An cháin is fearr le gach rialtas? An cháin nach dtugtar faoi deara…

Tá cúl á thabhairt cheana féin le ceann de bhuncheachtanna na géarchéime eacnamaíochta

An cháin is fearr le gach rialtas? An cháin nach dtugtar faoi deara…

Ceist agam ort, a léitheoir dhil.  An bhfuil tuairim agat cén dleacht a íoctar ar lítear peitril?* Nó ar  dhíosal? Nó ar phaicéad scór toitíní? 

Glacaim leis go bhfuil corrdhuine sa tír a bheadh ábalta na ceisteanna thuas a fhreagairt ar an toirt. Is féidir le gach duine eile teacht ar na freagraí thíos*. 

Léirigh an t-achrann agus an fhearg a spreag táillí uisce le cúpla bliain an fhírinne pholaitiúil arís eile. Más féidir cáin a cheilt, nó a chur i bhfeidhm i ngan fhios beagnach, ní spreagfaidh sé míshásamh róláidir.  Cloistear gearáin nuair a ardaíonn an cháin ar na ‘old reliables’ (breosla, deoch, agus tobac), ach ní íslíonn an ráta tomhaltais.

Ba léir ó thús nach n-íocfadh mórán daoine táillí uisce i ngan fhios. Mhol Fianna Fáil Dé Luain go gcuirfí deireadh leis na táillí, mar a iarrfar arís ag slógadh atá á reáchtáil ag an bhfeachtas ina gcoinne i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Athrú áisiúil intinne a thug Sinn Féin ar an moladh, agus is léir an tairbhe a bhainfidh an páirtí poblachtach eile as a seasamh nua.

Thug Fianna Fáil le fios go bhfuair siad tuairim dhlíthiúil a deir nach féidir iachall a chur ar Éirinn táillí uisce a chur i bhfeidhm. Ach níl freagra tugtha ag páirtí ar bith fós ar an mbuncheist Eorpach. Cad a dhéanfar amach anseo má ghearrtar fíneálacha ar an rialtas mar gheall ar chealú na bhfiach, go háirithe má thugtar breithiúnas inár gcoinne sa Chúirt Eorpach?

Is cás eisceachtúil maidir le míshásamh cáiníocóirí é an cháin ar réadmhaoin** ar dhá chúis.  Bhí  an troika fós i gceannas sa tír in 2013, agus iachall á chur acu ar  an rialtas a bplean ‘tarrthála’ a  chur i bhfeidhm ina iomláine. An chúis eile? Is deacair éalú ó na Coimisinéirí Ioncaim. Mar a dúirt cigire cánach liom fadó: ‘ní féidir le teach eitilt’.

Tá maolú  éifeachtach ar an gcáin réadmhaoine beartaithe ag Michael Noonan. Thug sé le fios anuraidh nach ndéanfar athbhreithniú ar phraghsanna maoine an bhliain seo chugainn. 

Go bhfios dom, níor iarr páirtí ar bith air ó shin gan moill a chur ar an  athluacháil.

Léiríodh dearcadh an ghnáthpholaiteora ar an gcáin nuair a pléadh í ag cruinnithe de chomhairlí  Fhine Gall agus Dhún Laoghaire an tseachtain seo. 

D’iarr bainisteoirí an dá chomhairle ar chomhairleoirí gan an cháin ar réadmhaoin a laghdú (is féidir le húdarás áitiúil laghdú 15 faoin gcéad  a chur i bhfeidhm). Dúirt siad araon go gcuirfeadh laghdú ar an ráta áitiúil brú airgeadais sa bhreis  ar sheirbhísí, mar shampla, i gcás daoine gan dídean.

Ainneoin iarratais na mbainisteoirí, vótáil móramh láidir sa dá chomhairle (31/6 i nDún Laoghaire, 28/9 i bhFine Gall) i bhfabhar na rúin a mhol laghdú 15 faoin gcéad ar an gcáin, anuas ar an laghdú 15 faoin gcéad a chuireadar i bhfeidhm i mbliana. 

Ar ndóigh, bhí baint ag síor-ardú ar phraghsanna tithe le dearcadh na gcomhairleoirí. Ach dúisíonn sé ábhar imní.  Tá cúl á thabhairt le buncheacht a síleadh a bhí le foghlaim ón ngéarchéim eacnamaíochta ó 2008 ar aghaidh. Is é sin, go gcaithfí bonn níos leithne agus níos seasmhaí a chur faoinár gcóras cánach.

An fhírinne pholaitiúil bhunúsach? Is mairg d’aon rialtas a iarrann ar Éireannaigh cáin a íoc seachas an cháin a íoctar i ngan fhios nó de réir a chéile!

* An dleacht/cháin a ghearrtar ar na hearraí a luadh thuas:

58.7c ar lítear peitril.

47.9c ar lítear díosail.

€8.37c ar scór toitíní.

** Cáin ar réadmhaoin, nó i mBéarla ‘property tax’.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'An cháin is fearr le gach rialtas? An cháin nach dtugtar faoi deara…'