‘An chomhairle atá agam dóibh siúd atá sna comórtais ná cuimhneamh gurb iad na hamhráin agus an traidisiún a choinneáil beo is tábhachtaí’

Agus Oireachtas na Samhna buailte linn, chuir Tuairisc ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael. An ceoltóir Conallach Diane Ní Chanainn atá linn an iarraidh seo

‘An chomhairle atá agam dóibh siúd atá sna comórtais ná cuimhneamh gurb iad na hamhráin agus an traidisiún a choinneáil beo is tábhachtaí’

Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

An eagla a bhí orm agus mé chomh neirbhíseach i measc na ndaoine, na laochra a raibh ardmheas agam orthu.

An rud is fearr faoin Oireachtas:

An fuinneamh a bhíonn ann, achan duine ansin leis an ghrá céanna don cheol, don teanga, don chultúr, don traidisiún.

An rud is measa faoin Oireachtas:

Dé Domhnaigh agus am baile, achan duine ar Debbie Downer an Oireachtais.

Cill Airne arís?

Cinnte bheadh sé deas é a fheiceáil i nGaeltacht Thír Chonaill nó áit inteacht in Ulaidh ach, ag an am céanna, tá Cill Airne speisialta maith mar ionad.

Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

Tarraing d’anáil! Ach ag fágáil an mhagaidh ar thaobh amháin, déan do dhícheall sult a bhaint as. Tóg inspioráid ó dhaoine a bhfuil seantaithí acu air seo agus cuimhnigh gurb iad na hamhráin is tábhachtaí agus an traidisiún a choinneáil beo.

Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Tá sé sin cosúil le ceist a chur ar dhuine cén leanbh is fearr leo!

Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Cuid den moltóireacht a bheith ag an lucht féachana agus imeachtaí fríd an bhliain.

Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Piachán ar achan duine Dé Domhnaigh.

Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Báchrán agus deichniúr den Phaidrín.

Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

An bhliain ar bhain Doimnic Mac Giolla Bhríde Corn Uí Riada [2009]. Fuair an oiread ón bhaile duais an bhliain sin, m’iníon Kelly chomh maith. Bhí lá speisialta againn sa bhaile i dTigh Hiúdaí Beag. Bhí sé millteanach mothúchánach agus lán grá. Lá a bheas liom go deo.

Fág freagra ar '‘An chomhairle atá agam dóibh siúd atá sna comórtais ná cuimhneamh gurb iad na hamhráin agus an traidisiún a choinneáil beo is tábhachtaí’'