An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (14 Lúnasa 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh

Uimhir 907                                     Cláraithe mar pháipéar nuachta                                     Lúnasa 14 1915                                     Pingin

Cúrsaí an tSaoil

An Tiomna Nua

Aistriú an Athar Peadar

Beidh an Tiomna Nua le fáil i nGaeilge ag an saol Fodhlach i ndeireadh na seachtaine seo. Is é an tAthair Peadar Ó Laoghaire a rinne an t-aistriú agus níl aon scríbhneoir beo is fearr chuige ná é. Seo é an chéad aistriú go Gaeilge a rinneadh do Chaitlicigh Éireann agus más mall is mithid. Chuir an tAthair Peadar féin agus daoine eile Gaeilge ar ghiotaí de na soiscéalta blianta ó shin ach ba mhór an fhaillí gan an Tiomna Nua ar fad a bheith i nGaeilge. Is mór an chabhair do sheanóirí an Tiomna. Tugann sé ábhar cainte dóibh agus tugann sé an chaint féin dóibh freisin.

Saothar Seanóra

Is breá an seanóirí an tAthair Peadar. Mar aon le Cú Chulainn, beidh trácht ar a ghníomhartha fós in Éirinn. Ní ligeann sé a dhualgas do Dhia ná d’Éirinn i ndearmad. Bíonn sé i gcónaí ag obair. Tá sraith fhada eile scríofa aige agus cuirfear amach iad de réir a chéile. Má fhágann Dia an tsláinte aige – agus go bhfága – bainfidh sé sraith eile dúinn le faobhar a phinn. Tá “Mo Scéal Féin” á scríobh aige faoi láthair. D’inis sé an tseachtain seo caite an chaoi ar chuir Seán Mac Éil, Ard-Easpag tuama, ar bhóthar na Gaeilge é.

Seán Mac Éil agus an tAthair Peadar

Bhí an tAthair Peadar ar coláiste i Maigh Nuad. “Nuair a bhí deireadh na bliana ag teacht, ceapadh aiste dúinn agus bhí duais aonair le fáil ag an té a scríobhfadh an aiste ab fhearr. Seo é an rud ar a raibh orainn an aiste a scríobh: ‘The Elizabethan Age of English Literature’.

“Tháinig deireadh na bliana. Chuamar go léir isteach sa hall mór. Bhí seisear nó mórsheisear easpag ar an ardán shuas. Tugadh domsa an duais aonair. Bhí orm roinnt den aiste a léamh i láthair na n-easpag.

“Is cuimhin liom i dtosach na scríbhinne gur thrácht mé ar léann na Gréige agus gur mhol mé é, gur thrácht mé ar léann na Róimhe agus gur mhol mé é; gur thrácht mé ar na léannta eile ar fud na hEorpa, an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis, na saghasanna léinn sin a shíolraigh ón nGréigis agus ón Laidin, agus mhol mé iad. Ansin thrácht mé ar léann agus ar údair Shasana in aimsir Elizabeth, agus mhol idir léann augs údair. Níor dheacair dom iad a mholadh. Bhí eolas maith agam ar a lán acu. Bhí siad agam sa bhaile. Thug mo mháthair léi aduaidh ón Mullach Rua iad, beannacht Dé lena hanam.

“Sin é díreach an pháirt den scríbhinn a marcáladh dom le léamh os comhair na n-easpag. Léigh mé amach é go hard go go neamhscáthmhar.

“Bhí duine de na heaspaig ina shuí thuas i lár baill, díreach ar m’aghaidh amach. Nuair a stad mé, d’éirigh sé ina sheasamh agus d’fhéach sé idir an dá shúil orm.

“‘Rinne tú an méid sin go maith, a bhuachaill,’ ar seisean, ‘thug tú do chuairt mórthimpeall orthu go léir. Mhol tú léann na Gréige. Mhol tú léann na Róimhe. Mhol tú léann na Fraince agus léann na Spáinne agus léann na Gearmáine. Ansin mhol tú go hard léann Shasana. Agus féach, oiread agus aon fhocal amháin amach as do bhéal, ní dúirt tú i dtaobh léann na hÉireann.’
“Dúirt sé a lán eile ansin á chur ar mo shúile dom go raibh dearmad mór déanta agam mar go raibh léann na hÉireann ní b’fhearr agus ní b’uaisle agus ní ba shine ná aon léann de na léannta eile sin a d’ainmnigh mé.

‘Bhíomar araon ag féachaint go daingean agus go dlúth agus go díreach idir an dá shúil ar a chéile a fhad is a bhí sé ag caint.

“Seán Mac Éil, Ardeaspag Thuama, is é do chás an t-asachán sin liomsa an lá sin, i gColáiste Mhaigh Nuad, os comhair na n-easpag eile a bhí ann, agus os comhair na n-uachtarán agus os comhair na gcoláisteánach go léir, agus admhaím ó chroí gur bhain sé an mhórdháil díom i gceart. D’athraigh m’aigne láithreach. D’imigh an mhórurraim a bhí tagtha agam don Bhéarla agus las arís i mo chroí an meas a bhí agam riamh roimhe sin ar an nGaeilge.”

Conamara

Slán Libh

Ár mile slán leat, a Chonamara, slán le gach carraig is criathrach is cnoc is cuan is coill is caisleán taobh istigh de do chlaí teorann. Slán le do locha is do linnte. Slán le do sheanchaithe is do shaoithe. Slán le do mhná mánla, modhúla, muirneacha, is le d’fheara fialmhara, flaithiúla, foirtile. Cuirimid gach a bhfuil gnaíúil agus gníomhach sa Ghaeltacht faoina gcoimirce. Ná dearmadtar cáilíocht a sean. Athchuinge uainn chucu thar gach aon ní saolta; a dteanga ghlé, ghlinn ghasta, ghonta a bhuanú go bráth na broinne. Siadsan féin a dos dídine.

Ná stríoctar is ná staontar sa ghleo. Atá iontu an namhad a thraochadh. Dá fhad é lá an scriosadóra atá a oíghe ar fáil. Sáróidh ‘Long an Óir’ an gála seo agus tiocfaidh sí i dtír faoi lánseol. Bíodh a nglúine le gláidh, a gcosa i dtaca agus a n-aghaidheanna le himghoin dá bhrí sin. Béarfaidh siad bua agus beannacht abhaile go fóill a chuirfidh gliondar croí ar Ghráinne Ní Mháille. Agus is aoibhinn dóibh seo a fheicfidh an lá sin! Ár gcuidne den aoibhneas sin; go síntear sinn an uair is toil le Dia é sa Reilig sin ar bhruach Locha Coirbe mura mbeidh na tonnta ag seinm ceoil Ghaelaigh go haiséirí dúinn!

A chríoch sin agus a bhuíochas le Dia.

Pádraic Ó Domhnalláin

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí, ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (14 Lúnasa 1915)'