An contúirt na paraimíleataigh dhílseacha nó nach ea? Cibé b’fhearr éisteacht le hEaspag Ard Mhacha

Bhí teachtaireacht shoiléir ag an Dr John McDowell, easpag Ard Mhacha, Príomháidh Eaglais na hÉireann, do pharaimíleataigh dhílseacha agus don DUP

An contúirt na paraimíleataigh dhílseacha nó nach ea? Cibé b’fhearr éisteacht le hEaspag Ard Mhacha

Dr John McDowell, easpag Ard Mhacha

Níl aon chontúirt faoi láthair ó na paraimíleataigh dhílseacha dar le Príomh-Chonstábla an PSNI, ach tá na seirbhísí slándála ag faire orthu. Ag cruinniú poiblí an Bhord Póilíneachta a nocht an Príomh-Chonstábla, Simon Byrne, measúnú na bpóilíní ar an teannas atá á chothú faoin bprótacal iarBhreatimeachta agus éigeandáil Stormont.

Freagra leamh ab ea é ar an litir bhagrach a d’eisigh scáthghrúpa an UVF, an UDA agus an Red Hand Commando le déanaí agus a thuilleadh cainte ó shin. Tugadh foláireamh go mbeadh iarracht ar bith chun comhúdarás idir an Bhreatain agus Éirinn le linn an fholúis in Stormont doghlactha. Dúradh nach fáilte ach a mhalairt a bheadh roimh airí rialtais na hÉireann abhus agus go raibh sosanna comhraic na ndílseoirí i mbaol.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney i mBéal Feirste Dé Céadaoin nach ngéillfeadh Rialtas na hÉireann don imeaglú. Dhearbhaigh sé go raibh dualgais ar airí Éireannacha mar chomhpháirtnéir i gComhaontú Aoine an Chéasta agus gheall nach gcuirfí dá gcúrsa iad.

Díol suntais é chomh réchúiseach is a bhíonn na húdaráis abhus faoi ‘mhór-ráitis’ thar ceann na ngrúpaí dílseacha neamhdhleathacha, toirmiscthe. Cháin aontachtaithe –a bheag nó a mhór – an chaint ar fhilleadh chun foréigin ach smid níor dúradh faoi dhánacht na ngrúpaí seo a bheith gníomhach i gcónaí tar éis liodáin de scéimeanna chun cabhrú leo ‘claochlú’. Más é cinneadh na bpóilíní a bheith díomhaoin ina leith ar fhaitíos go ngríosófaí daoine chun círéibe, cén fhad is féidir polasaí mar sin a chosaint?

Murab ionann agus na paramíleataigh de chuid na n-easaontóirí poblachtacha a mbíonn MI5 sa tóir orthu, is é aonad frithchoiriúlachta an PSNI a bhí ag déileáil leis na dílseoirí – gan mórán éifeachta. Is cosúil go bhfuil MI5 ag faire orthu anois i bhfianaise na litreach agus na mbagairtí is deireanaí.

Seans go raibh an ceart ag an bPríomh-Chonstábla gur buaileam sciath a bhí i gceist mar chualathas caint bhagrach ón LCC (scáthghrúpa) cheana. Mar sin féin conas is féidir a bheith cinnte nach mbuailfidh spadhar dream beag éigin a cheapfaidh nach baol dóibh na póilíní agus a dhéanfas ionsaí as a stuaim féin?

Ba mhór idir briathra Simon Byrne agus ráiteas neamhbhalbh ón Dr John McDowell, easpag Ard Mhacha, Príomháidh Eaglais na hÉireann. Níor chuir sé fiacail ina bhreithiúnas ar na paraimíleataigh dhílseacha. ‘Lucht mioscaise nach ionadaithe ar éinne ach ar mhangairí drugaí agus dronga sracaireachta iad,’ ar sé. Coirpigh iad a bhaineann leas as seanbhratacha paraimíleatacha chun ansmacht a imirt ar an bpobal ina gcomharsanachtaí féin, ar sé. Ní ghlacann siad ról sa tsochaí dhaonlathach ach baineann siad leas as imní daoine le linn géarchéime.

Athrá ab ea cáineadh an easpaig ar anailís a rinne sé cúpla mí ó shin in alt nuachtáin. Dúirt sé ansin, sa Belfast Telegraph, gur chontúirt mhór iad don Bhreatain, d’Éirinn agus do Thuaisceart Éireann, go háirithe, mar go raibh an Breatimeacht, an prótacal iarBhreatimeachta agus éigeandáil an chostas maireachtála ar fad ag teacht sa mhullach ar a chéile. Bhí gá le comhoibriú chun na deacrachtaí a fhuascailt seachas a bheith ag éileamh réitigh neamh-mheasartha, a dúirt sé.

Ba é príomhchuspóir an ráitis comhairle maidir le freagracht phoiblí a chur ar na polaiteoirí, nó fainic go deimhin. Seachain an ar lucht an fhuatha a dhéanfaidh tú rud.

Nuair atá cúrsaí chomh híogair is atá faoi láthair, arsa an Dr John McDowell, tá tábhacht thar na bearta leis go mbeadh polaiteoirí stuama faoi na glórtha a dtugann siad éisteacht dóibh. Mhol sé do bhaill rialtais agus d’éinne atá tofa idirdhealú a dhéanamh idir glórtha an dóchais agus na freagrachta agus iad sin nach bhfuil acu ach mailís gan údar agus imeaglú.

Ní hiad ár ngníomhartha amháin, ar sé, ach an chomhairle a chuirimid san áireamh agus cinneadh á dhéanamh againn a shocraíonn an sochaí shibhialta atá á forbairt againn nó ceann briste, folamh gan fiúntas.

Ar ndóigh níor ainmnigh an tEaspag McDowell aon pháirtí polaitíochta ar leith ach ba léir go raibh an teachtaireacht dírithe ar an DUP. Ní maise ar pháirtí ar bith é leas a bhaint as ‘an chontúirt’ a bhaineann le bagairtí ó dhreamanna a thacaíonn lena n-éilimh ach gan smacht ag an bpáirtí orthu. Nós seanbhunaithe i dTuaisceart Éireann is ea é sin agus is maith mar a tharraing an t-easpag aird air. Dá ndéanfadh a thuilleadh daoine agus forais údarásacha an rud céanna, b’fhéidir go mbeadh deis ar rath agus rathúlacht abhus.

Fág freagra ar 'An contúirt na paraimíleataigh dhílseacha nó nach ea? Cibé b’fhearr éisteacht le hEaspag Ard Mhacha'

  • Dónall Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    An Príosúnach Poblachtach ar Dhomhach na bPríosúnach.

    Maith thú,

    Maith thú ,is ag dul i dtreo Éire Aontaithe atá muid agus :——

    Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.

    Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbé na bPoblachtach ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Phoblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.

    Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.

    An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.

    Bheul, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na Aontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.

    Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát, dar leo.

    Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a thoiseacht á dhéanamh agus ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.

    (tuilleadh le teacht amach anseo)

    Is mise le dóchas mór agus ceol binn ó na beanna/( ó na Túir)
    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************