An céile speárála ciúin – cur síos ar charachtair fhicseanúla

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Is minic a mhilleann barraíocht sonraí pléisiúr na léitheoireachta, ach níor mhór a bheith cúramach gan a bheith róspárálach leis an eolas a thugtar don léitheoir ach oiread

An céile speárála ciúin – cur síos ar charachtair fhicseanúla

Tá céile speárála agam a gcasaim leis nuair a bhím san Ísiltír (agus nuair nach mbíonn ar mo chumas dul chuig na ranganna dornálaíochta a mbím ag freastal orthu sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm.)

Casadh orm anuraidh é ag imeacht ealaíona comhraic.

Duine de na daoine sin é a bhfuil pearsantacht éagsúil acu sa chró dornálaíochta agus lasmuigh de. Laistigh den fháinne, fear spraíúil atá ann: bíonn gach ionsaí bréige aige ag iarraidh an dallamullóg a chur orm agus is maith leis a bheith ag saighdeadh fúm nuair a éiríonn leis.

Ach nuair a bhíonn cupán caife nó greim le n-ithe againn tar éis na speárála fanann sé ina thost den chuid is mó agus nuair a dhéanaim iarracht comhrá a mhealladh as tugann sé freagraí aonsiollacha.

Ní hé go mbíonn rud éigin ag cur as dó agus ní hé nach mbíonn sé ar a shuaimhneas. Níl ann ach nach fear cainteach é.

Ach fear cainteach mise agus má tá rud ar bith ann a chuireann míshuaimhneas orm, seo é: céile comhrá nach nglacann páirt sa chomhrá.

Is é an chaoi go dtosaím féin ag líonadh isteach na mbearnaí agus is minic a théim amú.

Duine de dhath atá sa chéile speárála. Níl blas ar bith ar fhoghraíocht a chuid Ísiltírise ach is léir ó líon na mbotún a dhéanann sé le hinscní na n-ainmfhocal nach le hÍsiltíris a tógadh é.

Ós rud é nach labhraíodh sé liom faoina chúlra as a stuaim féin, shocraigh mise gan ceist a chur air. Mar dhuine a chaith os cionn leath dá shaol ina chónaí lasmuigh dá thír dhúchais is maith a thuigim an chaoi a gcuirfeadh an síor-‘cad as thú?’ as do dhuine.

Ach bhí m’aigne ar a míle dícheall ag iarraidh freagra na ceiste a aimsiú agus bhí mo chluasa ar bior agam ar thóir leideanna.

Ó thaobh dath a chraicinn agus tréithe a aghaidhe de, ní sheasfadh mo chéile speárála amach mórán sa Bhrasaíl – ach ba ghearr gur oibrigh mé amach le corrfhocal Portaingéilise a chaithinn isteach sa chomhrá, féachaint an slogfadh sé an baoite, nach raibh baint ar bith ag a dhúchas leis na tíortha ina labhraítear an teanga sin.

Suranam nó na hAintillí a rith liom ansin; tá na céadta míle duine a bhfuil a gcuid fréamhacha sa dá áit sin ina gcónaí san Ísiltír. Ach níor aimsigh mé leid a dheimhneodh an teoiric sin.

Ansin, lá amháin gan choinne, dúirt sé liom go raibh pas de chuid na Breataine aige agus go raibh sé sin ag cruthú deacrachtaí dó ó d’fhág an Bhreatain an tAontas Eorpach. Ach ní dheachaigh sé isteach sa scéal, agus choinnigh mise greim ar na ceisteanna a bhí ar bharr mo theanga. Ag an bpointe sin bhí mé féin ag iarraidh an tomhas a réiteach.

Agus shíl mé go raibh sé réitithe agam.

An Ghuáin!

Tír í sin atá iontach cosúil le Suranam ó thaobh na staire de ach amháin gur choilíneacht de chuid na Breataine seachas de chuid na hÍsiltíre a bhíodh inti; agus tír a bhfuil traidisiún láidir dornálaíochta inti lena chois (Andrew ‘Six Heads’ Lewis.) Cá bhfios nár Ghuánaigh a thug Londain orthu féin a bhí i muintir mo chéile speárála agus a bhog go dtí an Ísiltír ina dhiaidh sin ar chúis éigin.

Bhí an fhírinne níos casta ná sin, mar a fuair mé amach an tseachtain seo caite nuair a shocraigh mé go raibh sé áiféiseach go mbíonn gnó chomh dlúthphearsanta lena bheith ag iarraidh a chéile a leathmharú ar bun againn, ach nach raibh aithne cheart againn ar a chéile. Bhí an t-eolas sin nár tugadh/an cheist sin nár cuireadh mar a bheadh eilifint sa seomra.

As Iamáice a tháinig muintir mháthair mo chéile speárála sular thug siad aghaidh ar an mBreatain, agus ansin ar an Ísiltír. As an Tuirc dá athair.

Ach a Alex, a deir tú, cén bhaint atá ag an scéal sin ar fad leis an scríbhneoireacht chruthaitheach?

Baint níos mó ná mar a cheapfá, b’fhéidir.

Cuirimid aithne ar charachtair fhicseanúla ar an mbealach ceannann céanna agus a chuirimid aithne ar dhaoine san fhíorshaol. Líonaimid isteach na bearnaí, ceanglaímid na poncanna lena chéile, agus céim ar chéim, ag tógáil ar an eolas a chuireann an scríbhneoir ar fáil, péinteálaimid pictiúr de charachtar ficseanúil inár n-aigne féin. Cuid lárnach den phléisiúr a bhaineann leis an léitheoireacht is ea an gnó sin. Ar an gcúis sin, ba cheart don scríbhneoir a bheith cúramach gan an iomarca eolais a thabhairt: má fhreagraíonn sé gach ceist, millfidh sé an cluiche ar an léitheoir, atá ag iarraidh rudaí a oibriú amach dó féin.

Ach léiríonn cás mo chéile speárála nár chóir do scríbhneoir a bheith róspárálach leis an eolas a thugann sé don léitheoir ach oiread.

Cinnte, ní leabhar a bhí á scríobh aige siúd agus gach seans go bhfuil samhlaíocht rud beag róbhisiúil agamsa mar scríbhneoir, ach an ceacht a d’fhoghlaim mise ón scéal seo ar fad ná gur mór an seans go bpéinteálfaidh léitheoir pictiúir míchruinn, nó leathchruinn an lá is fearr é, má fhágtar barraíocht bearnaí aige le líonadh isteach.

Cá mhéad sonraí ba chóir don scríbhneoir a thabhairt, mar sin?

Treoir ghinearálta a mbainim féin úsáid aisti (nuair a chuimhním air) ná gan a thabhairt ag aon am ach na sonraí a theastaíonn ón léitheoir ag an bpointe sin sa scéal; tá dáileadh na sonraí chomh tábhachtach céanna le líon na sonraí.

Ach seo ceann de na fáthanna go bhfuil léitheoir(í) cabhrach(a) chomh háisiúil sin. Teastaíonn péire súl eile uait, dáiríre, chun a rá leat ar thug tú barraíocht sonraí, nó a mhalairt, nó ar léirigh tú do chuid carachtar díreach i gceart.

Fág freagra ar 'An céile speárála ciúin – cur síos ar charachtair fhicseanúla'