An crú ar an tairne do na foirne atá ag iarraidh fanacht i Roinn 1

Beidh cluichí tábhachtacha idir foirne atá ag bun Roinn 1 tráthnóna nuair a thabharfaidh Muineachán aghaidh ar Dhún na nGall agus nuair a chasfaidh Áth Cliath ar Thír Eoghain

An crú ar an tairne do na foirne atá ag iarraidh fanacht i Roinn 1

Dún na nGall v Muineachán – Páirc Mhic Cumhaill, 1.45in (Beo ar TG4)

Gan ach cluiche amháin caillte ag Dún na nGall go dtí seo sa tsraith, beidh Declan Bonner sásta go maith le torthaí na foirne, ach ní féidir na maidí a ligean le sruth go fóill. Tá cúig phointe ag Dún na nGall i Roinn 1, rud a chiallaíonn go bhfuil seans acu cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach. Ach má éiríonn le Muineachán an ceann is fearr a fháil orthu inniu i mBealach Féich, d’fhéadfadh freisin go mbeidís tarraingthe isteach sa chath ag bun an tábla.

Tá foireann Shéamuis McEnaney i mbaol cheana féin, gan aon chluiche buaite acu go fóill tar éis ceithre bhabhta. Fágann na cluichí comhscóir in aghaidh Thír Eoghain agus Ard Mhacha go bhfuil seans fós ag Muineachán iad féin a thabhairt slán ach níor mhór dóibh tús a chur leis an obair tharrthála anois.

Cinnte, caithfidh Muineachán a bheith níos fearr ná mar a bhíodar in aghaidh Chiarraí coicís ó shin. Bua ocht bpointe a bhí ag fir na Ríochta in Inis Caoin ach, i ndáiríre, bhí bearna níos mó ná sin idir na foirne agus roinnt scóranna faighte ag Muineachán ag deireadh an chluiche. Rugadh amuigh ar Rory Beggan do phéire de na cúil a d’aimsigh Ciarraí ach is beag seans go gcuirfidh na botúin sin srian ar an gcúl báire inniu agus an oiread sin tairbhe bainte ag Muineacháin as a chuid ruathar chun tosaigh le blianta beaga anuas.

Ar an taobh eile, tabharfaidh bua Dhún na nGall in aghaidh Thír Eoghain misneach dóibh. Ba iad fir Thír Eoghain ab fhearr do chuid mhaith den chluiche ach tháinig na cúil ag an am ceart do Dhún na nGall, díreach roimh leath ama agus ceann eile díreach ag deireadh na himeartha chun an bua a chinntiú.

Tá ceithre chluiche sraithe imeartha ag na foirne seo in aghaidh a chéile le cúig bliana anuas. D’éirigh le Dún na nGall agus Muineachán ceann an taobh a bhuachan agus chríochnaigh an péire eile ar comhscór. Léiríonn sin nach bhfuil mórán idir na foirne agus níor cheart go mbeadh inniu ach oiread.

Tír Eoghain v Áth Cliath – Páirc Uí Éilí, 3.45pm (Beo ar TG4)

Casfaidh seaimpíní na hÉireann 2021 agus seaimpíní na sé bliana roimhe sin ar a chéile ar an Ómaigh tráthnóna agus Tír Eoghain agus Áth Cliath go mór i mbaol a ndíbeartha go dtí Roinn 2.

Má chailleann Áth Cliath inniu beidh sé beagnach cinnte gur ísliú céime a bheidh i ndán dóibh agus thabharfadh sé sásamh ar leith do Thír Eoghain an buille sin a bhualadh ar fhir na príomhchathrach.

Tá fadhbanna Dessie Farrell soiléir go maith go dtí seo agus gan aon chluiche buaite ag Áth Cliath fós sa tsraith. Cill Dara a bhuaigh orthu sa bhabhta deireanach, an chéad uair acu an beart sin a dhéanamh le breis is scór bliain. Bhí cúpla rud sa taispeántas ar an Droichead Nua a thabharfadh beagán misnigh do Farrell, áfach. Chruthaigh Áth Cliath roinnt deiseanna ar chúil agus dá mbeadh ceann nó péire scóráilte acu, bheadh léamh eile ar an scéal. 

Beidh an bainisteoir ag súil go dtiocfaidh na himreoirí chucu féin anois agus iad i mbéal an mhadra ach ní ligfear tada éasca leo ar an Ómaigh. Tabharfaidh filleadh James McCarthy spreagadh don fhoireann ach is mór an chailliúint é Con O’Callaghan d’Áth Cliath. Níor imir fear Chuala fós sa tsraith agus airíonn siad uathu go mór é.

Bhí cuma na maitheasa ar Thír Eoghain sa chéad leath in aghaidh Dhún na nGall i mBabhta 4. Bhí siad ag imirt in aghaidh na gaoithe ag an am ach ceannas acu ar an imirt ach nuair a scóráil Conor O’Donnell cúl ag deireadh an chéad leatha do Dhún na nGall, chuir sé Tír Eoghain go hiomlán dá mbuille.

Tá a fhios ag Tír Eoghain go dteastaíonn ar a laghad toradh maith amháin eile chun go mbeidís slán i Roinn 1. Agus cluichí in aghaidh Mhaigh Eo agus Chiarraí fós rompu, b’fhearr dóibh an t-aicsean a dhéanamh gan mhoill.

Fág freagra ar 'An crú ar an tairne do na foirne atá ag iarraidh fanacht i Roinn 1'