An cúlstop – an botún is measa i stair na taidhleoireachta in Éirinn

D’íoc polaiteoirí in Éirinn go daor cheana as an gcluas bhodhar a thabhairt do dhaoine eile, ach ní léir aon cheacht a bheith foghlamtha

An cúlstop – an botún is measa i stair na taidhleoireachta in Éirinn

Agus an Ríocht Aontaithe ar tí imeacht as an Aontas Eorpach gan margadh ar bith, is léir anois gur straitéis amaideach an cúlstad againne.

D’fhéadfaí a áitiú gurb é an cúlstad an botún is measa i stair ghnóthaí eachtracha an Stáit ó 1921 i leith. Mhaígh an Taoiseach agus an Tánaiste go raibh cúlstad ag teastáil chun teorainn “chrua” idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann a sheachaint, ach dhiúltaigh Parlaimint Westminster glacadh leis. Fágann an diúltú sin go mbeidh teorainn “chrua” de shaghas éigin againn tar éis Oíche Shamhna 2019. Rinne an Roinn Gnóthaí Eachtracha s’againne botún an-mhór dá leithéid dhá uair eile ó 1922 i leith.

Cuimhnigh ar imeacht na hÉireann as an gComhlathas i 1948 agus dearbhú na poblachta i 1949 nuair a athraíodh ainm an Stáit ó ‘Éire’- an téarma a úsáidtear i mBunreacht na hÉireann – go dtí ‘Poblacht na hÉireann’, an téarma reachtúil nua. Mhaígh an Taoiseach John A. Costello agus Seán MacBride, an tAire Gnóthaí Eachtracha sa Rialtas Idirpháirtí gur bhua mór ar son an náisiúnachais an cinneadh tobann sin imeacht ón gComhlathas.

Ach ní dhearna an bheirt acu aon ullmhúchán ceart, agus ní raibh aon choinne acu leis an bhfreagra a thug rialtas Clement Attlee i Londain orthu. Chuir Attlee Acht na hÉireann i bhfeidhm mar fhreagra ar chinneadh Costello agus MacBride. Thug an t-acht sin cumhacht nua do Pharlaimint Stormont, an chumhacht diúltú d’aontú polaitiúil an oileáin seo. Roimh 1949, bhí sé de chumhacht ag Westminster oileán na hÉireann a aontú gan beann ar Stormont, ach tar éis 1949, bhí na haontachtaithe in ann stop a chur leis sin. Más ea, agus dá mba i ngan fhios dóibh beirt é, chuidigh Costello agus MacBride lena naimhde aontachtacha.

Ba chóir tagairt a dhéanamh anseo freisin do dhearbhú Sunningdale i 1974, an chéad iarracht ó 1920 comh-aireacht idirpháirtí a bhunú idir na náisiúnaithe agus na haontachtaithe i dTuaisceart Éireann. Mhaígh an tAire Gnóthaí Eachtracha ag an am, an Dr Garret FitzGerald, nach nglacfadh Rialtas na hÉireann le margadh polaitiúil ar bith mura gcuirfí brú ar na haontachtaithe glacadh le ‘Comhairle na hÉireann’, institiúid pholaitiúil úrnua a bheadh in ann comhoibriú polaitiúil idir an dá stát ar an oileán a stiúradh. Mhaígh John Hume, thar ceann an SDLP, gur chóir cumhacht a thabhairt don chomhairle nua seo dlíthe sa dá stát a leasú le go mbeidís ag teacht le chéile níos mó.

Chuir an méid seo eagla ar na haontachtaithe go léir, fiú iadsan a bhí sásta suí i gcomh-aireacht idirpháirtí den chéad uair. Thug an Dr FitzGerald an chluas bhodhar dóibh, cé go raibh sé soiléir nach mbeadh ceannaire aontachtach ar bith, gan trácht ar Brian Faulkner, sásta páirt a ghlacadh i margadh polaitiúil amhail ‘Comhairle na hÉireann’.

Faoi dheireadh, bhain na dílseoirí foréigneacha leas as an gcomhairle chun stailc bhrúidiúil a eagrú, stailc a loit margadh Sunningdale ar fad. I ndeireadh na dála mar sin, chaill FitzGerald ‘Comhairle na hÉireann’ agus an chomh-aireacht idirpháirtí toisc nach raibh sé sásta éisteacht i gceart le húdair imní na n-aontachtaithe.

Botún straitéiseach uafásach a bhí ansin, agus níor cuireadh comh-aireacht áitiúil i bhfeidhm in Stormont go dtí 1999.

Tháinig an cúlstad seo againne as nós amaideach sin na cluaise bodhaire i gcúrsaí taidhleoireachta. Cén fáth nach bhfuil ceacht foghlamtha ag ár dtaidhleoirí bródúla agus cén fáth nach bhfuil na botúin chéanna á seachaint acu?

Fág freagra ar 'An cúlstop – an botún is measa i stair na taidhleoireachta in Éirinn'

  • Concubhar O Liathain

    Ní tadhlóirí Éireannacha ach Briotanacha a chum an chúlstad.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Mura bhfaighimidne teorainn oscailte, ní bhfaighidh na Sasnaigh margadh imeachta ná trádála leis an Aontas Eorpach. Sin is brí leis an gcúlstad. Murach é, beidh teorainn chrua bhuan ann a bhuíochas do Rialtas Shasana.