Ar feadh breis is cúig bliana fichead, seachtain i ndiaidh seachtaine, bhíodh alt san Irish Farmers Journal faoin teideal ‘Straight From The Farmer’s Mouth’, inar nocht an scríbhneoir – feirmeoir mór ó mhacaire méith na Mí – a chuid tuairimí láidre pearsanta féin faoi chúrsaí talmhaíochta.
Joe Bruton ab ainm don cholúnaí neamhbhalbh úd, a d’imigh ar shlí na fírinne cúig bliana ó shin in aois a 99. Bhí sé de cháil ar Joe nár chuir sé fiacal ann riamh – tréith atá le sonrú go láidir le tamall anuas sa mhac is sine a bhí aige, John.
Cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí ginmhillte, an tAontas Eorpach – bíonn a thuairim láidir féin ag John Bruton i gcónaí faoi cheisteanna móra ár linne. Ach, ní nach ionadh, is é an méid a bhí le rá ag an iarthaoiseach seo le gairid, ar chúpla ócáid, faoi chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916, is mó atá tar éis conspóid a tharraingt.
Ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair a chuir John Bruton olc ar phoblachtánaigh leis an méid a bhí le rá aige. Taifeadadh giotán cainte trí thimpiste le linn na gcainteanna síochána ó thuaidh ina ndúirt sé: ‘I’m sick of answering questions about the f**ing peace process’. Is cuimhin le cuid againn freisin a raibh le rá aige nuair a tháinig an Prionsa Séarlas go Baile Átha Cliath i 1995: ‘This is the happiest day of my life.’
Bhí sé de cháil air freisin agus é ina thaoiseach gur chroch sé pictiúr de John Redmond, seachas an ceann traidisiúnta de Phádraig Mac Piarais, ar bhalla a oifige ar Shráid Mhuirfean – masla uafásach ní hamháin don Phiarsach ach don oifig, dar le poblachtánaigh. Ní poblachtánaigh amháin atá míshásta an uair seo, áfach.
Ar na daoine atá tar éis easaontú go poiblí le teoiric nua seo Bruton, tá bete noire eile ghluaiseacht na poblachta, Michael McDowell. Nach ait an mac an saol! I mbeagán focal, is é atá áiteamh ag Bruton gur tábhachtaí i bhfad an Bille an Rialtais Dúchais ná 1916 agus go mbeimís ar fad i bhfad níos fearr as mura mbeadh an tÉirí Amach ann ar chor ar bith.
Bhí dlúthbhaint ag seanathair McDowell, Eoin Mac Néill, leis an Éirí Amach, ar ndóigh; rinne sé iarracht é a stopadh! Mar a tharlaíonn sé, agus tá a fhios agam go rímhaith nach gcuirfidh an méid atá le rá agam anois mórán le ballraíocht mo ‘fan club’ i measc Gaeilgeoirí, aontaím féin go huile agus go hiomlán leis-sean agus le Bruton féin. Tá a fhios agam nach féidir an stair a athscríobh; agus is iontach go deo an focal é ‘dá’, agus é á chur ag obair sa mhodh coinníollach.
Ach dá bhfanfadh muintir na hÉireann go foighdeach go mbeadh an Chéad Chogadh Domhanda thart, ní bheadh de rogha ag Rialtas Shasana ach féinriail a thabhairt dúinn. Seans maith, freisin, sa chás sin, gur féinriail uile-oileánda a bheadh ann, nach mbeadh Cogadh na gCarad ann, nach mbeadh an teorainn ann, nach mbeadh 30 bliain de na ‘trioblóidí’ ó thuaidh againn.
Fearacht Bruton, ní chuirfidh mé féin aon fhiacail ann: ní raibh de thoradh ar 1916 i ndeireadh na dála ach céad bliain de mharú, de throid, de naimhdeas agus de chríochdheighilt.
Cailleadh fís cheart an náisiúnachais dá bharr; rinneadh dearmad ar an athbheochan liteartha, chultúrtha agus teanga a bhí fite fuaite le gluaiseacht an náisiúnachais i dtús an chéid seo caite. Ina áit siúd, rinneadh sainmhíniú cúng ar an bhfocal ‘náisiúnachas’ ó shin i leith: sainmhíniú a bhí, agus atá, teoranta don phoblachtánachas, don Chaitliceachas agus don traidisiún míleata. D’éirigh leis an Eaglais Chaitliceach seilbh a ghlacadh ní hamháin ar an traidisiún náisiúnach ach ar an Stát a d’eascair as – seilbh daingean nár briseadh go ceann 50 bliain.
Ní raibh áit sa Shangri La nua seo don traidisiún Protastúnach, Angla-Éireannach. Caitheadh leithéidí Yeats, Synge agus Lady Gregory sa ghearradh díobh; ba thábhachtaí i súile an Stáit nua Our Boys agus Kitty The Hare.
Táimid ar fad níos boichte dá bharr seo ar fad. Ar ndóigh, an méid atá thart, tá sé thart…
Ach bíonn níos mó ná insint amháin ar an stair i gcónaí. Is fiú go mór na ceisteanna seo a phlé – go háirithe agus muid ag druidim i dtreo 2016, tráth a bhfuil na páirtithe polaitíochta ar fad, go háirithe Sinn Féin, ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar cheiliúradh seo an chéid. Mar a scríobh George Orwell: ‘He who controls the past controls the future. He who controls the present controls the past.’
Taitníodh an méid a bhí le rá aige linn no ná taitníodh, táimid ar fad – poblachtánaigh, aontachtóirí agus lucht leanúna Redmond araon – faoi chomaoin arís ag boc mór Chontae na Mí. Tá ábhar machnaimh againn – díreach ó bhéal an iarthaoisigh; níor chaill muintir Bruton riamh é.
– Is colúnaí leis an Irish Daily Mail Paul Drury
Páid Ó Donnchú
Cé a thug na céadta acra talúna don chlann mhisniúil Bhruton seo?
Críostóir Ó Faoláin
Is léamh saonta atá ag Paul ar stair na tíre mar is gnáth nuair is bolscaireacht frithpoblachtach atá i dtreis. Is é bun agus bar an scéal atá aige ná, bheadh Éire i bhfad níos fearr as gan foréigean na náisiúnaí. Léamh simplí atá ann agus ní haon ionadh ach go bhfuil cúrsaí i bhfad níos casta ná sin. Tá sé maíte aige thuas nach mbeadh de rogha ag Rialtas Shasana ach dul ar aghaidh le Bille an Rialtais Dúchais agus féinriail a thabhairt dúinn tar éis an chogadh. B’fhéidir é, ach ní hí Éire an t-aon chuid den Ríocht Aontaithe a raibh a leithead de bhille aici. Bhí Bille an Rialtais Dúchais ag Albain ag an am chéana, neamhchosúil leis na h Éireannaigh, d’fhan muintir na hAlban go foighdeach agus nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda thart, bhí dearmad déanta den bhille a bhí acu i Westminster. Tá fhios againn uilig cén toradh a bhí ann i gcas na hAlban, atá fós mar chuid den Riacht Aontaithe céad bliain níos déanaí. Is fiú a lua nach raibh ‘tríocha bliain de na trioblóidí’ ag Albain, ní raibh cogadh cathartha ar tí phleascadh in Albain sa bhliain 1914 ach oiread. Tá an cheart ar fad ag Paul nuair atá sé ráite aige nach mbeidh Cogadh na gCarad ann, nach mbeadh an teorainn ann agus nach mbeadh 30 bliain de na ‘trioblóidí’ ó thuaidh again gan Éirí Amach na Cásca. Ina h-áit áfach, is é an torradh dóchúla ná cogadh cathartha thuaidh-theas agus 30 bliain de thrioblóidí ar fud an oileán seachas ó thuaidh amháin.
Philip
“tá an Teamhair ‘na féar, is féach an Traoi mar tá,
is na Sasanaigh féin do b’fhéidir go bhfaighidís bás!”
Is é an ‘b’fhéidir’ is an modh coinníollach is tábachtaí sa bhurdún thuas. Níor thug siad féin-riail do mhuintir an Tuaiscirt go fóill, mar Shasanaigh, agus níl aon chinnteacht go dtabharfadh don tír ar fad iar 1918.
Donncha Ó hÉallaithe
‘Fearacht Bruton, ní chuirfidh mé féin aon fhiacail ann: ní raibh de thoradh ar 1916 i ndeireadh na dála ach céad bliain de mharú, de throid, de naimhdeas agus de chríochdheighilt.
Cailleadh fís cheart an náisiúnachais dá bharr; rinneadh dearmad ar an athbheochan liteartha, chultúrtha agus teanga a bhí fite fuaite le gluaiseacht an náisiúnachais i dtús an chéid seo caite. Ina áit siúd, rinneadh sainmhíniú cúng ar an bhfocal ‘náisiúnachas’ ó shin i leith: sainmhíniú a bhí, agus atá, teoranta don phoblachtánachas, don Chaitliceachas agus don traidisiún míleata. D’éirigh leis an Eaglais Chaitliceach seilbh a ghlacadh ní hamháin ar an traidisiún náisiúnach ach ar an Stát a d’eascair as – seilbh daingean nár briseadh go ceann 50 bliain.’
Is deacair easaontú leis an méid sin thuas. Gabhfaidh mé níos faide leis an scéal: ón léamh atá déanta agam ar stair an tréimhse úd, rinne Éirí Amach 1916 dochar mór do ghluaiseacht na Gaeilge. Ní raibh sa gConradh ina dhiaidh ach scáil den eagraíocht íontach físiúil bríomhar a bhí ann roimhe. Cailliúnt mhór ab ea é gur mealladh an Piarsach, Mac Néill agus roinnt eile de cheannairí na haithbheochana i dtreo náisiúnachas cúng an IRB, an náisiúnachas a ba chúis le dhá stát seictreach a bheidh dá dhéanamh den 32 Contae.