An Coimisinéir os comhair Comhchoiste Oireachtais amárach

Cruinniú amárach ag Rónán Ó Domhnaill leis an gComhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha

Rónán Ó Dómhnaill (Pictiúr-Seán Ó Mainnín)

Beidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha tráthnóna amárach chun cur síos a dhéanamh ar a chuid oibre.

Tá cruinniú an Choimisinéara leis an gcoiste mar chuid de shraith cruinnithe atá a thionól le hOifigí na nOmbudsman éagsúla.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Pádraig Mac Lochlainn, Teachta Dála le Sinn Féin gur “deis thráthúil” a bhí ann “tuiscint” a fháil ar obair an Choimisinéara a bhfuil suim léirithe ag an gCoiste inti “le fada an lá”.

“Tá suim léirithe le fada an lá ag an Choiste in obair an Choimisinéara Teanga i dtaca le cearta cainteoirí Gaeilge a chosaint.  Tá an Coiste eolach ar imscrúduithe an Choimisinéara ar neamhchomhlíonadh Ionstraim Reachtúil 394 de 2008 ag gníomhaireachtaí Stáit amhail an tArd Mhúsaem, FSS agus Iarnród Éireann.  Is mian leis an Choiste scrúdú a dhéanamh ar a mhéid atá comhlachtaí Stáit ag úsáid sriantachtaí maoinithe mar leithscéal ar neamhchomhlíonadh a n oibleagáidí reachtúla.

“Beidh deis againn amárach ag an chruinniú breithniú a dhéanamh ar ról agus cúram a Oifige, agus ar threochtaí áirithe sa líon cásanna atá ann.  Le linn dó a Thuarascáil Bhliantúil a thíolacadh don Choiste i mí na Nollag, 2013, d’fhógair réamhtheachtaí an Uas. Uí Dhomhnaill go raibh sé ag tairiscint éirí as oifig.  Tá sé i gceist ag an Choiste plé a dhéanamh leis an Uas. Ó Domhnaill i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil feabhas tagtha in 2014 ar na himthosca a thug ar Sheán Ó Cuirreáin éirí as,” a dúirt Pádraig Mac Lochlainn, Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha

Fág freagra ar 'An Coimisinéir os comhair Comhchoiste Oireachtais amárach'