An comhtharlúint é gurb iad na Breatimeachtóirí is diongbháilte a mhaíonn go bhfuil lá Chomhaontú Aoine an Chéasta caite?

Gach seans go bhfuil na daoine a mhaíonn go bhfuil port an chomhaontaithe seinnte dall ar an gconradh idir an dá rialtas, nó gur mhian le cuid acu a bheith dall air

An comhtharlúint é gurb iad na Breatimeachtóirí is diongbháilte a mhaíonn go bhfuil lá Chomhaontú Aoine an Chéasta caite?

Cad a bheidh ann faoin teorainn? An mbeidh feidhm dlí le geallúint na Breataine nach mbeidh teorainn chrua ar an oileán seo de bharr an Bhreatimeachta? Cén leagan den réiteach a rinneadh roimh Nollaig a bheidh ann? An mbeidh an ‘cúlstop piléardhíonach’ a gheall an Taoiseach ann, nó an léamh maolaithe a bhí ag díograiseoirí an Bhreatimeachta? An mbeidh an gheallúint ann a strac an DUP as an bPríomh-Aire May nach mbeadh dibhéirseacht idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór? Cad iad na ciallachais do Chomhaontú Aoine an Chéasta?

Rialaigh an Chúirt Uachtarach nár sháraigh an Breatimeacht Comhaontú Aoine an Chéasta. Níl fianaise ar bith ann gur athraigh an rialú sin intinn aon duine. Shéan lucht an Bhreatimeachta go raibh an Comhaontú á shárú nó á lagú acu ach ba dheacair a bheith dall air gurb iad na daoine is tiomanta don imeacht ón Aontas Eorpach a mhol athbhreithniú ar an gComhaontú nó a dúirt go raibh sé gan tairbhe faoin taca seo.

Iar-státrúnaí i dTuaisceart Éireann is ea an Caomhach, Owen Patterson. D’eisigh sé tvuít ag aontú le ceannlíne ar cholún a mhaígh go raibh ré an Chomhaontaithe caite – ‘[it] has outlived its use’. Scríobh Caomhach eile, Daniel Hannan san Daily Telegraph go raibh teipthe ar an gComhaontú. Bhí an port céanna ag Kate Hoey, feisire ón Lucht Oibre agus bean de bhunadh Chontae Aontroma, a dúirt nach raibh an Comhaontú inbhuanaithe. Tá an triúr sin i measc na ndaoine a dteastaíonn an Breatimeacht is uileghabhálaí ar fad uathu. Bhí a gcomhbhádóir Michael Gove míshásta le Comhaontú Aoine an Chéasta ón tús.

Deir siadsan nach bhfuil bunús ar bith leis an imní faoin gcontúirt don Chomhaontú ón mBreatimeacht. Raiméis, a deir siad féin agus a lucht tacaíochta sna nuachtáin. Corrdhuine cois teorann, thuaidh nó theas, a aontaíonn leo. Cháin an Tánaiste, Simon Coveney iad go géar. ‘Caint mheargánta’ a bhí ar bun acu, ar sé. Oíche Dé Luain ar UTV, dúirt duine d’ailtirí an chomhaontaithe, an t-iarThaoiseach Bertie Ahern gur léir gur chuir an Breatimeacht isteach ar gach gné den pholaitíocht. Díth céille ab ea é a mhalairt a rá, ar sé.

Ní hamháin go bhfuil teannas cothaithe ag an mBreatimeacht sa chaidreamh Angla-Éireannach ach is cnámh spairne é sa pholaitíocht logánta freisin. Dá mbeadh Stormont ag feidhmiú bheadh an t-easaontas idir aontachtaithe agus gach páirtí eile follasach. Tá an SDLP agus Alliance in éadan an Bhreatimeachta, glacann an UUP le toradh an reifrinn ach níl imeacht crua uathu.

Ba iad an DUP na díograiseoirí i bhfabhar an Bhreatimeachta agus is cosúil gurb iad an eite lena mbaineann Gove, Johnson, Davis, Hannan agus Patterson comhbhádóirí an DUP i Westminster. Ar éigean is gá a rá gur údar buartha é sin abhus. Chaithfeá a bheith an-soineanta lena chreidiúint gur cás leis an dream sin ceist na teorann agus ní foláir gur chúis bhuartha é sin don DUP. Chaithfeadh sé gur chuir baothchaint Boris Johnson as a meabhair iad nuair a chinn sé go bhféadfaí an teorainn in Éirinn a bhainistiú – gan dua – mar a rinne seisean leis an táille thranglaim ar an trácht i Londain.

Cé go bhfuil siad i gcomhghuaillíocht le Theresa May chun a rialtas a choinneáil i gcumhacht, ní bhíonn leisce ar bith orthu í a chur i sáinn san Eoraip. Bhain siad tuisle aisti roimh Nollaig faoin dréachtmhargadh atá le foilsiú anois – ag cur moill ar an obair go dtí gur gealladh nach mbeadh ‘teorainn’ idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe. Má tá fírinne ar bith sna ráflaí nach mbeidh an gheallúint sin san téacs oifigiúil – cad a dhéanfaidh an DUP? Margadh idir Rialtas na Breataine agus an DUP é dar le lucht na Bruiséile agus lucht rialtais i mBaile Átha Cliath, a deir tráchtaire RTE, Tony Connolly. Ní réiteach é idir an tAontas Eorpach agus an DUP ná an Bhreatain.

Conas is féidir guagacht a sheachaint mar sin? Sa Bhreatain Mhór? I bPoblacht na hÉireann? I dTuaisceart Éireann? Agus an féidir leis na píosaí éagsúla den Chomhaontú a theacht slán ón dochar? Tá a fhios ag an saol Fódlach go bhfuil an chuid den Chomhaontú a bhaineann le Stormont i dtrioblóid mar nach raibh an DUP agus Sinn Féin in ann margadh a dhéanamh. Rith siad an Feidhmeannas i Stormont go mífheidhmiúil go dtí Eanáir na bliana seo caite. Ní hé sin le rá nárbh fhéidir é a rith ar bhealach tairbheach dá mba é sin toil an dá mhórpháirtí.

Tríd is tríd tá an chuid den Chomhaontú a bhaineann leis an tsíocháin ag feidhmiú; faoiseamh ollmhór. Tharla eachtraí foréigin ó Aibreán 1998, sléacht na hÓmaí san áireamh, ach tá an saol feabhsaithe go mór i gcomparáid le ré na dTrioblóidí.

Conradh idir Éirinn agus an Bhreatain is ea an chuid eile den Chomhaontú. Is faoi sin a bunaíodh Comhdháil Idir-Rialtasach na Breataine agus na hÉireann (a theideal oifigiúil amscaí). Níor gaireadh cruinniú den fhoras sin le fada. Tá cruinniú éilithe ag an Taoiseach agus ag Sinn Féin ó theip ar na cainteanna i Stormont. Seans go raibh an Bhreatain róchruógach sa tóir ar shos comhraic i gcogadh cathartha an rialtais faoin mBreatimeacht chun aird a dhíriú ar an éileamh sin.

Mar sin féin tá ról ag an gComhdháil agus freagracht dá réir ar na rialtais chun a dhul i ngleic leis an tsáinn pholaitiúil abhus, teacht ar réiteach nó, dá uireasa, socruithe eile a dhéanamh. Gach seans go raibh na daoine a mhaígh go raibh port an chomhaontaithe seinnte ag caint ar Stormont amháin; is furasta a bheith éadóchasach faoi sin. B’fhéidir go raibh siad dall ar an gconradh idir na rialtais nó gur mhian le cuid acu a bheith dall air. Is ann don chonradh sin áfach agus feidhm reachtúil idirnáisiúnta leis. Ná ligtear d’éinne beag is fiú a dhéanamh de.

Fág freagra ar 'An comhtharlúint é gurb iad na Breatimeachtóirí is diongbháilte a mhaíonn go bhfuil lá Chomhaontú Aoine an Chéasta caite?'