An domhan i gcroí a bhoise ag Garry Ringrose

Labhair Tuairisc.ie le Girvan Dempsey faoin imreoir óg a ndúirt Paul O’Connell faoi go raibh mianach níos mó ann ná mar bhí i Brian O'Driscoll an lá a leag an Conallach a shúil den chéad uair air siúd

Imreoir Cúige Laighean, Garry Ringrose. INPHO/Gary Carr
Imreoir Cúige Laighean, Garry Ringrose. INPHO/Gary Carr

Ní raibh aon amhras ar chóitseálaí chúlaithe Laighean Girvan Dempsey go mbainfeadh Garry Ringrose áit amach ar fhoireann na sinsear luath nó mall. Thug Joe Schmidt isteach é i scuad traenála na hÉireann anuraidh agus thuill sé áit athuair sa scuad céanna Dé Domhnaigh seo caite. Deir Dempsey gurbh léir i gcónaí an tallann a bhí ann.

“Coimeádtar súil i gcónaí ar na himreoirí uilig san acadamh. Léirigh sé [an cumas a bhí ann] i gcónaí. Léirigh sé an tallann sin le linn dó a bheith sa réamhacadamh agus léirigh sé arís é san acadamh. Tá sé mar a bheadh spúinse ann.

“Santaíonn sé an foghlaim agus is breá leis teacht ar eolas nua. Mar a chéile é agus Josh (van der Flier) agus na leads go léir. Tuigeann siad an cluiche agus an rud a theastaíonn uathu a dhéanamh ná cur lena gcumas féin agus an méid a fhoghlaimíonn siad a léiriú nuair a théann siad chun páirce.”

Ainmníodh van der Flier (22) agus Ringrose (20) Dé Domhnaigh sa scuad traenála do Chomórtas na Sé Náisiún a chuirfear tús leis i mí Feabhra. Éachtaint é sin ar an dul chun cinn atá déanta acu beirt sa Pro12 i mbliana. Tá Ringrose i measc na gcúlaithe is fearr ar fhoireann Laighean i mbliana, ach is í an cheist is mó atá i mbéal an phobail ná an bhfuil siad réidh chun an chéad chéim eile a thabhairt?

“Céim chun tosaigh an-thapaidh a bheadh ann. Tá siad fós ag foghlaim agus tá siad óg go fóill, ach is faoi Joe (Schmidt) atá sé cinneadh a thógáil cén uair a thabharfar isteach ar an bhfoireann idirnáisiúnta iad – braithfidh sé ar na campaí traenála agus conas mar a chruthaíonn siad iontu.

“Bheadh an bheirt acu ábalta don chúram agus déanfaidh siad a seacht ndícheall a bheith ullamh mar ba chóir. Ardú céime é dul ón bPro12 go dtí an Eoraip agus ardú céime eile é dul ón Eoraip go dtí an leibhéal idirnáisiúnta. Ach feicfimid linn cad a tharlóidh roimh thús Chomórtas na Sé Náisiúin.

“Tá sé iontach don bheirt acu bheith ag traenáil le scuad na hÉireann agus an taithí sin a fháil. Is dúshlán mór é dóibh beirt, ach ba bhreá leo beirt an deis sin a fháil.”

Ghnóthaigh van der Flier úd i gcoinne Bath i gCorn na gCuradh agus in aghaidh Chonnacht ag an deireadh seachtaine. Ghnóthaigh Ringrose a chéad úd i gcoinne Newport Gwent Dragons i mí Dheireadh Fómhair. Faoi láthair tá Ringrose ar conradh acadaimh ar fiú €4,000 in aghaidh na bliana é. Bheadh teacht isteach de ar a laghad £25,000 aige in aghaidh na bliana dá mba ag imirt sa dara sraith i Sasana a bhí sé.

Dúirt Paul O’Connell anuraidh gur mheas sé an chéad uair a chonaic sé ag imirt Ringrose go raibh mianach níos mó ann ná mar bhí i Brian O’Driscoll an lá a leag an Conallach a shúil den chéad uair air siúd.

Ard-mholadh do RIngrose, ach an fada eile go mbronnfar conradh na foirne sinsear air?

“Is faoi na húdaráis atá i réim atá sé. Ní dóigh liom go ndéanann éinne i saol rugbaí na hÉireann iarracht éinne a choimeád siar, ach beidh comhrá idir Garry agus a ionadaithe leis na húdaráis atá i réim timpeall air sin,” a deir Dempsey.

Fág freagra ar 'An domhan i gcroí a bhoise ag Garry Ringrose'