An buille is measa ar fad

Loiteann cuairteoirí gan choinne ar pháirc na himeartha an lá ar an uile dhuine againn gur bhreá linn an pháirc a shiúl lenar laochra le teann mórtais nuair a bhíonn deireadh imeartha.

A Mayo supported is removed from the pitch late in the game 30/8/2014

Cailleadh Mick ‘the Gun’ ag tús na míosa seo.

Ba é Mick ‘the Gun’ Ó Súilleabháin, trócaire air, ó Chill Airne, an chéad duine lem’ linnse ag imirt a thug an léim thar claí teora Pháirc an Chrócaigh isteach. Dhein sé amhlaidh chun paltóg de dhorn a tharrac ar Pháidí Ó Sé le linn chluiche leathcheannais na hÉireann 2003 agus iarrachtaí Chiarraí ag teip agus ag trá i gcoinne Thír Eoghain.

Gníomh neamhchoitianta ab ea é ag an am agus dá réir, tharraing an eachtra idir Mick agus Páidí aird na meán agus tharraing sé droch-chlú ar Mhick bocht ar feadh tréimhse ina diaidh.

Cé go raibh sé ar ais i mbun a chuid oibre mar bhádóir ar Loch Léin an mhaidin tar éis an chluiche, ní ligfeadh an náire dó an eachtra a phlé go ceann tamaill mhaith ina dhiaidh sin.

B’fhéidir go bhfuil athrú sa tsaol ach ba mhór an difríocht a bhí idir Mick ‘the Gun’ agus Mick Barrett, an pleidhce ó Mhaigh Eo a thóg air féin an léim buile a thógaint thar chlaí Pháirc na nGael i ndeireadh mhí Lúnasa agus cluiche athimeartha leathcheannais na hÉireann idir Maigh Eo agus Ciarraí ag teannadh le deireadh.

Ní fada tar éis a ‘ghaisce’ bheith déanta ag an mBaróideach agus tionlacan ón bpáirc imeartha fachta aige ó chúigear nó seisear maor, ná go raibh sé ag seasamh chun go dtógfaí a phictiúr istigh i Supermacs sa chathair i ndiaidh an chluiche. Ba dhóigh le duine go raibh sé ag comhlíonadh tairngreacht Andy Warhol agus é ina réalt ar na meáin shóisialta ar feadh níos mó ná 15 neomat ina dhiaidh sin.

Gearradh tréimhse fionraíochta bliana ar Mick Barrett le déanaí ach arís, níorbh í an fhionraíocht an t-ábhar cainte ba mhó a bhí á thuairisciú ach an méid a bhí le rá ag Barrett féin faoin bhfionraíocht chéanna.

Bhí sé i gceist ag Barrett dúshlán na fionraíochta a thabhairt nó gur tuigeadh dó go raibh sé ródhéanach bheith ag dul i muinín athchomhairc. Go deimhin féin, ní chreideann an t-uasal Barrett fós go bhfuil aon ní bun os cionn lena chuid mí-iompair.

In agallamh a thug sé tar éis don dtréimhse fionraíochta bheith gearrtha air, dúirt sé gurb é an chéad rud a rith leis ná nach dtarlódh a leithéid d’eachtra i bPáirc an Chrócaigh toisc nach scaoilfí in aon ghiorracht de pháirc na himeartha ansiúd é!

Dála an té a dúirt leis an ngarda ná goidfeadh sé turcaí na Nollag murach an turcaí céanna bheith ag beannú dhó agus é crochta bun os cionn ar chliathán dorais an tsiopa!

B’fhéidir, ainneoin an ghrinn agus ainneoin na hasarlaíochta agus na pleidhcíochta, go bhfuil ceist níos leithne le cíoradh anseo – an dearcadh atá againn ina leith siúd nach bhfuil aon chúram orthu ná gnó acu ar pháirc na himeartha, ach iad ag tabhairt faoin bpáirc beag beann ar ghnás ná ar rialacha.

Tugann an dearcadh sin leithscéal nó cúis eile do na húdaráis srian eile fós a chur le hiompar an lucht féachana.

Ar eagla na míthuisceana, ní duine mé atá róthugtha do rialacha dochta daingne. Níl puinn géilleadh agam do chúrsaí sláinte agus sábháilteachta mar a thuigtear do thionscal an árachais na téarmaí sin. Ní raibh aon fháilte agam roinnt blianta ó shin roimh an gcosc ar lucht leanúna ar pháirc na himeartha tar éis cluichí i bPáirc an Chrócaigh agus táim fós ag cáiseamh na laethanta go mbíodh cead a gcinn agus a gcos ag gnáthbhaill CLG ar an bhfód beannaithe sin.

Ní srianta ar mhaithe le srianta atá uaim.

Ach is léir dom anois go ndeineann leithéidí Mick ‘the Gun’ agus Mick Barrett agus an cladhaire úd a thug fogha camáin faoi Paul Galvin i gcluiche ceannais iomána Chiarraí le gairid, ana-dhíobháil go deo don gcluiche, d’íomhá na gcluichí agus thar aon ní eile do sprid agus d’éirim Chumann Lúithchleas Gael nuair a théann siad chun páirce.

Loiteann siad an lá ar an uile dhuine againn gur bhreá linn bualadh lenár laochra agus an pháirc a shiúl leo le teann mórtais agus ceiliúradh nuair a bhíonn deireadh imeartha

Fág freagra ar 'An buille is measa ar fad'