‘An Coimisinéir Teanga is neamhurchóidí ar domhan ní ghlacfadh sé leis seo’

Freagra ag RTÉ ar thuarascáil an Choimisinéara Teanga, ach deir an Coimisinéir nach féidir a laghad clár teilifíse Gaeilge ag an gcraoltóir a chosaint

‘An Coimisinéir Teanga is neamhurchóidí ar domhan ní ghlacfadh sé leis seo’

Tá freagra tugtha ag RTÉ ar chinneadh an Choimisinéara Teanga go bhfuil an reachtaíocht i leith na Gaeilge á sárú acu, ach deir an Coimisinéir féin nach bhfuil aon chosaint ar a n-easpa clár Gaeilge teilifíse.

I ráiteas a chuir RTÉ amach dúradh go ndeirtear i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur sháraigh RTÉ a chuid oibleagáidí faoi Acht Craolacháin 2009 i dtaobh na teilifíse, ach go ndeirtear chomh maith go bhfuil an craoltóir “ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí tríd is tríd maidir le cláir nuachta teilifíse agus ábhar raidió”.  

“Chomh maith leis sin, níl na forbairtí nuálaíocha a chuir RTÉ chun cinn chun cur go mór le hábhar Gaeilge ar líne, ar na meáin shóisialta agus i réimsí an raidió dhigitigh agus an phodchraolta ag teacht faoi scóip na Tuarascála seo,” a dúirt RTÉ.

Luaigh siad sa ráiteas chomh maith an soláthar reachtúil clár a dhéanann siad do TG4 gach bliain agus mhaígh siad go raibh méadú tagtha ar an méid airgid a chaitheann siad ar chláir Ghaeilge.

Ní raibh aon ghlacadh ag an gCoimisinéir Teanga áfach leis an gcosaint sin.

“Is é an rud atá i gceist anseo go bunúsach ná beagnach glanadh iomlán na gclár Gaeilge ó theilifís RTÉ. Tá sé go hiomlán in aghaidh na reachtaíochta, agus is é a chaithfidh RTÉ a dhéanamh ná plean a chur ar fáil,” a dúirt sé ar an gclár Morning Ireland ar maidin.

Dúirt an Coimisinéir nár chosaint “bhailí” ar chor ar bith é an soláthar reachtúil a dhéanann RTÉ do TG4 mar gur le foráil eile ar fad sa reachtaíocht chraolacháin a bhaineann an dualgas sin.

Dúirt sé nár caitheadh as buiséad clár teilifíse €337 milliún RTÉ ach €1 milliún amháin ar chláir Ghaeilge agus nárbh chláir Ghaeilge ach 123 uair a chloig den 8,657 uair a chloig de chláir a craoladh ar RTÉ 1 agus RTÉ 2 in 2017.

“An Coimisinéir Teanga is neamhurchóidí ar domhan ní ghlacfadh sé leis gurb ionann sin agus seirbhís chuimsitheach clár i nGaeilge,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill.


An dlí sáraithe ag RTÉ agus 99.3% dá sceideal i mBéarla amháin – cinneadh an Choimisinéara Teanga

 


Sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin, de réir imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh inniu go bhfágann an líon “thar a bheith easnamhach” clár teilifíse Gaeilge a chraoltar ar RTÉ go bhfuil an craoltóir “ag sárú an Achta Craolacháin” agus “ar neamhréir le toil Thithe an Oireachtais”.

Mhol an Coimisinéir go n-ullmhódh RTÉ plean feidhmithe lena chinntiú go gcloífí feasta lena ndualgas i leith na Gaeilge agus go gcuirfí an plean sin faoina bhráid taobh istigh de shé mhí.

Dúirt RTÉ go rabhthas “ag breithniú” thorthaí an imscrúdaithe agus go dtabharfaí freagra ar an gCoimisinéir Teanga “sna míonna atá ag teacht.”

Dúirt siad gur mhian leo níos mó infheistíochta i réimse na Gaeilge, na drámaíochta, na heolaíochta, agus i gcláir do leanaí agus cláir cultúrtha “ach gur fhág na srianta daingne caiteachais faoina bhfuiltear ag feidhmiú nárbh fhéidir é sin a dhéanamh san am i láthair”.

Fág freagra ar '‘An Coimisinéir Teanga is neamhurchóidí ar domhan ní ghlacfadh sé leis seo’'

  • Seán Mistéil

    Tá breithiúnas an Choimisinéara Teanga i leith RTÉ bunaithe ar an imscrúdú a rinne sé, breá soiléir – agus níl pobal na Gaeilge ná an pobal i gcoitinne neamhurchóideach.
    ‘sin ráite, tá srianta ar chaiteachas an stáisiúin le tamall; sin sular cinneadh (is cosúil) díriú ar an soláthar reachtúil cláracha do TG4 – dualgas ar leith – seachas freastal ar chláracha srl. i nGaeilge ar RTÉ féin.
    Tá ról lárnach ag Údarás Craoltóireachta na hÉireann in aon réiteach ar an sárú reachtaíochta seo ag RTÉ.