre ag léiriú míshástachta freisin – sa Chabhán, san Iarmhí, i gcathair is contae na Gaillimhe, i gCiarraí, i bPort Láirge, i dTír Chonaill agus fiú i gCorcaigh is i Maigh Eo.

I gCiarraí bhí 83% de bhaill an pháirtí sa gcontae in aghaidh an chomhrialtais, de réir suirbhé áitiúil. I bPort Láirge d’fhoilsigh uachtarán fheidhmeannas dáilcheantair Fhianna Fáil, Séamus Ó Néill, litir phoiblí ag rá gur chóir do Mhicheál Martin athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí agus éirí as.

Tháinig ráiteas poiblí eile ó chomhairleoirí Fhianna Fáil i dTír Chonaill. Deir siadsan go scriosfar an páirtí má éiríonn le Martin dul ar aghaidh leis an moladh. B’fhearr leosan rialtas náisiúnta ilpháirtí freisin.

Tá Ógra Fhianna Fáil ar an bport céanna, agus i gcontae Lú ní raibh oiread is vóta amháin sa gcontae sin ar son pholasaí Mhartin.

Tá amhras mór ann an bhféadfadh sé móramh a fháil don pholasaí ag Ard-Fheis, ach, ar ndóigh, mar gheall ar Covid-19 ní bheidh aon Ard-Fheis ann.

Tá Martin ag iarraidh chomh maith nach mbeidh vótáil tríd an bpost ann, ach má bhíonn a leithéid ag an gComhaontas Glas cén chaoi a mhíneodh sé cén fáth nach bhfuil a mhacasamhail indéanta ag Fhianna Fáil?

Deirtear go minic, ar ndóigh, nach bhfuil aon difear idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Ach sin dearcadh ón taobh amuigh. Cinnte tá na polasaithe céanna nach mór ag an dá pháirtí – sé sin tús áite a thabhairt don mhargadh is don earnáil phríobháideach ghnó – ach go stairiúil tá deighilt aicmeach eatarthu, deighilt idir iad siúd a raibh an lámh in uachtar acu agus iad siúd nach raibh.

Cinnte, ghéill Fianna Fáil níos mó is níos mó don mhargadh de réir a chéile, faoi thionchar an Aontais Eorpaigh go háirithe. Ach nuair a bhí Martin ag stocaireacht don cheannaireacht i ndiaidh thubaiste 2011 d’fhógair sé gur theastaigh uaidh filleadh ar bhunfhréamhacha Fhianna Fáil.

Ba iad a chuir siad tús le tionsclú an stáit trí ról lárnach a thabhairt do chomhlachtaí stáit agus trí fhreastal ar riachtanais shóisialta an phobail.

Dúirt Éamon Ó Cuív an rud céanna, ar ndóigh, ach is cosúil gur chreid an Cuíveach sa rud a dúirt sé.

I gcás Martin, chuaigh sé i muinín a gcomhairleoirí sa gceanncheathrú, dream a chreid gur chóir aird a dhíriú ar an meánaicme le bua a fháil sa toghchán is Sinn Féin a ionsaí chun iad a chur ar a suaimhneas.

Ach fágann sé sin ní hamháin nach léir cén difear atá idir iad féin agus Fine Gael, ach nach léir ach oiread cé hiad féin is céard le haghaidh iad sa saol polaitiúil.

Más é an t-aon pholasaí atá acu ná cur i gcoinne Shinn Féin, nach n-oireann an polasaí sin níos fearr i gcónaí d’Fhine Gael?

Murar féidir leis an bpáirtí a mhíniú don chosmhuintir cén fáth gur ann d’Fhianna Fáil agus cén fáth gur fiú vótáil dóibh, ní fada go mbeidh deireadh leo.

Cheana féin tá tacaíocht an pháirtí sna pobalbhreitheanna tite go dtí 14% (8% sa bpríomhchathair).

Ach deir roinnt Teachtaí Dála i gcónaí nach bhfuil aon rogha acu mar dá mbeadh olltoghchán eile ann anois go scriosfaí iad agus go gcaillfeadh cuid mhaith acu a suíocháin.

Nach fearr cúig bliana a chaitheamh sa Dáil agus deireadh a bheith leo ansin?
Sin leas na dTeachtaí Dála, b’fhéidir, ach ní hé leas an pháirtí é.

Fág freagra ar 'An é comhrialtas Fhine Gael buille maraithe na muice d’Fhianna Fáil?'

  • Des O Murchu

    Ta na la,nil na la, beidh muid Go leir boxxxxd!

  • Seán Mac Gearailt

    Más fíor go bhfuil tromlach Fhianna Fáil i gcoinne an socraithe seo agus munar féidir leo stop a chur leis, ní fiú trumpa gan teanga iad . Níl i ndán d’FF ach bás náireach agus a chonác san orthu.

  • Michael O Maille

    Cén sórt pleota d’ógánach a mbeadh istigh in Ógra Fhianna Fáil?! Dia á réiteach….#facepalm

  • Seán Mag Leannáin

    Tá an chuma air go bhfuil FF i ladhar an chasúir. Chruthaigh an toghchán deireanach go bhfuil an pholaitíocht deighilte anois idir páirtithe na bunaíochta (FG agus FF) ar thaobh amháin agus páirtithe an fhreasúra (SF agus na páirtithe beaga) ar an taobh eile. An fhadhb do FF ná go bhfuil ceannaireacht ar thaobh na bunaíochta ag Fine Gael agus an cheannaireacht ar an taobh eile ag Sinn Féin. D’fhéadfá a rá go bhfuil FF tar éis titim idir an dá stól agus anois tá siad i mbaol a slogtha ag FG ar thaobh amháin nó a súite ag SF ar an taobh eile. Níl ach rogha an dá dhíogha acu
    Tá an Máirtíneach in áit an-leochaileach i láthair na huaire. An t-aon rud atá á choinneáil ar barr uisce é ná an tuairim i measc na mball go mbeidh sé ina chéad Thaoiseach sa rialtas nua. Don am i láthair tá an chuid is mó de na baill ag faire go bhfeicfidh siad cén treo a n-athróidh an ghaoth agus cuid mhaith acu ar a mine ghéire ag cuardach poist sa Seanad agus ‘sinecures’ eile. Idir an dá linn tá Micheál féin idir dhá thine Bhealtaine agus é ag brath go hiomlán ar dhea-thoil Leo. D’fhéadfadh seisean na cosa a bhaint de am ar bith. Ó thaobh pholasaithe de tá FF agus FG mórán mar an gcéanna le fada an lá ach is maith le cuid mhaith de na gnáthbhaill i bhFF a shamhlú go bhfuil siad difriúil ó na daoine i bhFG i gcónaí. An sean-airgead seachas an t-airgead úr!
    Beidh le feiceáil amach anseo an mbeidh scoilt i bhFF ag éirí as an nascadh le FG agus an mbeidh athailíniú bunúsach ann le FG/FFnua ar thaobh amháin agus SF/seanFF ar an taobh eile. An mbeidh frithghníomhú ailléirgeach ó chosmhuintir FF nuair a fheicfidh siad a gceannaire Micheál ina leathchúpla cónasctha le Leo? Le fírinne is beag den eite phoblachtanách atá fágtha i bFianna Fáil. Beidh daoine ar nós Éamon Ó Cuív agus Cathal Crowe idir dhá chomhairle. Ach sa deireadh is ródhócha go bhfanfaidh príomhsruth an pháirtí le Martin cibé ar bith agus go roghnóidh siad póg an bháis i mbaclainn a sean-naimhde i bhFine Gael.