An chun leas na hÉireann a bheadh sé dá bhfreastalódh Sinn Féin ar Westminster?

Is fíor go raibh a fhios ag gach duine a thug vóta do Shinn Féin go staonfadh ionadaithe an pháirtí ó fhreastal ar Westminster, ach ní leor é sin mar fhreagra cheisteanna faoi pholasaí an pháirtí staonadh ó pharlaimint na Breataine

An chun leas na hÉireann a bheadh sé dá bhfreastalódh Sinn Féin ar Westminster?

Is dlúthchuid den dúshlán atá le sárú ag páirtí atá gníomhach in dhá stát ag an am céanna déileáil le dúshláin nach mbaineann ach le stát amháin. Mar is eol do Shinn Féin, má thagann polasaí a oireann do stát amháin salach ar leas an pháirtí sa stát eile, is géire an dúshlán.

Tá an ghluaiseacht chun an cura-Bhreatimeachta i Londain ag cur imní ar an rialtas ó tháinig laige údarás Theresa May chun solais tar éis chruinniú Chequers coicís ó shin. Chuirfeadh Rialtas na hÉireann, agus go leor daoine eile abhus atá ar aon tuairim leo, fáilte roimh vóta parlaiminte ar bith in Westminster a mhaolódh ar bhaol an Bhreatimeachta chrua atá ag bagairt orainn.

Tá seachtar feisirí parlaiminte ag Sinn Féin ó thuaidh. Staonann siad ó fhreastal ar Westminster, mar a staon poblachtánaigh a toghadh in olltoghcháin, thuaidh agus theas, ó 1918.

In Westminster an tseachtain seo, ghnóthaigh Breatimeachtóirí vótaí éagsúla agus gan ach idir a trí agus a sé vóta mar mhóramh acu. Ní haon iontas é mar sin gur dhúisigh toradh na vótála seancheist pholaitiúil arís ar an taobh seo de Mhuir Éireann.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan gur mar gheall ar dhiúltú Shinn Féin suí i bparlaimint Westminster a bhí Theresa May faoi anáil na mBreatimeachtóirí crua an tseachtain seo.

Is a bhuí le staonadh Shinn Féin, a dúirt Micheál Martin, a fágadh an móramh i dTuaisceart Éireann atá in aghaidh an Bhreatimeachta gan ionadaíocht ar bith in Westminster. Dá mbeadh an triúr feisirí a bhí ag an SDLP go dtí anuraidh i láthair, a dúirt sé, ní bheadh an bua sa vóta oíche Dé Luain ag an dream a thug droim láimhe le rannpháirtíocht na Breataine in aontas custaim an AE.

Bhí port den chineál céanna á sheinm ó thuaidh ag an SDLP, ag Alliance agus ag go leor daoine eile. Dúirt Leas-Cheannaire an SDLP Nichola Mallon go raibh Sinn Féin ag iarraidh ar dhaoine leas na hÉireann a chosaint fad a bhí siad féin “ina seasamh ar an taobhlíne”.

Chuir Mallon ceist réasúnta ar Shinn Féin. Conas mar a dhéanann staonadh ó pharlaimint na Breataine leas na hÉireann, go háirithe agus cor cinniúnach sroichte i scéal an Bhreatimeachta?

De ghnáth, bíonn dhá fhreagra ag Sinn Féin ar cheist dá leithéid. Ar an gcéad dul síos, níl aon amhras ag baint le tacaíocht na vótóirí ó thuaidh do sheasamh an pháirtí coinneáil amach ó Westminster. Bhí rogha shoiléir ag vótóirí náisiúnacha idir páirtí a bhí toilteanach freastal ar Westminster agus páirtí a gheall in olltoghchán na Breataine anuraidh go staonfaidís.

Chaill an SDLP a suíocháin go léir sa toghchán. Ghnóthaigh Sinn Féin seacht gcinn (toghadh deichniúr ón DUP agus aontachtóir neamhspleách amháin). Ach ní réiteach iomlán ar an gceist é toradh na vótála.

Bhí 29.4% den vóta iomlán ó thuaidh anuraidh ag Sinn Féin agus 11.7% ag an SDLP. Is mar gheall ar chóras vótála simplí na Breataine a fágadh sciar suntasach den phobal náisiúnach cheal ionadaíochta in Westminster.

Thug Teachta Dála Shinn Féin sna Déise David Cullinane freagra ar bhuncheist an Bhreatimeachta a chuir polaiteoirí éagsúla, thuaidh agus theas, ar a pháirtí le cúpla lá anuas: ní in Westminster, a dúirt sé, a thiocfaí ar réiteach ar fhadhb an Bhreatimeachta 

Sna cainteanna idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain a dhéanfaí an socrú, a dúirt Cullinane agus é ag fonóid faoi pholaiteoirí a cháin a pháirtí. “Wise up!” a dúirt sé leo.

Ar ndóigh is tearc an fhianaise faoi láthair go bhfuil athmhachnamh ar bun ag mórán de lucht leanúna Shinn Féin ar an bpolasaí faoi Westminster atá ina bhunchuid de chur chuige an pháirtí. Sheachain Charlie Flanagan, Micheál Martin agus lucht cáinte an pháirtí dearcadh na vótóirí agus an páirtí á cháineadh acu.

Bhí a fhios ag gach duine a thug vóta do Shinn Féin i ngach olltoghchán ó thuaidh go staonfadh ionadaithe an pháirtí ó fhreastal ar Westminster. Ach ní leor mar fhreagra ar cháineadh an pháirtí é a rá gur amhlaidh an scéal.

Fiú má fhágtar an choimhlint ó thuaidh idir Sinn Féin agus an SDLP (agus Fianna Fáil ó thuaidh, b’fhéidir, amach anseo) as an áireamh, ní éireofar as a bheith ag céasadh an pháirtí ó dheas mar gheall ar staonadh.

Roimhe seo, bhí Dónall Ó Conaill, Charles Stewart Parnell, John Redmond, John Hume agus go leor ionadaithe Éireannacha eile toilteanach suí in Westminster chun a gcás a chur chun cinn. Breathnaíonn Sinn Féin ar an staonadh mar phrionsabal, ach d’fhéadfaí freastal ar an bparlaimint thall a chosaint freisin ar bhonn prionsabail.

Tá an dochar a dhéanfaidh an Breatimeacht san oileán seo ag éirí níos soiléire in aghaidh an lae beagnach. Ainneoin tacaíocht leanúnach na vótóirí ó thuaidh dá straitéis thraidisiúnta, leanfar ag ceistiú straitéis Shinn Féin sa stát ina bhfuil imní an phobail faoin mBretimeacht ag dul i dtreise.

Fág freagra ar 'An chun leas na hÉireann a bheadh sé dá bhfreastalódh Sinn Féin ar Westminster?'

  • Mícheál Mac Donncha

    Ní chun leas na hÉireann a bheadh sé.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is bocht an freagra bhí ag an dTeachta Dála, David Cullinane, ar an gceist faoin 7 Feisire Parlaiminte de chuid SF nach bhfreastalaíonn ar Pharlaimint na Breataine. Tá freagracht ar Shinn Féin, a bheith ag iarraidh réiteach maith a fháil ar cheist na Breatimeachta agus d’fhéadfadh a chuid vótaí a bheith tábhachtach le deis a thabhairt do Rialtas na Breataine tíocht ar réiteach sásúil leis an Aontas Eorpach, réiteach a laghdódh an dochar don tír seo thuaidh agus theas. Tá sé teaspáinte ag an Sinn Féin nua, a tháing chun cinn le próiséas na síochána gur féidir fáil réidh le ‘prionsabail’ seanbhunaithe. Níl sé chomh fada sin ó dhiúltaigh Teachtaí Dála ó Shinn Féin glacadh lena suíocháin sa Dáil. (Toghadh 4 ó Shinn Féin ina dTeachtaí Dála sa toghchán Meitheamh 1981, nár ghlac lena suíocháin! Is acu a bheadh meá na cumhachta sa Dáil dá dtógfaidís a gcuid suíocháin i dTeach Laighin.) Níor chreid Sinn Féin an uair sin i mbealach na polaitíochta. Ach ag Ardfheis an pháirtí, Samhain 1986, athraíodh an bunphrionsabal a bhí ag Sinn Féin agus anois tá Sinn Féin ar táirseach na cumhachta sa bPoblacht.

    Tá ceachtanna le foghlaim ag Sinn Féin as an athrú polasaí i 1986 i leith suíocháin i dTeach Laighin a thógáil. Agus iarrthóir de chuid Sinn Féin le piocadh le seasamh i dtoghchán na hUachtarántachta, beidh ar Shinn Féin freagra níos fearr a bheith acu ná an ceann a d’usáid David Cullinane, nuair a cuirfear an cheist ar an iarrthóir, cé fáth nach bhfuil siad ag usáid a gcuid vótaí i Westminster lena chinntiú nach Breatimeacht an chrua a bheas ann.

  • Criostóir Ó Maonaigh

    Nach é chun go mbeadh ár oireachtas agus ár rialtas féin a throideamar in aghaidh na Sasanaigh i 1920-21? Agus an bhfuilimid chun dul ar ais anois ag impí ar na Sasanaigh a bheith mórchroíoch dúinn agus iad féin i gcruachás? Cad é a bheadh le rá ag feisirí SF nó ag éinní eile i Westminster nach féidir leo a rá níos éifeachtaí in aon áit eile? Is beag a tháinig riamh chugainn ó Westminster chun Éireann a chuir ar a leasa, gan trácht ar réiteach fadhb na ‘breataimeachta’ . Seasaimís ar ár gcosa féin mar is cóir do náisiún neamhspleách agus labhairimís amach i mBruiséal nó pé áit ina bhfuilimid.