Gheobhaidh pobal na Gaeilge an chéad fhéachaint cheart ar an bhfoclóir nua Gaeilge atá idir chamáin ag Tionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge le tamall de bhlianta anuas ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste an tseachtain seo.
Foilsíodh réamhbhlaiseadh beag den obair ar na dréachtiontrálacha a bhí scríofa ag lucht an fhoclóra ar an suíomh seo i samhradh na bliana 2024, tráth a raibh suas is anuas le 30,000 “dréachtaonad céille” [iontrálacha] curtha in eagar acu.
Dé hAoine beag seo, an 30 Deireadh Fómhair san ICC i mBéal Feirste a bheidh an ócáid Focal Ar Fhocal ar siúl ag lucht an fhoclóra agus “léiriú beo” le tabhairt ann ar an bhfoclóir nua atá le seoladh go hoifigiúil “roimh dheireadh na bliana”. Seo an chéad uair a bhfaighidh pobal na Gaeilge radharc ar an suíomh nua féin agus beidh deis acu triail a bhaint as le linn an deireadh seachtaine.
Táthar ag súil go seolfar an foclóir nua, an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge riamh, ag deireadh mhí na Samhna nó ag tús mhí na Nollag. Dála an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a foilsíodh i bhfoirm chlóite in 2020, cuirfear na chéad iontrálacha ar fáil ar líne sula dtosófar aon obair ar leagan clóite den fhoclóir.
Tá dhá fhoclóir ar leith á gcur i dtoll a chéile ag lucht an Fhoclóra i láthair na huaire: an Foclóir Nua Gaeilge-Béarla, a ghlacfaidh áit Fhoclóir Néill Uí Dhónaill mar phríomhfhoclóir Gaeilge-Béarla; agus an Foclóir Gaeilge, foclóir aonteangach ina mbeidh míniúcháin Ghaeilge ar cheannfhocail Ghaeilge.
Tosaíodh an bhunobair ar na foclóirí os cionn 25 bliain ó shin. Seoladh an chéad ghála d’fhocail ar an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2013 agus tá an fhoireann eagarthóirí ag cur leis an tionscadal ó shin. Foilsíodh an leagan clóite den fhoclóir sin faoin teideal Concise English-Irish Dictionary in 2020.
Seo thíos cuid den réamhbhlaiseadh a fuarthas ar na míniúcháin Ghaeilge san fhoclóir nua an samhradh seo caite:
Cáiníocóir: duine a íocann céatadán dá ioncam leis an rialtas mar cháin
Cáin mhaoine: cáin a íocann daoine ar an maoin, msh talamh nó foirgnimh, atá acu
Cáin chorparáide: cáin a íocann comhlachtaí ar an mbrabús a dhéanann siad
Cáin charbóin: cáin a ghearrtar ar dhó breoslaí ar nós móna, guail agus ola, ar mhaithe leis an méid dé-ocsaíd charbóin atá á scaoileadh amach san atmaisféar a laghdú.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, beidh iontráil ar leith ann do roinnt mhaith focal canúnach agus ‘neamhchaighdeánach’ ar an bhfoclóir nua. Dúirt bainisteoir an tionscadail, Cormac Breathnach, le Tuairisc anuraidh go ndearna foireann an fhoclóra an cinneadh a n-iontráil iomlán féin a thabhairt do na leaganacha canúnacha agus malartacha in áit an t-úsáideoir a atreorú chuig an gceannfhocal ‘caighdeánach’ faoi mar a dhéantar i bhFoclóir Uí Dhónaill (FGB).
Mar shampla, ní aimseodh an té a chuardódh ‘bomaite’ in FGB ach “=NÓIMÉAD”. Nuair a théitear chomh fada leis an gceannfhocal ‘nóiméad’ is ann a fhaightear an míniú ‘Minute, moment, instant’.
“Ar an bhfoclóir nua Gaeilge-Béarla, agus ar an bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge, beidh a iontráil féin ag bomaite agus ag na leaganacha canúnacha agus malartacha eile mar sin. Tá roinnt iontrálacha mar sin scríofa cheana féin sna dréachtaí do na foclóirí nua, do na leaganacha is coitianta. Beidh líne le tarraingt áit éigin ach ba cheart a aithint gurb é ‘bomaite’ amháin atá in úsáid i gCúige Uladh.
“Beidh nótaí le cur isteach san fhoclóir freisin, nótaí úsáide a mhíneoidh gnéithe de ghnáthúsáid na teanga agus d’fhéadfaí nótaí faoi fhocail chanúnacha agus leaganacha malartacha a bheith mar chuid de na nótaí sin – nóta ina dtugtar le fios gur ‘focal é seo a úsáidtear go coitianta i gCúige Uladh’, mar shampla,” a dúirt Breathnach.
Athrú mór eile atá beartaithe ag lucht na bhfoclóirí nua ná go mbeidh ‘ceannfhocal’ sa dá fhoclóir nua a mbeidh níos mó ná focal amháin iontu. Is é sin le rá go mbeidh bheith istigh ag leithéidí ‘deireadh seachtaine’ agus ‘spéaclaí gréine’.
“Níl ceannfhocal a bhfuil níos mó ná focal amháin ann ar na seanfhoclóirí. Beidh sainmhíniú ar leith ag ‘alt úll agus cuas’ ar an bhfoclóir nua chomh maith le téarmaí coitianta eile mar ‘dheireadh seachtaine’ agus ‘spéaclaí gréine’.
“Neadaítear na téarmaí sin faoi cheannfhocal aonair ar na foclóirí reatha – rud a fhágann go mb’fhéidir go mbeadh ar an úsáideoir cúpla ceannfhocal a chuardach sula n-aimseofaí an téarma ceart: ‘alt’, ‘úll’, nó ‘cuas’ mar shampla,” a dúirt Breathnach.
Athrú eile ar ghnás na Gaeilge a bhfuiltear ag súil leis san fhoclóir nua ná úsáid forainmneacha iolra i gcásanna ina bhféadfadh fear nó bean a bheith i gceist. Seachas a bheith ag caint feasta ar dhochtúir ‘a bhfuil saineolas aige nó aici ar…’ táthar ag súil go mbeidh ‘dochtúir a bhfuil saineolas acu ar…’ ar an bhfoclóir nua.
Dúirt lucht an fhoclóra in 2023 gur bealach “i bhfad níos slachtmhaire” a bheidh anseo le cur síos a dhéanamh ar dhuine nach eol cén inscne atá aige nó aici (ná acu). Moladh sa treoir stíle do na foclóirithe forainmneacha iolra seachas forainmneacha uathu – a bheadh firinscneach nó baininscneach de réir inscne ghramadaí na n-ainmfhocal – a úsáid nuair is do theidil ghairme nó d’ainmfhocal eile atáthar ag tagairt agus gan fios an fear nó bean atá i gceist.
Seo an leanas roinnt samplaí a bhí á moladh in 2023:
Duine arb é an post atá acu ná…
Duine a thugann roinnt dá gcuid fola…
Óráid i ndráma ina labhraíonn aisteoir leo féin…
Feirmeoir a bhfuil feirm bheag acu…
“Is bealach i bhfad níos slachtmhaire é ná coinbhinsiúin eile atá in úsáid sna cásanna seo, mar shampla: ‘má aontaíonn sé nó sí leis sin’, ‘má aontaíonn sé/sí leis sin’, ‘má bhíonn moill air/uirthi’, ‘cibé áit a bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí’, ‘seolfar admháil chuigesean nó chuicise’, ‘ag brath ar a aois nó a haois’, ‘ag brath ar a (h)aois’…
“Tá úsáid an fhorainm iolra ag teacht i gcúrsaíocht go láidir agus go nádúrtha sa ghnáthchaint sa Ghaeilge nuair a bhítear ag tagairt do na teidil ghairme nó do na hainmfhocail seo.”
Le daoine amháin a bhain an treoir. I gcás ainmhithe agus araile, is í inscne ghramadaí an ainmfhocail nó an fhrása ainmfhoclaigh a stiúrfaidh cé acu firinscneach nó baininscneach an forainm “seachas nuair is léir ón gcomhthéacs gur d’ainmhí fireann nó baineann go sonrach atáthar ag tagairt” – mar shampla ‘é’ le haghaidh eilifint fhireann nó ‘í’ le haghaidh asal baineann.
Beidh Focal ar Fhocal ar siúl ag 16:30 ar an 31 Deireadh Fómhair i Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, san ICC. Beidh ceardlann ar úsáid na bhfoclóirí ar líne ar siúl sa seomra céanna Dé Sathairn, an 1 Samhain ag 14:00.
Duine aonair a bhfuil tuairimí acu ar leo féin iad
Íorónach gurb é an foclóir Gaeilge-Gaeilge is mó a bhrúfaidh an Béarlachas chun cinn.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
N’fheadar a nglacfar leis seo i measc cuid de dhaoine – ceard faoi na daoine is sine, nach gcleachtann an caighdeán? :-)
Seanán Ó Coistín
Inis dúinn, le do thoil, cén chaoi ar dóigh leat go mbrúfaidh foclóir Gaeilge an Béarlachas chun cinn?
Ba cheart fáilte a chur roimh fhoclóir a bhfuil géarghá leis agus do bhreith a dhéanamh tar éis duit tamall a chaitheamh ag baint feidhme as an bhfoclóir.
Duine aonair ag scríobh a gcuid tuairimí arís
Bhuel má chíonn an tAthair Peadar “acu”, “á ndéanamh”, “a n-asal” in úsáid san uimhir uatha, tá sé chun teacht thar n-ais agus haunting a dhéanamh orainn go léir
Pádraig
Beidh an t-Athair Peadar ag imrothlú ina n-uaigh.
Cén uaigh?
Aon fhearaibh amháin
Caithfimíd focla nua a ghlacadh insan dteangain agus, ar an drochuair, is minic a bhíonn na focla san bunaithe ar fhoclaibh do chuid an Bhéarla. Ní ionann sin is a rá gur gá duinn gramadach na teangan a athrú. Molaim-se go nglactar foclóir An Chóta ó thaobh shainmhíniú snasta na bhfocal atá ann, agus tearma.ie fé choinne na bhfocal nua. Más gá do dhuine úsáid a bhaint as áiseannaibh ar nós tearma.ie, is dócha go “dtuigid siad” an brí atá leis an bhfocal cheana féinig.
Indrek
Sílim gur riail mhínádúrtha atá ann a thagann salach ar chomhréir na Gaeilge. Seo sampla as Fraincis, teanga eile a bhfuil dá inscne inti. ‘La personne’ an focal Fraincise atá ar ‘dhuine’. Is é an forainm baininscneach ‘elle’ a chaithfear a úsáid chun tagairt a dhéanamh don fhocal sin’. Mar shample, ‘LA personne qui lit le journal pense qu’ELLE est bien informée’. Is amlaidh atá an scéal leis an bhfocal ‘la victime’ nó íospartach. Ní hé gur bean atá i gceist anseo. D’fhéadfadh bean nó fear a bheith ann, mar níl ann ach tagairt d’inscne ghramadúil an fhocail ‘la personne’ féin. Sin mar ba chóir a bheith sa nGaeilge freisin, seachas aithris a dhéanamh ar an mBéarla, teanga atá go hiomlán difriúil ó thaobh na comhréire de.