AN CADHNACH AGUS MISE: Más áil linn é a cheiliúradh léitear é

Sa dara alt sa tsraith speisialta seo déanann scríbhneoirí éagsúla ceiliúradh ar shaol agus saothar Mháirtín Ó Cadhain a bhásaigh ar an 18 Deireadh Fómhair 1970

AN CADHNACH AGUS MISE: Más áil linn é a cheiliúradh léitear é

Cé a thuigfidh go deo é?

Alan Titley

Níor airigh mé puinn mar gheall ar Mháirtín Ó Cadhain nuair a bhíos sa mheánscoil. Nílim ar son an ghnáthghearáin a dhéanamh nach raibh sé ar an gcúrsa. Ar éigean go raibh nua-litríocht ar bith ar an gcúrsa, agus an té a raibh dúil aige inti níorbh fholáir dó dul á lorg é féin.

Ná ní raibh sé ar an gcúrsa sa chéad bhliain nuair a bhíos im mhac léinn múinteoireachta i gColáiste Phádraig. Ach bhí rud éigin níos fearr ná sin, bhí muintir Chonamara ann. Den chéad uair i gceart thuirling an Ghaeilge ait neamhchoitianta seo ar mo chluasa, Gaeilge ina raibh ‘acub’ agus ‘leob’ agus ‘a’m agus an bhéim ar an siolla contráilte. Ní raibh againne ach Gaeilge Chorcaí, seachas an cúpla bligeard aniar a dhein a ndícheall Gaoluinn Chiarraí a sháirsingiú orainn.  Níos iontaí ná mic léinn Chonamara iad féin, bhí cuid acu a phléigh leabhair agus litríocht, dá aiteacht is a shamhlaíonn sin do dhaoine anois, b’fhéidir. Is sa chabaireacht sin idir dhá sholas a chéad chuala mar gheall ar Mháirtín Ó Cadhain. Sa bhéaloideas a theangmhaigh mé leis.

An chéad Nollaig sin, sé mhí tar éis na hardteistiméireachta, chrochas Cré na Cille abhaile liom ón leabharlann. Ní raibh tuairim dá laghad agam cad a bhí ann, ach thuigeas go raibh tábhacht leis. Deireadh Seosamh Mac Grianna gur theastaigh uaidh leabhar a scríobh a bhainfeadh an cloigeann den chine daonna; ba dhóbair don leabhar seo an cloigeann a bhaint díomsa.

Ar thuigeas é? Cé a thuigeann fós? Cé a thuigfidh go deo?

Dúirt Tomás de Bhaldraithe liom go léadh sé Cré na Cille ar a laghad uair amháin gach bliain. Ní féidir liom a rá gur dheineas é sin, ach dhein go minic. Ní rud sláintiúil é géilleadh rómhór do shaothar ar bith agus bhí eagla orm nuair a eisíodh na dlúthdhioscaí den leabhar a craoladh i laethanta tosaigh RnaG, dlúthdhioscaí a bhí mar chompánaigh dhíograis sa ghluaisteán agam ar feadh i bhfad, bhí eagla orm go dtosnóinn ag caint ar nós Chaitríona Pháidín nó Tomás Taobh Istigh, nó go bhfóire Dia orainn, an Máistir Mór.

Chuas amach ar na gearrscéalta go luath tar éis na Nollag sin, an chéad bhliain sa choláiste, agus tá siad sin, leis, ina leannáin agam le fada, na cinn dhéanacha go ró-áirithe. Bhí cara liom sa mheánscoil a mhaíodh nár chan Elvis drochamhrán riamh (tá samplaí dá mhalairt agam!), agus is féidir a áiteamh nár scríobh an Cadhnach drochscéal ach an oiread. Cuid níos fearr ná a chéile, is fíor, ach mar sin féin…

Pictiúr: RTÉ

Fear a sheas riamh leis an gcosmhuintir

Bríona Nic Dhiarmada

Nuair a thosaigh mise ar an ollscoil i lár na seachtóidí, bhí Máirtín Ó Cadhain san uaigh le cúig bliana ach bhí a mhacalla fós le clos timpeall Choláiste na Tríonóide is go mórmhór i Scoil na Gaeilge agus i measc na mac léinn sa Chumann Gaelach. Chláraigh mise im’ bhall den gCumann an chéad lá agus imeachtaí ‘Freshers’ Week’ faoi lánseol. Bhí sceitimíní orm. Mise im’ bhall de chumann a bhunaigh Dubhghlas de hÍde! An chéad duine a casadh orm i seomraí an Chumainn ná mac dearthár an Chadhnaigh, Máirtín Óg Ó Cadhain. Bhí sé bliain romham i measc an dornán beag dínn a bhí ag gabháil don tSean-Ghaeilge agus don Nua-Ghaeilge ag an am. Bhíomar le bheith inár gcairde le linn ár dtréimhse sa Tríonóid agus chuir mé aithne ar a mhuintir uilig thar na blianta.

Ba mhór an spreagadh aithne a chur ar leithéid Mháirtín ó bhí an Cadhnach riamh mar laoch agam cé nach raibh focal a scríobh sé léite agam go fóill. An rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm i laethanta m’óige ná a ghníomhaíocht pholaitiúil agus chultúrtha, an tslí ar sheas sé an fód ar son na gcúiseanna ar chreid sé iontu. Fear diongbháilte, fear a sheas riamh leis an gcosmhuintir, fear a ceapadh ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide in ainneoin gur chaith sé blianta i ngéibheann de bharr a Phoblachtánachais agus ná raibh aon taithí acadúil ná na dintiúirí cuí aige seachas, ar ndóigh a cháil mar mhórscríbhneoir próis na Nua-Ghaeilge!

Bhraitheas bródúil go rabhas ag freastal ar a leithéid d’ollscoil. Bhí mé ar tinneall tosnú ag léamh a shaothair. An chéad leabhar dá chuid ar an gcúrsa ná An Braon Broghach. An léachtóir ná bean óg as Conamara, Máire Ní Bháin, a raibh dlúthbhaint aici féin leis an gCadhnach ós é a cheap í.  Le mórchabhair ó nótaí foclóra a chuir Máire ar fáil dúinn, thosaíos ag léamh. Bhíos faoi dhraíocht cé go raibh sé cruaidh, cruaidh le léamh “chomh cruaidh achrannach le clocha Chonamara fhéin” mar a dúirt léirmheastóir amháin. Ach na scéalta, na carachtair, go háirithe na bancharachtair, Mairéad in ‘An Taoille Tuile’, an mháthair in ‘An Bhliain 1912’, Nóra in ‘An Bhearna Mhíl’, Bríd in ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’. Níl puinn maoithneachais le braistint, níl ann ach an fhírinne, bíodh sí lom agus searbh féin. Níor fhág siad riamh mé. Mar a dúirt scríbhneoir mór le rá eile: ‘Maireann a gcuimhne fós i m’aigne/ Is mairfidh cinnte go dté mé i dtalamh.’

Más áil linn é a cheiliúradh léitear é

Cian Ó hÉigeartaigh

Ní fheadar céard a déarfadh an Cadhnach, dá gcloisfeadh sé trí chré na cille i gCnoc Shíoróim go bhfuiltear chun dealbh a thógáil mar ómós dó.  Bhainfeadh sé croitheadh as an gcré, déarfainn.

Ní hé is tábhachtaí dealbh chloiche ná phráis mar ómós don chainteoir agus don scríbhneoir Gaeilge ba bhinne lena linn.  Is í an teanga féin is oidhreacht agus is ómós dó, an fhad a mhaireann sí beo    caint na muintire,  caint Chois Fharraige, ‘caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol orm scaití, de mo bhuíochas’.   Maireann sí fós, cé go gcloisim ar an raidió ailse an Bhéarlachais ag tochailt go tréan inti.

Má tá daoine linn anseo nach bhfuil mórán léite fós acu de shaothar Uí Chadhain  – agus is cinnte go bhfuil –   mholfainn daoibh tosaí  láithreach lena aiste Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (Clóchomhar 1969).  Tá suimiú ann ar bhunús na scéalta, ar an gcúlra béaloideasa agus beathaisnéise, agus thairis sin ar an diansaothar intinne nach mór don scríbhneoir chun barr feabhais a bhaint amach    agus é sin ar fad i bprós a bhrisfeadh do chroí lena áilleacht.

Ní raibh an Cadhnach ach beagán le cois an seasca nuair a cailleadh é.  Dá mairfeadh sé deich mbliana eile, níl amhras orm go mbeadh duais Nobel ar an litríocht bronnta air, mar ba sna blianta sin tar éis a bháis a thosnaigh na coistí liteartha ag tabhairt aird chuí ar scríbhneoirí móra a chleacht teangacha ar bheagán pobail.  Faraor, ní tharlóidh sin,  mar ní bhronntar an duais tar éis bháis     ach tá an saothar ar an tseilf romhainn, agus is tábhachtaí ná duais ná dealbh go mbeadh aird agus tarraingt air ag léitheoirí óga an lae inniu.

AN CADHNACH AGUS MISE: ‘Bhí dáimh ag an scríbhneoir seo linn, ba dhuine againn fhéin é’

Fág freagra ar 'AN CADHNACH AGUS MISE: Más áil linn é a cheiliúradh léitear é'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam dílis.