Sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin, de réir imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfágann an líon “thar a bheith easnamhach” clár teilifíse Gaeilge a chraoltar ar RTÉ go bhfuil an craoltóir “ag sárú an Achta Craolacháin” agus “ar neamhréir le toil Thithe an Oireachtais”.
Dúirt an Coimisinéir ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh ar maidin go raibh an t-imscrúdú faoi RTÉ ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí atá déanta ag a oifig ó bunaíodh í.
Fuarthas amach le linn imscrúdú an Choimisinéara nach raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ in 2017 ina gcláir Ghaeilge.
De na 18,657 uair a chloig de chláir theilifíse a craoladh ar chainéil RTÉ sa bhliain 2017, ní raibh ach 123 uair an chloig de chláir Ghaeilge i gceist.
Mar bharr air sin, dúirt an Coimisinéir go raibh seánraí áirithe gur fíorbheagán clár Gaeilge a craoladh iontu má craoladh aon chlár Gaeilge.
Dúirt an Coimisinéir go raibh soláthar á dhéanamh i nGaeilge ag RTÉ i réimse na nuachta Gaeilge ach go mba léir nár cuireadh cláir cúrsaí reatha ar fáil i nGaeilge “in ainneoin dualgas soiléir reachtúil a bheith ann é sin a dhéanamh”.
De réir an Achta Craolacháin ní foláir do RTÉ “réimse cuimsitheach clár” a chur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.
“Má bhí “réimse cuimsitheach” clár á chur ar fáil i mBéarla, ba ríléir nach raibh “réimse cuimsitheach” clár á chur ar fáil i nGaeilge,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.
“Léiríonn torthaí an fhiosraithe nach bhfuil ach 0.7% de na cláir theilifíse ar RTÉ sonraithe mar chláir Ghaeilge. Nó, i bhfocail eile, gur i mBéarla amháin atá thart ar 99% de na cláir theilifíse ar an stáisiún,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.
Cé go bhfuil amhras le fada ann nach bhfuil a ndualgas i leith na Gaeilge á chomhlíonadh ag RTÉ, seo an chéad uair imscrúdú foirmiúil a bheith déanta maidir leis na dualgais ó thaobh na Gaeilge de atá leagtha síos san Acht Craolacháin.
Bhí an dualgas sin ‘réimse cuimsitheach clár’ a chur ar fáil sa dá theanga lárnach i gcinneadh an Choimisinéara.
“Ach dá mba “réimse cuimsitheach clár” a bhí á chur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, bheadh tréithe áirithe a bhaineann leis an gcáilíocht sin ag roinnt leis an soláthar a bhí á dhéanamh sa dá theanga lena bhféadfaí “réimse cuimsitheach” a aithint agus bheadh coibhéis ghinearálta le tabhairt faoi deara nó le sonrú ar thréithe an dá sholáthar. Níl coibhéis ar bith den sórt sin ann,” a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.
Mhaígh RTÉ le linn an imscrúduithe go raibh a ndualgas reachtúil maidir le cláir a chur ar fáil i nGaeilge á chur ar fáil acu. Chun tacú leis an áiteamh sin, luaigh siad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Rannóg na gClár Gaeilge, an tseirbhís nuachta trí Ghaeilge, an soláthar reachtúil clár a dhéanann siad do TG4 agus an úsáid a bhaintear as an nGaeilge “ina chuid gníomhaíochtaí éagsúla”.
Mhaígh lucht an chraoltóra chomh maith go raibh méadú leanúnach tagtha ar chaiteachas RTÉ ar ábhar Gaeilge, ó €21.262 milliún sa bhliain 2014 go dtí €24.455 milliún sa bhliain 2017 agus gur ceapadh Grúpcheannasaí Gaeilge den chéad uair in 2014. Tugadh cuntas chomh maith don Choimisinéir ar chur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019.
Dúirt RTÉ gur mhian leo níos mó infheistíochta i réimse na Gaeilge, na drámaíochta, na heolaíochta, agus i gcláir do leanaí agus cláir cultúrtha “ach gur fhág na srianta daingne caiteachais faoina bhfuiltear ag feidhmiú nárbh fhéidir é sin a dhéanamh san am i láthair”.
Thug RTÉ le fios gur caitheadh €12.77 milliún ar chláir raidió as Gaeilge sa bhliain 2017 agus gur bhain 90.7% de sin le Raidió na Gaeltachta. Rialaigh an Coimisinéir Teanga go raibh a ndualgas teanga a chomhlíonadh ag RTÉ i gcás a seirbhísí raidió “a bhuíochas sin, den chuid is mó, ar chuimsitheacht sheirbhís Raidió na Gaeltachta”.
Mhol an Coimisinéir go n-ullmhódh RTÉ plean feidhmithe lena chinntiú go gcloífí feasta lena ndualgas i leith na Gaeilge agus go gcuirfí an plean sin faoina bhráid taobh istigh de shé mhí.
De réir thuarascáil bliantúil an Choimisinéara don bhliain 2018 fuair a oifig 634 gearán ón bpobal anuraidh, laghdú beag 0.63% ar líon na ngearán ó in 2017.
Bhain formhór na ngearán sin le heaspa Gaeilge ar shuíomhanna idirlín, ar fhoirmeacha iarratais, ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht. Thángthas ar réiteach go neamhfhoirmiúil i gcás fhormhór mór na ngearán.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nár bhain beagnach leath de na gearáin a fuair a oifig anuraidh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, léiriú, a dúirt sé, ar an bpráinn a bhaineann leis an reachtaíocht sin a láidriú.
“Léiríonn sé seo, an athuair, an gá práinneach le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cinntiú go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm agus ag freagairt do riachtanais na ndaoine ar mian leo seirbhísí trí Ghaeilge a fháil ón Stát.
“Faoi láthair tá difear soiléir le brath idir céard atá ag teastáil uathu siúd atá ag lorg seirbhís stáit trí Ghaeilge agus an méid a fhaigheann siad. Caithfear aghaidh a thabhairt air seo trí Acht Teanga níos láidre agus níos éifeachtaí a thabhairt chun cinn chomh luath agus is féidir. “
Fág freagra ar 'An dlí sáraithe ag RTÉ agus 99.3% dá sceideal i mBéarla amháin – cinneadh an Choimisinéara Teanga'