An bua ag taicticí Jimmy McGuinness ar ionsaithe rábacha Miliband

Díol suntais é chomh claonta is a bhíonn nuachtáin na Breataine le linn olltoghcháin agus deir ár gcomhfhreagraí a bhí i Londain do dheireadh an fheachtais nach ndeachaigh siad i gcúl sceiche ag nochtadh a dtuairimí an uair seo ach an oiread

Cuid de nuachtáin na Breataine inné ag cur comhairle vótála ar an bpobal
Cuid de nuachtáin na Breataine inné ag cur comhairle vótála ar an bpobal

B’é an tuairim choitianta i Londain le seachtain anuas ná gur feachtas thar a bheith leamh a bhí in Olltoghchán na Breataine nach ndearna mórán d’iarracht an pobal frí chéile a mhealladh nó a spreagadh. Bhí go leor daoine míshásta, go háirithe leis an drogall a bhí ar Phríomhaire na Breataine dul i ngleic lena chuid naimhde. Dhiúltaigh sé páirt a ghlacadh in aon chomhrac aonair teilifíse le Miliband agus cuireadh ina leith nach raibh sé sásta a thréimhse i mbun rialtais a chosaint.

Ach i ndáiríre, ba léir ón tús gurb í ‘an chosaint’ an phríomhstraitéis a bhí ag na Caomhaigh. Fad is a bhí Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh faitíos a chur ar an toghlach faoi thodhchaí an NHS agus ag greanadh a gcuid polasaithe radacacha i gcloch (ins an bhrí litriúil), bhí David Cameron i mbun ‘pluid-chosaint’ a chuirfeadh náire ar Jimmy McGuinness fiú. Ní raibh aon fhonn air dul ar an ionsaí ar eagla go mbainfeadh na meáin chumarsáide tuisle as mar a tharla do Gordon Brown i 2010 nuair a chuir sé i leith Gillian Duffy sotto voce gur biogóid ab ea í, tar éis dó cuairt a thabhairt ar a teach i Rochdale. Bhí na Caomhaigh ag iarraidh a chinntiú nach dtarlódh a mhacasamhail dá gceannaire siúd an iarraidh seo.

Rinne an páirtí mugadh magadh, mar shampla, de na díospóireachtaí teilifíse trína gcuid rialacha féin a leagan síos ón tús. Bhí siad sásta seasamh lena gcuid polasaithe agus ba faoina gcuid céilí comhraic a bheadh sé iad a bhréagnú. Bhí rath an bheartais toghchánaíochta sin le sonrú bomaití beaga tar éis druid na mbothán vótála nuair a d’fhógair pobalbhreith de chuid an BBC go mbeadh David Cameron ar ais i Sráid Downing.  

‘It’s the Sun Wot Won it’, a d’fhógair an nuachtán tablóideach go caithréimeach faoin bhua gan choinne a bhí ag John Major in olltoghchán na bliana 1992. Bhí sé ag tagairt don cheannlíne cáilliúil a bhí acu ar lá na vótála: “‘If Kinnock wins today, will the last person to leave Britain please turn out the lights’’. Ach an oiread leis an oíche aréir, ba bheag súil a bhí leis an toradh sin ach chomh beag.

Bhí a mhacasamhail de shamhlaíocht ar chéad leathanach The Sun inné. ‘Well Hung’ a dúradh agus pictiúr de dhá liathróid a léirigh go raibh an dá phríomhpháirtí gob ar ghob. Ach ar ndóigh, ó tharla gur The Sun a bhí ann bhí claontagairt ghnéasach i gceist leis: ‘Make sure you vote today to stop labour ballsing up Britain”. Seans gur comhartha ab ea tacaíocht an nuachtán sin do na Caomhaigh gur thuig siad a líonmhaire is a bhí na ‘Tóraithe cúthaileacha’ mar a thugtar ar an chéatadán sin den toghlach nach mbíonn sásta a admháil i bpobalbhreith go bhfuil siad chun vótáil don pháirtí. Óir is maith le The Sun tacú leis an bhuaiteoir i dtólamh (thug siad a mbeannacht do Tony Blair i dtrí thoghchán) agus bhí sé sin le feiceáil an iarraidh seo, go mór mór ins an tacaíocht a léirigh eagrán na hAlban don pháipéar don SNP ina n-eagarfhocal: “This is a Scottish newspaper, produced in Scotland by a Scottish editorial team, fighting for the best interests of our readers. If that means we take a position different to our colleagues down south, then so be it.”

Dhírigh The Daily Mail ar an bhuairt a bhí ar go leor Sasanach go mbeadh tionchar as cuimse ag an SNP ar an rialtas dá gcaithfí vóta ar son Pháirtí an Lucht Oibre. Bhí an baol ann go gcuirfeadh baicle beag náisiúnaithe an borradh atá ag teacht ar an ghéilleagar ó mhaith, dar leo. Bhí sé ríthábhachtach go gcaithfeadh siad siúd a bhí idir dhá chomhaile vótá ‘to keep Red Ed out’.

Mar a bhíothas ag súil leis, thug The Daily Telegraph agus The Times a mbeannacht do na Caomhaigh agus mhol The Economist agus The Evening Standard seasamh leis an rialtas reatha fosta. Chuir tacaíocht The Independent do pháirtí Cameron an-olc ar go leor dá gcuid léitheoirí a shamhlaítear a bheith ar an eite chlé de bheagán. Chuir daoine áirithe an teoiric chun cinn ar Twitter gur ‘non-doms’ iad teaghlach Lebedev, úinéirí an nuachtáin (is é sin nach raibh cónaí sa Bhreatain chun críche cánach) agus go raibh eagla orthu go gcuirfeadh an Lucht Oibre deireadh leis an stádas cánach sin dá dtoghfaí iad.

Den chéad uair ariamh, thug nuachtán sa Bhreatain a dtacaíocht do UKIP. Mhol an Daily Express dá léitheoirí “Vote to keep Britain great.” Cé nár bhain siad mórán suíochán, meastar gur i dtreise a bheas an páirtí ag dul agus reifreann ar an Eoraip le rith i 2017.

Ba cheart a lua fosta gur thug nuachtáin áirithe a dtacaíocht go neamhbhalbh do Ed Miliband agus do Pháirtí an Lucht Oibre, The Guardian agus The Observer go háirithe. ‘Send ‘Em Packing’ ab ea an chomhairle a thug an Daily Mirror dá gcuid léitheoirí inné agus iad ag maíomh go raibh sé in am droim láimhe a thabhairt le polasaithe déine an chomhrialtais. Bhí a mhalairt de phort acu ar maidin, áfach, agus iad ag éileamh ar dhuine eile bailiú leis: ‘Ed Milidband has two choices: resign later today or tomorrow.’

Fág freagra ar 'An bua ag taicticí Jimmy McGuinness ar ionsaithe rábacha Miliband'