An buntáiste a bhíonn ag an scríbhneoir a oibríonn tóin ar aghaidh…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus é i mbun eagarthóireachta ar úrscéal shocraigh ár gcolúnaí tosú ag an deireadh agus a bhealach a dhéanamh ar ais i dtreo an túis…

An buntáiste a bhíonn ag an scríbhneoir a oibríonn tóin ar aghaidh…

Tamall ó shin, scríobh mé sa cholún seo gur fiú do scríbhneoir ficsin laethanta ar leith a chur i leataobh mar chuid den phróiseas eagarthóireachta chun snas a chur ar dheireadh scéil agus ar dheireadh gach radhairc. Is é an chaoi nach mbíonn an fuinneamh céanna ag duine ag deireadh babhta eagarthóireachta agus ag an tús (nó ar scála níos lú, ag deireadh lá oibre agus ag a thús) agus ar an gcúis sin bíonn cuma ábhairín mhíshlachtmhar ar an gcuid dheireanach de shliocht téacs go minic.

An mhí seo caite, shocraigh mé beart a dhéanamh de réir mo bhriathair agus le seachtainí beaga anuas tá mé i mbun eagarthóireachta ar an úrscéal atá idir lámha agam ‘droim ar ais’; thosaigh mé ag an deireadh agus tá mo bhealach á dhéanamh siar agam tríd na radharcanna i dtreo an túis.

Ní raibh sé i bhfad nó gur thug mé faoi deara go bhfuil buntáiste mór eile ag baint leis an gcur chuige seo. Ní hamháin go dtugann sé deis do scríbhneoir díriú ar chríoch théacs leis an úire súl agus aigne a bhíonn aige ag tús babhta oibre, ach cuireann sé ar a chumas lochtanna i loighic an scéil atá á insint aige a aimsiú gan stró.

Tá iomrá cloiste agam ar scríbhneoirí nach gcuireann focal ar phár go dtí go mbíonn deireadh an scéil ar eolas acu, ach ní hé sin an cur chuige a bhíonn ag an gcuid is mó againn. Bímid ag streachailt linn ó radharc go radharc, an scéal á nochtadh féin dúinn de réir a chéile, ina ghiotaí beaga agus, go minic, thar thréimhse fhada ama. Ní haon iontas, mar sin, go sleamhnódh fadhbanna leanúnachais agus loighce isteach ann; nach mbeadh ciall, abair, le hiompar carachtair éigin i dtús nó i lár an scéil i bhfianaise iompar an charachtair chéanna ag an deireadh. Tharlódh freisin go mbeadh athrá nó atarlú sa téacs toisc gur tháinig bláth ar mhóitíf éigin de réir mar a bhí an scríbhneoir ag treabhadh leis; sa chás sin is minic gur fearr a éiríonn leis an móitíf i ndeireadh an scéil ach go bhfágfaí ann na chéad iarrachtaí.

An buntáiste a bhíonn ag an scríbhneoir a oibríonn tóin ar aghaidh ná go bhfeiceann sé roimhe go soiléir cad iad na céimeanna sa scéal a theastaíonn chun an deireadh a bhaint amach agus cad iad na céimeanna a gcaithfidh sé fáil réidh leo.

Fág freagra ar 'An buntáiste a bhíonn ag an scríbhneoir a oibríonn tóin ar aghaidh…'