An chéad ‘Queercal Comhrá’ ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht

Deir Don Ó Donnacháin, bunaitheoir ‘An Queercal Comhrá’ go bhfuil sé ag iarraidh ócáidí rialta a chur ar siúl a thabharfaidh deis do dhaoine aeracha agus daoine eile a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge teacht le chéile

An chéad ‘Queercal Comhrá’ ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht

Beidh an ‘Queercal Comhrá’ á reáchtáil i mBaile Átha Cliath anocht den chéad uair, agus bunaitheoir an ghrúpa ag súil le ‘spás a chruthú’ do Ghaeil aeracha san ardchathair.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Don Ó Donnacháin, bunaitheoir ‘An Queercal’ go bhfuil sé ag iarraidh ócáid rialta “oscailte agus réchúiseach” a chur ar siúl a thabharfaidh deis do dhaoine aeracha agus daoine eile a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge teacht le chéile.

“Tá an-rath ar an Pop-Up Gaeltacht ach bhí mé ag iarraidh rud éigin taobh amuigh den teach tábhairne a reáchtáil a thabharfadh deis do dhaoine aeracha agus a gcairde Gaeilge a labhairt.”

Thug Ó Donnacháin le fios go raibh lorg an ghrúpa ‘Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe’ á leanúint ag ‘An Queercal Comhrá’. Grúpa a bhí i ‘Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe’ a bunaíodh i mBaile Átha Cliath sna 90idí agus a mbíodh ócáidí á n-eagrú acu do Ghaeil aeracha na hardchathrach.

“Chuaigh mé i dteagmháil le bunaitheoir  ‘Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe’, Roy Galvin

agus mhol sé dúinn rud éigin éagsúil a dhéanamh uair sa mhí, ar nós freastal ar dhráma nó cuairt a thabhairt ar ghailearaí éigin, chun an fuinneamh a choinneáil sa rud,” ar sé.

Dúirt Ó Donnacháin go raibh an-spéis á cur ag daoine sa ‘Queercal Comhrá’ agus gur thaitin ainm an ghrúpa le daoine.

“Tá a fhios agam go bhfuil daoine ag baint úsáid as an bhfocal ‘aiteach’ anois, ach ní dóigh liom go bhfuil an ceangal céanna aige le stair na gluaiseachta is atá ag ‘queer’.”

Iriseoir é Ó Donnacháin a tháinig ar ais go hÉirinn i mbliana tar éis 14 bliain a chaitheamh ag obair thar lear. Tá “go leor athruithe” tarlaithe sa tír in imeacht an ama sin, dar leis.

“Tá an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí i mBaile Átha Cliath agus freisin, tá rudaí níos éasca don phobal aerach anois,” a dúirt sé.

Agus é ag obair thar lear, chaith Ó Donnacháin cuid mhaith ama i dtíortha éagsúla “a raibh lorg na coilíneachta fós le brath orthu”.

“Bhí mé sa Mheánoirthear agus i roinnt tíortha san Afraic agus chuaigh lorg na coilíneachta ar na cultúir dhúchasacha sna tíortha sin i bhfeidhm orm.

“Níor chailleadar a dteanga dhúchais sna tíortha ina raibh mé agus thosaigh mé ag cur spéise i mo theanga féin agus sa gceangal atá aici le m’fhéiniúlacht.”

Tá Ó Donnacháin ag freastal ar dhá chiorcal comhrá ó tháinig sé abhaile agus an Ghaeilge, a d’fhoghlaim sé ar scoil, ag teacht ar ais chuige. 

Dúirt sé gur dheas leis anois cairdeas dhéanamh den chéad uair le daoine aeracha a bhfuil Gaeilge acu. 

– Cuirfear tús leis ‘An Queercal Comhrá’ anocht ag 6pm san Outhouse, 105 Sráid. Chéipil, BÁC 1.

Fág freagra ar 'An chéad ‘Queercal Comhrá’ ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bheinn amhrasach faoin teideal/ainm sin….