An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (6 Samhain 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claoimh

Uimhir 919                     Cláraithe mar pháipéar nuachta                     Samhain 6, 1915                     Pingin

Cursaí an tSaoil

Baile Átha Cliath Chun Tosaigh

An Cruinniú

Ábhar misnigh do Ghaeil Éireann is ea an obair atá ar siúl ag lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Is fada ó bhí cruinniú sa chathair a bhí leath chomh maith leis an gcruinniú a tionóladh Dé Luain agus ní bheidh aon titim siar tar éis scaoileadh na cainte dúinn.

Tá an Coiste Ceantair ar tí timire a thoghadh chun na scoileanna a fhiosrú. Chomh luath is a bheidh eolas cruinn faighte ag an gCoiste Ceantair, cuirfear coiste beag ar bun i ngach paróiste sa chathair leis na scoileanna a bhogadh chun oibre agus le lámh chúnta a thabhairt do na hoidí.

Tiocfaidh tuismitheoirí na bpáistí le chéile agus neartóidh siad le gluaiseacht na teanga. Cuirfear a mbarúil agus a gcomhairle os comhair an phobail agus tá ceapadh againn nach mbeidh drogall ar bhainisteoirí nó ar oidrí glacadh lena moladh. Tá lá na cainte thart.

Tá an Conradh tuirseach de bheith ag caint. Tá caint á déanamh againn le fiche bliain agus is beag aird a thug scoileanna na cathrach orainn. Ní raibh an Galldachas chomh suarach ná chomh dona riamh is atá faoi láthair i mBaile Átha Cliath.

Ní hé amháin go bhfuil an Galldachas neamh-Ghaelach mar is dual dó a bheith, ach tá sé leamh agus lofa. Tá na Gall-Ghaeil féin ag éirí bréan de. Tá faill anois againn an léann dúchasach a chur chun cinn, agus déanaimis ár gcion.

Náisiúntacht sa Bhaile

Is baolach go bhfuil an daoirse imithe go smior i gcuid mhór dár ndaoine agus i gcuid de lucht stiúrtha an oideachais. Dream neamhspleách is ea na bainisteoirí scoile, dá dtograídís an neamhspleáchas a thaispeáint. Níl beann acu ar an mBord.

Thiocfadh leo a gcomhairle féin a chur i ngníomh dá mbeadh comhairle acu thar an gcomhairle a thaitníonn leis an mbord. Thiocfadh leo an Ghaeilge a chur á múineadh i ngach aon scoil sa chathair dá mba mhaith leo a dhéanamh, ach is cosúil gur cuma lena bhformhór an Ghaeilge. Ní cuma linne í. Ní cuma le tuismitheoirí na bpáistí í.

Ní cuma le muintir na hÉireann í, agus caithfidh na bainisteoirí agus na hoidí aird a thabhairt orainn go léir, agus caithfidh siad cur suas den ghéarleanúint ar an teanga. Tá náisiúntacht go mór i gceist faoi láthair. Táthar ag iarraidh orainn náisiúntacht iasachta a chosaint na mílte míle i gcéin. Caithfear ligean dúinn ár náisiúntacht féin a chosaint inár scoileanna féin sa bhaile.

Rachaidh an Coiste Ceantair in éadan na hoibre go socair agus go réidh agus go múinte. Beidh siad ag súil le cabhair ó na hoidí agus na bainisteoirí agus déanfaidh féin a ndícheall le cabhair agus misneach a thabhairt do na hoidí.

Na hOidí Óga

Na hoidí óga nach bhfuil an Ghaeilge acu is féidir leo dul á foghlaim sna coláistí – tá dhá cheann acu sa chathair – agus sna craobhacha. Is fearr dóibh iad féin a chomhcheangal le hÉirinn ná le Gaill. Gaeil iad féin agus níl siad gan tírghrá agus mothú an dúchais is dual dóibh chomh maith le duine ar bith againn. Is gearr go meidh lá an Ghalldachais thart, le cúnamh Dé.

Tá an Galldachas agus an Gaelachas á ndeighilt óna chéile go breá le déanaí. Níl aon mheas ag aon dream ar an leamh-Ghael. Tá a fhios ag cách nach bhfuil sé dílis d’aon taobh agus tá meas air dá réir. Má táimid ar bheagán saoirse féin, táimid saor go leor chun an Ghaeilge a shábháil agus a chur faoi mheas agus mura ndéanfaimid é sin, is orainn féin a bheidh an milleán agus an drochchlú.

Is í teanga an Bhéarla an namhaid is mó dá bhfuil ag an nGaeilge, mar a deir Pádraig Ó Conaire. Is í namhaid na saoirse í freisin, is í namhaid na hÉireann í, agus namhaid an léinn agus an eolais.

Bainfimid úsáid aistí, nuair is riachtanach dúinn a dhéanamh, ach ní ligfimid di ár dteanga féin a mhúchadh, ná ár léann agus ár gclú a chur ar ceal, ná ár saoirse a chur as ár gcuimhne. Níl aon chumhacht ag Gaill an Ghaeilge a chur ar ceal agus ní dhéanfar é.

An Coiste Ceantair

Níl aon léann taobh amuigh den Ghaeilge féin is mó a chuireann neart agus fuinneamh i ngluaiseacht an Chonartha ná an stair. Na léachtaí atá ceaptha ag an gCoiste Ceantair, neartóidh siad go mór linn sa chathair i mbliana. Is é Risteard Mac Coitir a cheap iad agus d’éirigh leis ceathrar de na léachtóirí is fearr i mBaile Átha Cliath a fháil. Ba dheacair ceathrar níos fearr a fháil ná Eoin Mac Néill, Peadar Mac Fhionnlaoich, Art Ó Gríofa agus Captaen Ó Conaill. Tosófar ar na léachtaí go luath agus béarfar iad in Áras an Chonartha gach re Domhnach. Moladh na léachtaí ag an gCoiste Ceantair an tseachtain seo caite agus ba cheart do Ghaeil na cathrach idir óg agus sean freastal orthu.

Tá coiste feise tofa ag an gCoiste Ceantair arís agus in áit a bheith ag dul chun deiridh, is amhlaidh a bheidh Feis Bhaile Átha Cliath ag dul i láidreacht feasta. Nuair a bheidh na scoileanna ar fad ag obair, cabhróidh an Fheis leo. Tá géarghá i mBaile Átha Cliath leis an gConradh go fóill agus beidh gá leis go dtí go mbeidh an Rialtas againn a chosnódh an Ghaeilge ar an mBéarla agus ar an nGalldachas.

Máthair Fhinn

Tá scéal i dtaobh mháthair Fhinn ag Gaeil na Gaillimhe. Ba fhuath lena hathair a mac Fionn, mar nár mhac dlisteanach é. Ba mhaith leis an seanfhear an páiste a mharú agus chuir sé bithiúnaigh sa tóir air féin is ar a mháthair lá go maróidís é. Fuair an mháthair scéal ar an bhfeall roimh ré agus theith sí agus thug sí a mac ar a droim léi.

Bhí tosach aici ar na bithiúnaigh agus shroich sí an trá in aice na Gaillimhe sular tháinig siad suas léi. Chuir sí Fionn i mbád ansin agus sheol sí isteach go hOileán na gCaorach é. Rith sí féin léi soir ach chonaic an lucht tóra ag imeacht í. Bhí cosúlacht uirthi go raibh an páiste ina hucht aici agus lean siad í. Theip lúth na gcos uirthi agus thit sí agus luigh sí béal fúithí ar thom luachra.

Lig sí uirthi féin go raibh an páiste fúithi. Nuair a tháinig na bithiúnaigh chom fada léi, d’iarr siad uirthi an páiste a thabhairt suas, ach dhiúltaigh sí sin a dhéanamh agus choinnigh sí greim docht ar an tom luachra ag ligean uirthi gur ag cosaint an pháiste a bhí sí. Bhagair siad ansin na capaill a chur sa mhullach uirthi mura dtabharfadh sí an páiste suas dóibh ach níor labhair sí ná níor chorraigh sí.

Ansin chuir siad na capaill sa mhullach uirthi agus mharaigh siad í. Shíleadar go raibh Fionn fúithi agus go raibh seisean marbh chomh maith. Rinne na capaill ciseach den talamh agus tá Móinín na gCiseach mar ainm ar an áit sin ó shin i leith.

Tógadh Fionn in Oileán na gCaorach. Fuair sé oiliúint ghaiscígh agus rinne sé gníomhartha móra. Leath a chlú ar fud Éireann agus Alban agus inniu féin bíonn trácht thar a ghaiscíocht agus a chrógacht ag a eagna.

Is minic a rinneadh eiseach de thalamh na hÉireann. Is minic a rinneadh iarracht ar í féin is a clann a mharú. Is minic a scaoileadh na bithiúnaigh chugainn agus fonn marfach orthu.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (6 Samhain 1915)'