AN CHÉAD DÁIL: Ag cuartú aitheantais don Phoblacht …

Má bhí údarás na Breataine ar Éirinn le cur dá bhonnaibh ba léir go gcaithfí é sin a dhéanamh in Éirinn

AN CHÉAD DÁIL: Ag cuartú aitheantais don Phoblacht …

Olltoghchán stairiúil ba ea olltoghchán na bliana 1918 i stair na Ríochta Aontaithe, agus i stair na hÉireann go háirithe. Ba é an chéad olltoghchán é le hocht mbliana. Idir an dá linn, bhí an domhan mór sáite i gcogadh fuilteach inar maraíodh na milliúin. Nuair a tháinig an Cogadh Mór chun clabhsúir um Shamhain 1918, bhí cuid mhór den Eoraip (idir bhonneagar agus gheilleagar) scriosta. Bhí cuid de na sean-impireachtaí Eorpacha ar lár; an impireacht Hapsburgach, impireachtaí na Gearmáine, na Tuirce agus na Rúise (de thoradh réabhlóid na mBoilséiveach). Bhí ceannairí ‘phobail náisiúnta’ a bhí faoi chois nó faoi dhímheas le fada laistigh de na himpireachtaí seo, ag éileamh a gcearta, is é sin, ag éileamh féinrialtais nó stáit neamhspleácha dá gcuid féin.

Ábhar dóchais do cheannairí na ngluaiseachtaí náisiúnta éagsúla seo, a raibh aisling na saoirse á spreagadh, ráiteas cáiliúil Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Woodrow Wilson, agus Meiriceá ag teacht isteach sa chogadh. Leag Wilson síos prionsabail ghinearálta ar a bhféadfaí córas idirnáisiúnta nua a thógáil, ach Meiriceá agus a comhghuaillithe a bheith buacach sa chogadh. Ar na prionsabail úd, bhí a leithéid seo: deireadh a chur le conarthaí míleata rúnda agus córas nua idirnáisiúnta a thógáil, bunaithe ar phrionsabal an ‘fhéinrialtais náisiúnta’ (i.e. ‘national self-determination’).

Ar an 18 Eanáir 1919, tháinig toscairí ó fhormhór na stát a bhí páirteach sa Chogadh a bhí díreach thart le chéile i bPáras chun na téarmaí síochána agus an córas (agus na struchtúir) nua caidrimh idirnáisiúnta a aontú. An léarscáil nua a dhréachtaigh na ‘máistrí’ i bPáras, bhí stáit ‘chomharbacha’ nua san Eoraip mar chuid dhílis di: stáit nua náisiúnta, ag síneadh ó chósta Mhuir Bhailt soir ó dheas go dtí na Balcáin. Fad is a bhí na cainteanna réitigh seo ar siúil bhí toscaireachtaí ó na gluaiseachtaí náisiúnta éagsúla a bhí ag éileamh stáit i bPáras, ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis na máistrí a bhí sa diallait ag an gComhdháil agus ag áitiú go tréan orthu stáit náisiúnta a ghéilleadh dóibh.  D’éirigh le cuid de na toscaireachtaí seo ina n-éileamh, theip ar chuid eile acu.

Ar na toscairí ar tugadh an chluas bhodhar dá n-éileamh bhí an toscaireacht ó Dháil Éireann, a bhí ag lorg aitheantais do Phoblacht neamhspleách na hÉireann, a fógraíodh ag cruinniú stairiúil Dháil Éireann a tháinig le chéile don gcéad uair i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, ar an 21 Eanáir 1919.  De thoradh Acht na hIonadaíochta (1918), bhí an ceart vótála in olltoghchán stairiúil 1918 ag gach fear fásta agus ag mná os cionn tríocha bliain d’aois a shásaigh coinníollacha áirithe maoine. Nuair a chuirtear san áireamh an slad a deineadh ar fhir óga i rith an Chogaidh Mhóir, d’fhéadfadh go raibh beirt as gach triúr a bhí ar chlár na vótóirí d’olltoghchán 1918 i dteideal vóta a chaitheamh den gcéad uair ina saol.

In Éirinn bhí bua cuimsitheach ag Sinn Féin san olltoghchán: bhaineadar 73 suíochán as an 105 suíochán a bhí ag Éirinn sa pharlaimint in Westminster ag an am. Bhain na hAontachtóirí 26 suíochán (formhór acu i gcúige Uladh) agus níor fágadh ach sé shuíochán ag an seanpháirtí Náisiúnach.  Níorbh fhéidir a shéanadh ach gur labhair Sinn Féin ar son an tromlaigh náisiúnaigh sa tír (fiú má bhí oirthear Uladh daingean ar son na hAontachta). Bheartaigh ceannaireacht Shinn Féin gan dul go dtí Westminster agus tionól a ghairm i mBaile Átha Cliath de na teachtaí uilig a toghadh in Éirinn san olltoghchán. Tháinig an tionól cinniúnach sin le chéile ar an 21 Eanáir 1919. Ní raibh ach 28 teachta de chuid Shinn Féin i láthair: bhí  36 i bpríosún (‘fé ghlas ag gallaibh’), bhí ceathrar eile ‘ar díbirt ag gallaibh’ agus thug an chuid eile den 105 neamhaird ar an ngairm.

Sa chéad seisiún sin de Dháil Éireann (a reáchtáladh go hiomlán trí Ghaeilge), fógraíodh Éire ina Poblacht neamhspleách; glacadh le bunreacht (sealadach), aontaíodh teachtaireacht oscailte dea-mhéine ‘chum saor-náisiúin an domhain’, chomh maith le rialacha oibre, toscaireacht chuig mhórchomhdháil Pháras, agus ‘Clár Oibre Poblachtánaí’, ar tugadh an ‘Democratic Programme’ air i mBéarla. (Cuireadh leagan de na cáipéisí ar fáil i bhFraincis agus i mBéarla chomh maith.)

Bhí práinn ag baint le haitheantas idirnáisiúnta d’fháil don phoblacht nuafhógartha. Ach teip a bhí i ndán do na toscairí ón Dáil a thug a n-aghaidh ar Pháras. Ní bhainfeadh prionsabail (ná geallúintí) an Uachtaráin Wilson le hÉirinn. Bhí cumhacht agus tionchar na Breataine róláidir, an chomhghuaillíocht idir an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe ródhlúth, le go n-éireodh le toscairí na hÉireann aitheantas (ná fiú éisteacht) a fháil ag mórthionól Pháras don Dáil ná do Phoblacht na hÉireann. Má bhí údarás na Breataine ar Éirinn le cur dá bhonnaibh, agus a smacht le treascairt, chaithfí é sin a dhéanamh ar an talamh ar ais in Éirinn.  Ar leor vótaí agus bolscaireacht chun an aidhm seo a chur i gcrích? Sin an dúshlán a bhí le sárú ag ceannairí ghluaiseacht na poblachta in Éirinn in earrach na bliana 1919 – agus ar feadh blianta fada i ndiaidh imeachtaí cinniúnacha an lae úd, an 21 Eanáir 1919, nuair a leagadh bunchloch an daonlathais pharlaimintigh i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath. 

 

Fág freagra ar 'AN CHÉAD DÁIL: Ag cuartú aitheantais don Phoblacht …'