An chéad Bhíobla Gaeilge ceannaithe ag leabharlann sna Déise i ndiaidh bailiúchán ar líne

Beidh an bíobla á choiméad i mbailiúchán The Cotton Library in eaglais Leasa Móir, leabharlann ina bhfuil níos mó ná 2,000 leabhar agus sean-lámhscríbhinn in dhá theanga dhéag

An chéad Bhíobla Gaeilge ceannaithe ag leabharlann sna Déise i ndiaidh bailiúchán ar líne

Tá an chéad Bhíobla Gaeilge, Bíobla Bedell, ceannaithe ag coimeádaí leabharlainne i bPort Láirge agus “an-rath” ar fheachtas bailiúcháin airgid a reáchtáladh ar líne le roinnt seachtainí anuas.

€5,000 a bhí ag teastáil ó choimeádaí The Cotton Library, leabharlann deoise Leasa Móire, chun an bíobla Gaeilge a foilsíodh i 1685 a cheannach agus a choimeád mar chuid dá mbailiúchán leabhar agus lámhscríbhinní.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Coimeádaí na Leabharlainne, Daniel Fleming, go raibh sé “an-bhuíoch” as an tacaíocht ar fad a léiríodh ar son an fheachtais chun an seanbhíobla Gaeilge a cheannach i ndiaidh do Tuairisc.ie scéal a fhoilsiú faoi.

“Bhí daoine an-fhlaithiúil agus an-chineálta ar fad. Cé nár lorg muid ach praghas cupán caife ó dhaoine thug go leor síntiúis mhóra dúinn agus chinntigh an uile dhuine acu go mbeidh an bíobla stairiúil seo le William Bedell ar fáil do mhuintir na tíre,” a dúirt sé.

€3,750 a íocadh ar Bhíobla Bedell, a bhí á dhíol ag an chomhlacht De Búrca Rare Books i mBaile Átha Cliath.

€1,300 a bailíodh tríd an fheachtas a reáchtáladh ar Gofundme agus tháinig a dhá oiread sin ó dhaoine aonair, eagraíochtaí agus institiúidí a bhfuil suim acu san ardeaglais i Lios Móir, sa Ghaeilge agus i gcúrsaí leabhar.

Dúirt coimeádaí The Cotton Library gurb é “an chéad chéim eile” an bíobla a aistriú ó Bhaile Átha Cliath agus a chur i láthair mhuintir Phort Láirge.

“Tá bac á chur ag Covid-19 ar chúrsaí faoi láthair agus gan cead ag daoine teacht le chéile, mar sin tá mé chun mo mhachnamh a dhéanamh faoin mbealach is fearr a bhféadfainn an bíobla a chur i láthair na ndaoine.

“Is cúis cheiliúrtha é do mhuintir Phort Láirge go mbeadh an bíobla seo sa chontae, mar sin is fiú scéal mór a dhéanamh faoi,” a dúirt Daniel Fleming.

An Gaeilgeoir William Bedell, Easpag Chill Mhór agus Ardach, a d’aistrigh an bíobla go Gaeilge le cuidiú ó bheirt chainteoirí dúchais a rinne an saothar a phrofléamh.

Sasanach, agus scoláire Eabhraise ab ea Bedell, a tháinig go hÉirinn ina phropast ar Choláiste na Tríonóide i 1637, cúpla bliain sular coisriceadh é ina easpag de chuid Eaglais na hÉireann.

“Cor cinniúnach i stair na tíre agus na Gaeilge” ab ea foilsiú Shean-Tiomna Bedell, dar le Daniel Fleming.

“Mhair an lámhscríbhinn sin trí thinte, cogaí agus eachtraí eile sular tháinig an t-eolaí, an fealsúnaí agus an diagaire aitheanta Robert Boyle uirthi i 1681. Ba le hairgead Boyle a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den tSean-Tiomna i 1685.

“Foilsíodh 500 cóip de Shean-Tiomna Bedell, agus tháinig 420 de na cóipeanna sin go hÉirinn, cé gur scriosadh formhór na mbíoblaí sna blianta ina dhiaidh sin,” a dúirt coimeádaí The Cotton Library.

Cé gur Bíobla Bedell a thugtar air, tá aistriúcháin den Tiomna Nua, a rinne Ardeaspag Thuama, William Daniel, tríocha bliain roimhe sin, ar fáil ann. Ba é an t-aon aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an Bhíobla go ceann 300 bliain eile.

Bhain conspóid mhór le foilsiú an tSean-Tiomna i nGaeilge i lár an 17ú haois, tráth nár cheadaigh an eaglais Chaitliceach aistriúcháin ón Laidin ar an Bhíobla agus ar cheap Eaglais na hÉireann gur cheart gur i mBéarla seachas i nGaeilge ba chóir paidreacha na hEaglaise Protastúnaí a bheith á léamh ag muintir na hÉireann.

Dúirt Fleming gur “daonnachaí ceart” ab ea William Bedell, a thuill meas an phobail Phrotastúnaigh agus an phobail Chaitlicigh. Nuair a bhásaigh sé i 1642, bhronn na reibiliúnaithe Gaelacha “gach onóir” a d’fhéadfaidís a bhronnadh ar William Bedell.

Beidh an bíobla á choiméad i mbailiúchán The Cotton Library in eaglais Leasa Móir, leabharlann ina bhfuil níos mó ná 2,000 leabhar agus sean-lámhscríbhinn in dhá theanga dhéag.

Fág freagra ar 'An chéad Bhíobla Gaeilge ceannaithe ag leabharlann sna Déise i ndiaidh bailiúchán ar líne'