An Coimisiún le Rincí Gaelacha ag seasamh an fhóid maidir leis an chéad Fheis Iosrael

Ní chuirfear ar ceal Feis Iosrael, a bheidh á reáchtáil ag Acadamh Uí Chiardha i dTel Aviv, in ainneoin achainí go ndéanfaí amhlaidh mar chuid de ‘bhaghcat cultúir’ ar an Iosrael

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Tá sé tugtha le fios ag an gCoimisiún le Rincí Gaelacha do Tuairisc.ie go mbeidh ‘chéad Fheis Iosrael’ ag dul ar aghaidh in ainneoin achainí ón Irish Palestinian Activists Collecitve í a chur ar ceal mar chuid de ‘bhaghcat cultúir’ ar an Iosrael.

Tá achainí ar líne tosaithe ag Amanda Crawford thar ceann na heagraíochta a éilíonn ar an gCoimisiún agus ar Acadamh Uí Chiardha na hIosrael gan an Fheis a reáchtáil mar gheall ar an aighneas idir an tír sin agus an Phalaistín.

Luaitear san achainí liodán na gcoireanna atá déanta ag an Iosrael in aghaidh mhuintir na Palaistíne ó bunaíodh an stát tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Deir an eagraíocht go bhfuiltear i mbun baghcat cultúir ar an Iosrael le brú a chur ar an stát aitheantas ‘mar is ceart’ a thabhairt do stát na Palaistíne.

Dúirt an Coimisiún le Rincí Gaelacha go bhfuil comhfhreagras faighte faoin gceist seo ach gurb í an sprioc atá acu ná na rincí Gaelacha, idir steip, chéilí agus chineálacha eile damhsaí, a chur chun cinn agus an méid céanna a dhéanamh leis an nGaeilge.

“Ní thráchtann agus ní thráchtfaidh an Coimisiún ar chúrsaí polaitíochta, bídís ina gcúrsaí náisiúnta nó idirnáisiúnta,” dúirt urlabhraí an Choimisiúin le Tuairisc.ie

D’eisigh Acadamh Uí Chiardha ráiteas ar leathanach Facebook na Feise freisin inár maíodh go mbaineann an Fheis le muintearas agus le hurraim a léiriú idir ciníocha agus lucht creidimh éagsúla agus nach raibh baint aige leis an bpolaitíocht.

Dúradh go dtarlaíonn an t-uafás coireanna cogaidh ar fud an domhain agus go bhfuil daoine idir mhaith agus olc ar fud na cruinne agus nár chóir an milleán a chur ar ghnáthmhuintir na hIosrael nach bhfuil baint acu leis an bpolaitíocht.

“Why should we starve these people of their enjoyment of Irish dance just beacuse they live in a country whose politics we do not agree with?…We are dancing for peace and friendship, not for politics,” a scríobhadh.

Beidh chéad Fheis Iosrael á reáchtáil i dTel Aviv ar 15 Lúnasa na bliana seo agus beidh Séamus agus Áine Uí Shé ina moltóirí ar na comórtais.

Bhain conspóid leis an mbanna ceoil Dervish tamall de bhlianta ó shin freisin nuair a d’fhógair siad ceolchoirmeacha san Iosrael.

Cuireadh na ceolchoirmeacha ar ceal mar gheall ar bhrú ón Ireland Palestine Solidarity Campaign cé gur thug an banna le fios nach cinneadh polaitíochta a bhí ann. Ag an am, dúirt Cathy Jordan, príomhamhránaí Dervish leis an Irish Indepedent gur “maidhm diúltachais” a chuir bac ar an turas.

Fág freagra ar 'An Coimisiún le Rincí Gaelacha ag seasamh an fhóid maidir leis an chéad Fheis Iosrael'

  • PólRéamainn

    “Why should we starve these people of their enjoyment of Irish dance just beacuse they live in a country whose politics we do not agree with?…We are dancing for peace and friendship, not for politics,”

    Tá mé cinnte go dúirt ceoltóirí an rud ceannann céanna nuair a d’eagraigh siad ceolchoirmeacha san Afraic Theas le linn Chinedheighilte.

  • Colm Ó Cinnseala

    Bhí mé féin san Iosrael, sa Phailistín , agus sna tírthe eile maguaird. Chonaic le mé lemo shúile féin an slad atá ar bun ag Stáit Iosrael in aghaidh na Pailistínigh agus muintir na Liobáine. Éinne a bhfuil sé i gceist acu imeacht a reachtáil in Iosrael mholfainn díbh coinníol a leagan síos, is é sin go mbeadh cead ag neamh-Iúdaigh ón mBruach Thiar agus ó Ghaza a bheith i láthair chomh maith.