An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (20 Feabhra 1915)

Uair sa tseachtain foilsítear anseo i gcomhar le Conradh na Gaeilge leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”.

Claíomh

Feabhra 20, 1915                                       An Claidheamh                                       7

An Scéalaí

Seáinín.

Nuair a d’imigh an bád agus nuair a thuig Seáinín nárbh aon mhaith a bheith ag cur a thuilleadh fórsa air féin ag guí ar a son chuaigh sé síos sa chábán ag cuardach bídh. Má bhí na hiascairí gan tuiscint i dtaobh maidí rámha ní raibh siad amhlaidh i dtaobh an bhídh. Fuair Seáinín dhá bhológ agus píosa de cheann eile. Bhí píosa muiceola ar crochadh ar thairne agus píosa de leathcheann muice beirthe ar phláta. Bhí tae ann i mbosca stáin agus tar éis citil a bhí ann a iniúchadh thuig sé gur ansin a dhéintí an tae. Cheap sé gur mhór an féasta a bheadh aige dá bhféadfadh sé tae a dhéanamh. Níor mhór dó uisce agus tine chuige sin. Bhí furasta go leor an tine a fháil óir bhí mála guail ann agus bhris sé doraisín an chupaird chun an gual a chur ar lasadh. Bhí ag dul de ar feadh i bhfad an t-uisce a fháil ach faoi dheireadh chonaic sé píopa beag agus claibín air. Bhain sé casadh as agus seo amach chuige an t-uisce. “An dian! Ach go bhfuil agam,” arsa Seáinín. Leathlíon sé an citeal agus chuir ar an tine é agus ní fada go raibh sé ar fiuchadh aige. Fuair sé an tae agus chuir isteach sa chiteal dorn de agus chuir an citeal ar an urlár in aice na tine. “Siúcra agus bainne anois,” ar seisean. Fuair sé siúcra i máilín de pháipéar láidir. Níor éirigh go rómhaith leis i dtaobh an bhainne. Chuardaigh sé gach póirse agus poll sa chábán ach ní fhaca sé crúsca ná buideal bainne. “Sa chupard atá sa bhád,” arsa Seáinín. Bhí plátaí agus sceana agus mugaí agus rudaí beaga eile sa chupard ach thabharfadh sé an leabhar nach raibh aon bhainne ann.

“Dar lia,” ar seisean, “beidh an tae gan mhaith orm mura bhfaighidh mé an liathadh. Cad atá sa phróca seo n’fheadar? Im. Sea, ní holc an rud im. Na boiscíní beaga bána sin, cad atá iontu? Tá rud éigin scríte orthu – S-w-i-s-s – ach ‘diabhal air níl an fhoghlaim orm. Seo boiscín acu atá oscailte. Tá rud bán éigin istigh ann – boladh milis uaidh. N’fheadar cad é. Nach righin an diabhal ruda é. Ó nach milis é….Trua nách bhféadfainn é a léamh. Cad é an focal é sin anois – M-i-l, mil- ach ní mil é. Níl an focal go léir agam áfach. Tá m-i-l-k – milk – bainne, dar píopán an ghandail bháin! Bainne atá ann. Ach n’fheadar cad é an sórt bó go raibh a leithéid de bhainne riamh aici.” Canna de bhainne leasaithe ón Eilbhéis a bhí aige.

Socraigh Seáinín arán agus feoil agus im agus na nithe eile. Leag sé tae amach i muga agus chuir siúcra ann. Fuair sé dua an bhainne áfach. Ar dtús bhí á ligint amach as an gcanna beag. Thiocfadh sé amach maith go leor, ach ba é an locht a bhí ag Seáinín air ná go raibh sé go léir ag teacht amach i dteannta a chéile – é go léir nó a bheith gan braon. Ansan thriail sé le spúnóg é. Thóg sé lán na spúnóige ach nuair a d’ardaigh sé leis é lean téad mhór fhada den bhainne é. D’ardaigh sé a lámh chun go mbrisfeadh an téad bainne, níor bhris. D’éirigh sé ina sheasamh ach más ea shín an bainne. “Lean léir air!” arsa Seáinín. “Is dócha dá dtéifinn i dtír go leanfadh sé sa tslí chéanna mé.” Leag sé é go léir síos sa channa arís agus bhí tamall ag machnamh. Ní fada gur chuimhnigh sé ar réiteach an scéil. B’ionadh leis nár chuimhnigh sé roimhe sin air. “Níl le déanamh leis ach mar a dhéanfá le haon téadán a bheadh rófhada, é a ghearradh.” Leis sin d’ardaigh sé an spúnóg arís díreach os cionn béal an channa agus ansan thug sé scuab den scian fé bhun na spúnóige agus chuir an spúnóg agus a raibh ann isteach sa muga. Nuair a bhí an tae chun a thola a chrom sé ar ithe.

fios an mór a bhí ite aige – ní foláir nó bhí béile leathchuibhseach mar bhí an dara muga tae ólta aige – nuair a buaileadh cnag ar chliathán na “Cuaiche”.

“Dar Muiris!” arsa Seáinín, “Tá beirthe orm.” Chuala sé duine ag teacht ar bord. Duine amháin a bhí ann ní foláir óir níor chuala Seáinín ach glór dá bhuatais ar chlár na loinge. Shlog Seáinín an ghreim a bhí ina bhéal agus d’fhéach sé ina thimpeall ar na rudaí go léir a bhí leagtha ar fud an chábáin aige. Ní raibh aon dul air iad a bhailiú in am agus iad a chur i bhfolach. Chuala sé an fear thuas ag teacht i dtreo dréimire an chábháin.

míchothrom an an-chaoi ag baint le cábáin long – cheap Seáinín gur mór an chaoi agus an chabhair é – gurb é an ceann mícheart de dhuine is túisce a thagann isteach iontu. Dá mbeifeá ag dul síos i gcábán acu is mór an bhuairt aigne a chuirfeadh sé ort a fhios a bheith agat go raibh daoine thíos romhat. Ar dtús, chífidís do bhróga. Bheadh a fhios agat go mbeidís ag iniúchadh do bhróg. Cuimhnigh ar an trí chéile a chuirfeadh sin ort dá mba amuigh ar an mbóthar a bheadh duine á dhéanamh leat mar a bhféadfá fearg do shúl a imirt ar an duine chun tú féin a chosaint air. Ansan d’ísleofá céim eile ar an dreimire mallaithe sin. Bheadh do chosa le feiscint ansin agus an chuid eile díot fós fé cheilt sa spéir uachtair. Ní bheifeá go te agus go imníoch nuair abheadh a fhios agat go mbeadh duine nó beirt nó triúr ag mionfhéachaint do ghéaga siúil.

Is é an chéad rud a chonaic Seáinín ag teacht anuas tríd an bpoll ná buatais mór iascaire. Láithreach ina dhiaidh sin tháinig an dara buatais ann. Cheap Seáinín bocht go raibh gach buatais acu chomh mór le bád iascaigh agus shamhlaigh sé nárbh fholáir don té ar leis iad a bheith chomh mór le Colosus nuair a fuair sé radharc ar chos mhór láidir a bhí sáite isteach i mbuatais acu. Ar nós an phréacháin a fuair boladh an phúdair cheap Seáinín gur mithid a bheith ag imeacht. Níor fhan sé leis an gcuid eile den iascaire sin. D’éalaigh sé amach doras beag a bhí idir an cábán agus cabhail an árthaigh. Chuir sé maide ina choinne ón taobh amuigh. Ansan phreab sé go ciúin mar a raibh an báidín beag ceangailte. Scaoil sé í. Léim isteach inti agus sháigh amach ó chliathán na Cuaiche í. Chuir sé amach maide rámha agus bhain sé siúl as an mbáidín sin go raibh sé daichead feá ón gCuach. Ansan shuigh sé ar fhaobhar an bháid agus bhí sásta leis féin.

Nuair a chuaigh Captaen na Cuaiche síos agus nuair a chonaic sé conas mar a bhí dhein sé caint bhríomhar ornáideach. Ghuigh sé tine agus damnú síoraí d’anam an duine a dhein an tae agus ghuigh gan an tae a dhéanamh tairbhe ná feabhsú don té a d’ól an té. Chuardaigh sé go mion don choirpeach agus nuair nach bhfuair sé sa chábán é chuaigh sé in airde chun dul síos tríd an haiste mar ní fhéadfadh sé an doraisín a oscailt. Bhí go feargach ag déanamh ar an haiste nuair a chuala sé “Cucú” amuigh ar an usice. D’fhéach sé ann agus ansin stad sé agus d’éist sé ón mbladhmann cainte a bhí ag rá.

“Cucú,” arsa Seáinín arís. D’aithin an Captaen a bháidín féin. D’aithin sé leis go raibh an chuid ab fhearr den scéal ag Seáinín. Phléasc air arís. Dúirt sé rudaí gan aon chiall ach nuair a stadadh sé i gcónaí deireadh Seáinín “Cucú.” Chuireadh sin anch mór ar gealaigh an Captaen. Is mór an t-aoibhneas a bhain Seáinín as. Fé dheireadh rug sé ar an maide rámha arís.

“Slán leat, a Chaptaen, a mhuirnín,” ar seisean. “Tá deabhadh ormsa. Ná chomh buartha sin i mo dhiaidh. Gheobhaidh tú tae sa chiteal thíos agus tá gadrach bainne sa channa stáin. Cucú!” arsa Seáinín.

An Seabhac

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (20 Feabhra 1915)'