An DUP sásta reachtaíocht a phlé ‘má dhéantar an cúram céanna don Ultais’

Deir Gregory Campbell gurb amhlaidh nach bhfuil an DUP sásta géilleadh ‘d’aon rud a mhéadódh an bhearna atá ann idir an soláthar don Ghaeilge agus don Ultais’

An DUP sásta reachtaíocht a phlé ‘má dhéantar an cúram céanna don Ultais’

Tá sé tugtha le fios ag an DUP go mbeidís sásta ceist na reachtaíochta Gaeilge a phlé sa chás go ndéanfaí an soláthar céanna don Ultais.

Dúirt an Feisire Parlaiminte Gregory Campbell go mbeadh a pháirtí sásta plé a dhéanamh faoi reachtaíocht teanga a thabhairt isteach dá ndéanfadh an reachtaíocht sin “an bhearna” idir an soláthar don Ghaeilge agus don Ultais a iamh.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster inné nach raibh a páirtí sásta fiú ceist an achta don Ghaeilge a phlé agus nach ngéillfidís go deo dá leithéid.

Ag labhairt dó leis an Newsletter, dúirt Gregory Campbell gurb amhlaidh nach bhfuil an DUP sásta géilleadh “d’aon rud a mhéadódh an bhearna atá ann idir an soláthar don Ghaeilge agus don Ultais”.

“Tá daoine i bpobal na Gaeilge ag gearán nach bhfuil cosaint reachtaíochta ann don Ghaeilge agus nach bhfuil soláthar á dhéanamh di. Má tá Sinn Féin ag iarraidh é sin a phlé sna cainteanna, bheimis thar a bheith sásta sin a dhéanamh.

“Má dhéanann siad sin, is é a thabharfaimid go dtí an bord ná comparáid idir an tslí a chaitear leis an nGaeilge agus an Ultais, agus féadfaimid féachaint ar cad is féidir a bhaint amach don dá rud. Pé slat tomhais atá agat, is fearr go mór an soláthar a dhéantar don Ghaeilge ná don Ultais,” a dúirt Gregory Campbell.

Dúirt sé go raibh daoine ag déanamh imní faoi cé acu an acht don Ghaeilge amháin atá i gceist nó nach ea, ach gurb amhlaidh nach nglacfadh an DUP le moladh ar bith “a dhéanfadh cúrsaí níos measa ná mar atá”.

“Mar sin féin, má dhéantar cúrsaí níos cothroime, bheimis go mór ar son a leithéid,” a dúirt Campbell.

Acht don Ghaeilge amháin atá á lorg ag An Dream Dearg agus grúpaí feachtais eile agus tá tacaíocht léirithe ag Rialtas na hÉireann don éileamh ar a leithéid d’acht neamhspleách.

I ráiteas a d’eisigh Ceannasaí Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill inné, dúirt sí gur gá d’aon chomhaontú idir an dá pháirtí seasamh le “comhionannas, cearta agus meas ar chách”.

Dúirt O’Neill gur chúis díomá ráiteas Foster agus go raibh comhaontú socraithe i mí Feabhra, ach gur tharraing an DUP amach as. Bhí socrú maidir le reachtaíocht teanga mar chuid den réamhmhargadh sin, ach tá ráite ag An Dream Dearg gur mhargadh ‘bog’ a bhí ann nach nglacfaidís go deo leis.

In alt léi ar Tuairisc.ie, dúirt Gráinne Ní Ghilín ón Dream Dearg gur chóir do Shinn Féin “an fód a sheasamh go daingean, diongbháilte” maidir le ceist an achta Ghaeilge.

“Iarraimid orthu gan géilleadh. Ná bígí ag brath ar mhargadh bog a dhéanamh agus ansin a bheith ag iarraidh tógáil air ar ball. Cothaíonn a leithéid tuilleadh fadhbanna, mar atá feicthe againn le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas.

“Tá deis eisceachtúil, stairiúil againn cearta, cothromas agus cóir a bhaint amach. Ná caitear an deis sin i dtraipisí,” a dúirt Ní Ghilín.

Tá ceist an achta Ghaeilge ar an mbac is mó roimh athbhunú an fheidhmeannais in Stormont.

Is fada ceist ann faoi cé acu an teanga í an Ultais nó nach ea.

Dúirt duine de bhunaitheoirí an DUP, Wallace Thompson, anuraidh nach teanga í agus nár chóir í a chur i gcomparáid leis an nGaeilge dá bharr.

Fág freagra ar 'An DUP sásta reachtaíocht a phlé ‘má dhéantar an cúram céanna don Ultais’'

  • wtf

    Reachtaíocht teanga don ghibris, le bhur dtoil, urlabhra an DUP.