AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Ag fanacht slán le Malairt Poirt, Courage agus Joe Wicks

Sa mhír seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Ag fanacht slán le Malairt Poirt, Courage agus Joe Wicks

Sleamhnaíonn an t-am mar a bheadh an taoide na laethanta seo, ar éigean gur féidir liom greim a fháil ar an lá agus an t-am den lá, formhór na seachtaine.

Ar chúis éigin, níl spéis ar bith agam in Netflix nó mórán ar an teilifís, seachas Normal People atá, mar a deir an dream óg, lasta! Tá muid ag féachaint air sa bhealach traidisiúnta, rud nach bhfuil déanta agam le fada, ag fanacht ar a theacht go RTÉ gach seachtain.

Thaitin an leabhar liom ach tá an clár teilifíse níos fearr fós. Tháinig mé ar an seinnliosta ar Spotify agus tá sé ar fheabhas, ceoltóirí comhaimseartha na hÉireann, Anna Mieke agus Tebi Rex chomh maith le remix de Hey Now le London Grammar, ach go háirithe.

Cabhraíonn an raidió liom struchtúr de shaghas éigin a chur ar mo sheachtain, is dlúthchuid den tseachtain iad Movies and Musicals ar LyricFM (tráthnóna Sathairn), Malairt Poirt le Muireann Nic Amhlaoibh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathairn agus ar an Domhnach, The Rolling Wave le hAoife Nic Cormaic agus Simply Folk le Ruth Smith le tús suaimhneach a chur leis an tseachtain.

Cuireann an tsraith Courage, comhthionscnamh le Other Voices agus RTÉ gliondar ar mo chroí. Ní raibh cur amach agam ar Denise Chaila go dtí go bhfaca mé í ag rince thart ar an nGailearaí Náisiúnta agus tá mé chomh tógtha lena fuinneamh. Bhí Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney ann roimpi agus ba gheall le seisiún machnaimh a bhí ann. Airím go bhfuil mo bhaile dúchais féin, Dún Dealgan ag teacht in inmhe ó thaobh an chultúir de, cúis bhróid dom iad leithéidí David Keenan, The Mary Wallopers agus Gerry Fiddle O’Connor agus cloisim mé féin ag rá ‘come on the town’ go minic ag féachaint orthu ar líne.

Tá, den chéad uair i mo shaol, taifead á choinneáil agam ar an leabhair ar fad atá á léamh agam, i measc na leabhar atá ar an liosta, tá Girl, Woman, Other le Bernardine Evaristo (a bhain duais Booker anuraidh) chomh maith leis na leabhair ar fad atá scríofa ag an údar Éireannach Liz Nugent.

Nuair nach bhfuil mé ag léamh nó ag éisteacht le ceol, tá Joe Wicks mo choinneáil aclaí. Tá mé chomh buíoch go bhfuil mo shláinte agam lena leithéid a dhéanamh mar teastaíonn na hendorphins a chruthaíonn aclaíocht go géar uaimse, don intinn níos mó ná don chorp. Mar sin, bím ag léimt thart ar an ngairdín go laethúil – ní bhuailfidh tú na burpees!

Fág freagra ar 'AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Ag fanacht slán le Malairt Poirt, Courage agus Joe Wicks'