Ach cá dtéann an t-am? Sin í an cheist atá ar bharr a ngoib ag chuile dhuine a chastar ort ar an mbóthar.
Táthar á fhógairt amach as fuinneoga na dtithe. ‘Óra tusa ansin, thall ansin!’ a fhógraítear, ‘cá dtéann an t-am?’
M’anam nach bhfuil a fhios agamsa cá dtéann sé.
Tá Saoire na Cásca linn cheana féin agus tá an tseachtain ar fad caite againn á fógairt. Tá muid beagnach leath bealaigh trí mhí an Aibreáin, cá dtéann an t-am? Tá síneadh breá sa tráthnóna, nach bhfuil? Ach cá dtéann an t-am ar chor ar bith?
D’fhiafraigh an Babaí díom cén sórt ubh chásca a bhí uaim ón gcoinín. Is ansin a chuimhnigh mé ar mo dhualgas doshéanta obair a dhéanamh leis an gcoinín céanna.
‘Ní fhaigheann daoine fásta uibheacha ón gcoinín,’ a mhínigh mé. Is mór an feall. Ba bhreá liom dá mbeadh ainmhí draíochta ag soláthar milseoga dom ag amanna rialta.
Níor leor uair sa mbliain dháiríre, b’fhearr liom tráthnóna Dé Sathairn dá dtiocfadh coinín draíochta go dtí an teach is go leagfadh sé b’fhéidir cúpla mála criospaí, buidéal fíona agus cúpla mini-egg isteach sa gcistineach dúinn. Dá bhféadfadh sé scannán maith a aimsiú ar sheirbhís sruthaithe físe chomh maith, ní eiteoinn é.
Bheinn breá sásta liosta moltaí a chur ar fáil don choinín a thabharfadh cúnamh dhó agus é ag roghnú siamsaíochta tráthnóna Dé Sathairn dúinn. Fan glan ar mhurdar, an chéad chomhairle a chuirfinn air, is tada a bhainfeadh le dúnmharú, scéinséir, cogadh, zombaithe, púcaí, ná uafás.
Ba mhaith an rud é dá mbeadh coinín draíochta ann a thabharfadh moltaí deasa réidh duit chun, agus seo é anpointe is tábhachtaí, dearmad a dhéanamh ar thrioblóidí an saoil ar feadh tréimhse bheag.
‘Séard atá uaimse ón gcoinín,’ a deir an Babaí agus é slán sábháilte ina dhomhainín draíochta, ‘ná Kinder egg leis na Avengers istigh ann.’ Sárlaochra eile.
Bhain a ráiteas siar beag asam ó nach raibh a fhios agam go raibh a leithéid d’ubh le fáil, bhí dearmad glan déanta agam ar an gconradh atá agam leis an gcoinín draíochta (nach dtugann tada ar ais dom as mo chuid oibre, fiú mála beag Tayto agus an oiread rioja is a fhliuchfadh do bhéal, bíodh sé ar an taifead).
‘Ach cá bhfaca tú iad seo?’ a d’fhiafraigh mé dhe. ‘An cuimhin leat an Centra sin a stop muid ann cúpla seachtain ó shin?’ a d’fhiafraigh sé díom. Níl insint ar an méid Centras ar stop muid iontu ar fud na tíre, cén chaoi go gcuimhneoinn ar cheann amháin acu. ‘Ní chuimhin,’ a dúirt mé go lom.
‘An cuimhin leat Mamaí, bhí muid ag dul ag cluiche agus stop muid ann ar an mbealach?’ Thosaigh léas beag cuimhne ag scaladh i m’intinn. ‘An Creagán?’ a d’fhiafraigh mé dhe.
‘Sin é!’ a dúirt sé. ‘Bhí siad ansin.’
‘Bhí siad ann ceithre seachtaine ó shin?’ a dúirt mé.
‘Bhí,’ a dúirt sé.
‘An bhfuil roghanna déanta ag na cailíní freisin?’ a d’fhiafraigh mé dhe ansin agus an fhainic go mbrisfí miotas an choinín ag ardú i m’ucht.
‘Tá Mamaí,’ a dúirt sé, ‘bhí muid uilig ag caint faoi an lá cheana.’
Seans gurb í seo an bhliain a ghabhfaidh an coinín ar scor nó ar leathscor. Ach, cá dtéann an t-am?
Fág freagra ar 'An cheist atá ar bharr a ngoib ag chuile dhuine a chastar ort ar an mbóthar'