An chontúirt is contúirtí, do gach rialtas? Na rudaí beaga…

Simon Coveney bocht.  Níl aon locht ar athrú intinne. Go deimhin, tá moladh tuillte ag aire a nochtann dearcadh amháin lá amháin, ach a thugann le fios tar éis tamaill, ar chúis réasúnta, go bhfuil a thuairim athraithe aige. Faraor, nuair a bhíonn reifreann á reáchtáil ag rialtas, rogha mhór le déanamh, agus géar-easaontas i measc […]

An chontúirt is contúirtí, do gach rialtas? Na rudaí beaga…

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie 

Simon Coveney bocht.  Níl aon locht ar athrú intinne. Go deimhin, tá moladh tuillte ag aire a nochtann dearcadh amháin lá amháin, ach a thugann le fios tar éis tamaill, ar chúis réasúnta, go bhfuil a thuairim athraithe aige.

Faraor, nuair a bhíonn reifreann á reáchtáil ag rialtas, rogha mhór le déanamh, agus géar-easaontas i measc an phobail, ní  bhreathnaítear go cineálta ar thuairimíocht Tánaiste má athraíonn sí.

Dúirt Simon dhá mhí ó shin go raibh sé i bhfabhar aisghairm an ochtú leasú ar an mBunreacht. Ach dúirt sé freisin nach raibh sé i bhfabhar an uasteorainn 12 seachtain ar ghinmhilleadh atá beartaithe ag an rialtas a chur sa reachtaíocht a thabharfar isteach má vótáiltear i bhfabhar aisghairme.

Rinne Simon athmhachnamh. D’athraigh sé a intinn. In alt a foilsíodh san Irish Independent Dé Luain, thug sé le fios go raibh sé sásta anois leis an teorainn 12 seachtain toisc go mbeadh prótacail dochta leighis (i bhfocail eile, scrúduithe a dhéanfadh dochtúirí ar mhná) i bhfeidhm.

Ba léir i mí Feabhra go mbeadh forálacha faoi phrótacail dá leithéid sa reachtaíocht a mholfadh an rialtas dá vótálfaí “Tá”.  Ach thagair an Tánaiste do chúis eile a thug air a intinn a athrú: na piollaí ginmhillte atá á n-úsáid go forleathan, agus a úsáidfear, cibé toradh a bheas ar an Reifreann.

Dúirt Billy Kelleher agus comhaltaí eile de choiste uilepháirtí an Oireachtais gur mar gheall ar fhaisnéis faoin méadú leanúnach atá ar úsáid na bpiollaí sin a mholadar go gceadófaí ginmhilleadh ar bhonn teoranta.

Ní cóir a bheith ródhian ar an Tánaiste, go dtí an pointe seo.  Má fhágtar go bhfuil daoine ann a bhfuil dearcadh soiléir acu ar thaobh amháin nó ar thaobh eile den argóint, tá scata eile i lár báire.  Tá siad idir dhá chomhairle, gan a bheith i ngiorracht rogha a déanamh fós:

1 Síleann siad gur chóir an cosc ar ghinmhilleadh atá i bhfeidhm faoi láthair a athrú i gcruachásanna áirithe (tar éis éignithe, mar shampla).

2  Síleann siad nár chóir an chosaint ar an mbeo gan breith atá sa Bhunreacht faoi láthair a chur ar ceal go hiomlán.  

Ní bheidh aon dul as ag gach duine a vótálann sa reifreann ach rogha a dhéanamh idir an dá thuairim thuas. Ina dhiaidh sin, beidh rogha níos casta le déanamh agus an bille atá beartaithe ag an rialtas a thabhairt isteach i gcás “Tá” á phlé.

Cuireann athrú intinne an Tánaiste fianaise luachmhar ar fáil don fheachtas frith-aisghairme. Déarfar gan dabht gur léir arís óna athrú intinne nár chóir iontaoibh a chur i mbriathar polaiteora. Mar sin féin, ní haon dochar don fheachtas aisghairme é drogall chomh follasach a bheith ar an Tánaiste agus rogha idir dhá riachtanas á meá aige.  

Ní féidir a bheith baileach chomh tuisceanach agus an tseift nua reachtúil a mhol sé á plé.  

Thug an Taoiseach droim láimhe shoiléir don reachtaíocht a mhol Coveney chun bac a chur ar athrú ar bith ar an dlí a rithfí tar éis vóta “Tá”, mura vótálfadh dhá thrian den Dáil ina fhabhar.  Dúirt Micheál Martin,  Mary Lou McDonald, Brendan Howlin, Richard Boyd Barrett, Catherine Murphy agus Mattie McGrath araon leis an Taoiseach sa Dáil go sáródh dlí dá leithéid an Bunreacht. Thug Leo Varadkar freagra díreach gairid orthu: sháródh, mar a dúirt an tArd-Aighne leis.

Is fiú cuntas dochair an rialtais ó thús na seachtaine a bhreithniú. In imeacht trí lá, bhí orthu a admháil:

Go raibh beartas a mhol an Tánaiste maidir le ginmhilleadh míbhunreachtúil.

Go raibh aonad nua cumarsáide an Taoisigh á scor.

Go raibh cuardach comhfhreagrais sa Roinn Dlí agus Cúirt lochtach –  “débacle” a thug aire amháin, Regina Doherty, ar an gcuardach.

Léireofar amach anseo an dochar a dhéanfaidh faillí, éidreoir agus útamáil mar atá léirithe thuas don rialtas. Ach ní beag an chúis imní.

Nuair a cuireadh brú ar an Taoiseach Albert Reynolds éirí as oifig i 1994 (mar gheall ar chomhfhreagras a chuaigh ar strae), dúirt sé nach constaicí móra ach cinn bheaga a bhain tuisle as.  Ábhar machnaimh don Taoiseach, agus don Tánaiste.

Fág freagra ar 'An chontúirt is contúirtí, do gach rialtas? Na rudaí beaga…'

  • Seán Mac Gearailt

    Simon bocht. Tá sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastail. Ní bheidh muinín ag ceachtar den dá thaobh ann anois.

  • Carraig

    I ngreim idir an dá bhruach. Ouch!

  • Derry

    Anois is arís, feictear nach bhfuil scileanna an chluiche pholaitíochta ró snasta ag na polaiteoirí, fiú acusan a bhfuil taithí acu!