An cúigiú duine básaithe in Éirinn de bharr Covid-19

Cailleadh duine eile le Covid-19 sa Tuaisceart. 913 cás atá deimhnithe anois in Éirinn, 128 cás ó thuaidh agus 785 ó dheas

An cúigiú duine básaithe in Éirinn de bharr Covid-19

Tá an dara duine básaithe de thoradh Covid-19 sa Tuaisceart.

Seo an cúigiú duine atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime.

Duine amach sna blianta a raibh fadhb eile sláinte aige a bhí sa duine is déanaí a bhásaigh de bharr an ghalair.

Triúr a fuair bás le Covid-19 ó dheas go dtí seo.

20 cás eile de Covid-19 a deimhníodh ó thuaidh inniu. Cuireadh tástáil ar 2.484 duine ó thuaidh go dtí seo, 913 cás atá deimhnithe anois in Éirinn, 128 cás ó thuaidh agus 785 cás ó dheas.

102 cás nua a deimhníodh ó dheas inné.

 

Fág freagra ar 'An cúigiú duine básaithe in Éirinn de bharr Covid-19'